|
Ag Coimisiúnú agus ag Bainistiú Taighde
D'oscail an Dr Des Corrigan an cruinniú agus chuir fáilte roimh chomhordnóirí na TDAs agus a gcuid aíonna. Ba iad Mairéad Lyons, Dr. Aileen O’Gorman, CCND, Dr. Jean Long agus Brian Galvin den DMRD agus Patricia O’Connor den NDST na cainteoir í lárnacha ar an lá. Ceisteanna lárnach a scrúdaíodh ar an lá ceisteanna taighde, modhanna, foinsí sonraí, eiticí, Cosc Sonraí, soláthar agus conarthaí. B'í cuspóir an tseimineáir an taithí a ghnóthaigh an CCND thar na cúig bliana seo caite a roinnt sna ceisteanna seo a leanas:
Aiseolas ó RannpháirtitheSan iomlán, cheap na daoine a d'fhreastal ar an seimineár go mbain siad sochar agus eolas as, agus go raibh na bileoga an-chabhrach. Cuireadh an t-eolas i láthair go simplí agus go soiléir, ach ag tarraingt airde ar a lán ceisteanna a d'fhéadfadh teacht chun tosaigh agus taighde á dhéanamh i réimse áirithe. Thug an Dr Aileen O'Gorman frámaíocht thar barr uaithi le tionscadail taighde a fhorbairt uirthi. Thug an Dr Jean Long an luach le córas faire chun suntais agus conas gur féidir an fhaisnéis a úsáid. Dhírigh Mairéad Lyons isteach ar cheisteanna praicticiúla mar sholáthar agus conarthaí. Bhí Ceannasaí an Ionaid Dhoiciméadaithe Náisiúnta ar fáil chun caint le daoine agus léirigh sé conas a leabharlann a rochtain. Dhún Patricia O'Connor ón FSND an seimineár le forléargas ar an gCiste um Riachtanais ag Teacht Chun Cinn. Chuir roinnt daoine
ann suim in iúl i níos mó plé ar cheisteanna
eiticiúla
agus ról an taighde cháilíochtúil i dtimpeallacht
na ndrugaí. Cheap daoine eile go mbeadh níos mó plé ar
phróiseas cinnithe na ceiste taighde úsáideach. Bheadh
grúpaí "brisidh amach" ar na gceisteanna seo an-chabhrach
nó seimineár eile féin chun tabhairt faoi réimsí fadhbacha
taighde.
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||