|
TÁ GÁ LE TUILLEADH ROCHTANA AR SHEIRBHíSí LAGHDÚ DíOBHÁLA D'ÚSÁIDEOIRí DRUGAíDéardaoin 27ú Bealtaine 2004 Sheol an tAire Stáit, an tUasal Noel Ahern, TD, ar a bhfuil freagracht as an Straitéis Náisiúnta Drugaí, tuarascáil nua inniu (Déardaoin 27ú Bealtaine 2004) ón gCoiste Comhairleach Náisiúnta Drugaí (NACD), dar teideal A Review of Harm Reduction Approaches in Ireland and Evidence from the International Literature. Tháinig an tuarascáil ar an tátal go bhfuil scóip as cuimse ann chun leathnú a dhéanamh ar ról na seirbhísí drugaí maidir le tionscnaimh sholúbtha agus fhreagarthacha a sheachadadh chun spriocdhíriú ar úsáid roinnte trealaimh i measc úsáideoirí drugaí. Luann an Tuarascáil chomh maith go bhféadfadh uaire oscailte srianta agus líon teoranta seirbhísí malartaithe snáthaidí cur go hiarbhír le roinnt trealaimh, as a leanann tuilleadh baoil sl áinte. Chinn an tAthbhreithniú agus an taighde a bhí ag gabháil leis, a thug foireann ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath chun críche, go méadaíonn gach bealach riartha drugaí lena gcaitear trealamh a úsáid an baol go scaiptear HIV, Víoras Heipitíteas B agus Víoras Heipitíteas C. Chinn an taighde freisin:
Agus é ag seoladh na Tuarascála, dúirt an tAire Noel Ahern “is cuid thábhachtach de pholasaí drugaí na hÉireann é cur chuige laghdú díobhála agus is léir gur féidir leis cur go suntasach agus go leanúnach le sláinte daoine a bhíonn ag míúsáid drugaí. Tá fáilte mhór roimh an taighde agus an anailís nua seo ón NACD agus bainfear úsáid as mar fhaisnéis d’fhorbairtí polasaí amach anseo sa réimse seo”. Ag labhairt ag seoladh na tuarascála, dúirt an Dr. Des Corrigan, Cathaoirleach NACD “cé gur léir gur aidhm lárnach de chuid Straitéis Náisiúnta Drugaí na hÉireann é an t-éileamh ar dhrugaí a laghdú agus daoine a chosc ó dhrugaí a ghlacadh ar an gcéad dul síos, caithfimid a bheith réalaíoch faoi go bhfuil go leor daoine ag glacadh drugaí agus go bhfuil baol dá sláinte i ndán dóibh dá bharr. De réir mar a athraíonn patrúin úsáide drugaí, bíonn bealaí nua chun drugaí a riar agus roghanna nua drugaí ag teacht chun cinn, caithfimid a bheith níos airí fós faoin tslí a ndéanaimid cumarsáid le húsáideoirí drugaí faoin díobháil dá sláinte a laghdú.” Ag eascairt óna n-anailís ar an taighde, tá an NACD ag déanamh roinnt moltaí don Rialtas, is iad sin:
Deir Mairéad Lyons, Stiúrthóir an NACD, agus í ag trácht ar an tuarascáil “is léir gur chóir go bhféachfadh cláir chuimsitheacha laghdú díobhala le roinnt gach cineál trealaimh tógála drugaí a íoslaghdú mar go bhfuil fianaise láidir ann a léiríonn go bhfuil baint ag trealamh neamh-insteallta, mar spúnóga, steallairí agus coimeádáin uisce, le baol méadaithe galair ar nós HIV agus Hipitíteas C a tholgadh. Nótaí don Eagarthóir
DEIREADH Do thuilleadh eolais, déan teagmháil le do thoil le:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||