Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
8th Floor
Hawkins House
Hawkins St.
Dublin 2
Teileafón: +353 1 6354283
Ríomhphost: info@nacd.ie
Uaireanta Oscailte 9.00rn go 5.00in
 |
|
 |
Staidéar leitheadúlachta ar mhí-úsáid drugaí i measc daoine óga i limistéar bruachbhailteach measctha.
Achoimre Feidhmeannach
Déantar sa staidéar seo na pátrúin
agus treochtaí mí-úsáide drugaí ag
daoine óga 10-17 mbliana d’aois i limistéar Chill
Bharróg a shonrú agus scrúdaítear ann a gcuid
dearcadh ar úsáid drugaí, agus na fachtóirí riosca
a ghabhann lena n-úsáid. Déantar sa staidéar
freisin measúnú ar úsáid drugaí i
measc sampla de luath-fhágóirí scoile agus scrúdaítear
na dearcaidh de bhaill an phobail ar staid na ndrugaí sa limistéar.
Ag léiriú limistéir mheasctha ón taobh sóisialta
de, is tábhachtach an taighde é mar chomhartha ar úsáid
drugaí agus ar dhearcaidh daoine óga ar dhrugaí i
bpobail bhruachbhailteacha cosúil leis timpeall na tíre.
Déantar sraith
moltaí sa tuarascáil – scrúdú ar indéantacht
Tionscadail Phíolótaigh i gCill Bharróg san áireamh
ag tabhairt scoileanna, eagraíochtaí spóirt, grúpaí pobail
agus deonacha i bpáirtíocht leis na gníomhaireachtaí reachtúla,
go háirithe an bord sláinte, chun tabhairt faoi úsáid
drugaí i measc daoine óga. Moltar freisin modhanna éifeachtacha
i leith oideachais drugaí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm go
leanúnach..
 |
| | | | | | | | | | | |
|