|
Le heisiúint: 12 meán lae, Déardaoin, 8 Márta 2007 Deirtear i dTUARASCáIL NUA GO gCAITHFIDH SEIRBHíSí DON LUCHT úSáIDE CóICíN A BHEITH NíOS FEICEáLAí Taispeánann gach táscaire go bhfuil úsáid an chóicín ag leanúint ar aghaidh le bheith ag dul i méad trasna gach cuid den tsochaí agus gach limistéar den tír Dúradh i dtuarascáil nua inniu (Déardaoin, 8 Márta) go gcaithfidh seirbhísí don lucht úsáide cóicín a bheith níos feiceálaí. Agus é ag labhairt ag seoladh An Overview of Cocaine Use in Ireland II, dúirt Cathaoirleach an CCND, Dr Des Corrigan, go léiríonn na táscairí ar fad go bhfuil úsáid an chóicín ag leanúint ar aghaidh le bheith ag dul i méad agus go dtrasnaíonn úsáid seo an chóicín gach cuid de shochaí na hÉireann. Cé gur cinnte go bhfuil an éifeacht á bhrath ar bhonn náisiúnta, áfach, is mó mar atá roinnt pobal thíos leis. Breathnaíonn An Overview of Cocaine Use in Ireland II ar an úsáid chóicín i ndáil lena leitheadúlacht, a chosc agus a chóireáil, chomh maith le hiarmhairtí a úsáidte in Éirinn. An CCND agus Foireann na Straitéise Náisiúnta Drugaí (FSND) a d'ullmhaigh an tuarascáil i gcomhar lena chéile de bhun iarratais ón Rialtas amach in 2005, mar gheall ar an imní faoi fhás na mí-úsáide cóicín i ngach cuid de shochaí na hÉireann. Nochtadh go raibh leitheadúlacht an chóicín ag dul i méad in Éirinnn trí raon táscairí a scrúdú:
Agus é ag labhairt ag seoladh na tuarascála, dúirt Noel Ahern, T.D., Aire le freagracht as an Straitéis Náisiúnta Drugaí, go bhfuil na priacail a bhaineann le húsáid an chóicín iontach ard: “Tá na fadhbanna sláinte fisiciúla agus meabhrach a thagann de bharr úsáid an chóicín scanrúil. Baineann contúirt ar leith leis an gcóicín nuair a ghlactar in éineacht le halcól agus substaintí eile é agus cuireadh na fíorchontúirtí seo a bhaineann lena úsáid chun suntais sa tuarascáil seo". Tharraing an tAire aird ar an bpointe go gcuireann an tuarascáil chun suntais an fhíric gur rud é an úsáid chóicín a bhaineann le daoine fásta óga go príomha agus a théann do dhaoine idir 15 agus 34 den chuid is mó. “Feictear go bhfuil daonra suntasach faoi cheilt ann d'úsáideoirí cóicín a bhaineann úsáid as mar chaitheamh aimsire nach mbreathnaíonn orthu féin mar dhaoine a bhfuil fadhb acu. Is dóigh go dtiocfaidh fadhbanna sláinte chun cinn do go leor díobh seo níos faide ar aghaidh agus tá sé tábhachtach go bhfaighidh an grúpa seo teachtaireachtaí inchreidte atá glan soiléir maidir le sláinte a chur chun cinn agus dochar a laghdú. “Ag an am céanna, caithfimid béim a leagan ar an bhfíric go bhfuil cóireáil ar fáil agus go mbíonn sé éifeachtach. Is léir gur ceann de na dúshláin atá roimh sholáthraithe seirbhíse ná a áiteamh ar an lucht úsáide cóicín leas a bhaint as cóireáil, agus tá uas-scileáil phearsanra, chun freastal ar riachtanais an lucht úsáide cóicín h, tábhachtach freisin," arsa an tAire Ahern. Thug sé le fios fosta go bhfuil tionscnamh oiliúna píolótach maoinithe aige cheana féin maidir leis sin. Treocht eile a cuireadh chun suntais leis an tuarascáil seo, dar le Cathaoirleach an CCND, Dr Des Corrigan, ná go bhfuil go leor fadhb-úsáideoirí hearóine ag glacadh cóicín freisin, agus go bhfuil an úsáid ildrugaí coitianta i measc úsáideoirí drugaí anois. Thug sé le fios go bhfuil sé deacair a dhéanamh amach ag an staid seo an raibh méadú suntasach tagtha ar an mí-úsáid drugaí go náisiúnta. “Tagann na figiúir chuimsitheacha is déanaí dá bhfuil againn maidir le mí-úsáid drugaí ó Shuirbhé uile-oileánda 2002/2003 ar Leitheadúlacht Drugaí. Tá obair allamuigh don dara suirbhhé den sórt sin ar siúl faoi láthair agus cuirfear i gcrích i mí Aibreáin é, agus beidh na chéad tuarascálacha ar fáil san fhómhar". Thug an Dr Corrigan le fios freisin go raibh na torthaí maidir leis an úsáid chóicín sa tuarascáil seo ag teacht go mór leis na treochtaí a aithníodh i dtuarascáil ón CCND in 2003: "An rud a fhágann go bhfuil an tuarascáil seo difriúil le 2003 ná a mhéad faisnéise atá ar fáil dúinn faoi thionchar an chóicín sa phobal. Tá iarmhairtí na úsáide .i. méaduithe géara ar chlampar poiblí, thorann, imeaglú agus fhoréigean ag dul do phobail. Tá na hiarmhairtí ag dul do dhaoine aonair sa mhéid is go gcuireann an úsáid isteach ar chaidrimh phearsanta, go laghdaíonn sé táirgiúlacht, go gcailltear fostaíocht agus ioncam dá barr agus go mbaineann iarmhairtí leis don tsláinte fhisiciúil agus/nó mheabhrach." Mhínigh Dr Corrigan go dtéann na fadhbanna sláinte fisiciúla, arb é úsáid chóicín is cúis leis, don chroí, na scámhóga, don inchinn, na duáin agus don tsrón, agus agus má thógtar cóicín trína ghlacadh isteach sna féitheacha, tagann easpaí, agus téachtáin dá bharr, chomh maith le raon ionfhabhtuithe lena n-áirítear VEID (an Víreas Easpa Imdhíonachta Daonna nó HIV) agus Heipitíteas B agus C. San áireamh leis na fadhbanna sláinte meabhrach tá dúlagar, imní, a bheith suaite, iompar neamhshrianta, paranóia agus ionsaitheacht. Géaraítear éifeachtaí tocsaineacha an chóicín nuair a mheasctar le halcól é. Chuir Patricia O'Connor, Uas., Stiúrthóir FSND, leis sin á rá: "Tá sé ríthábhachtach go mbainfidh lucht déanta polasaithe, soláthraithe seirbhíse, liachleachtóirí ginearálta, lianna comhairleacha ospidéil agus grúpaí pobail úsáid as an bhfaisnéis sa tuarascáil seo chun tuiscint níos fearr a fháil ar thionchar an chóicín ar dhaoine aonair, ar theaghlaigh agus ar phobail. Caithfimid dianiarracht a dhéanamh le seirbhísí a dhéanamh níos feiceálaí agus tarraingtí dóibh siúd a bhféadfadh gá a bheith acu le leas a bhaint astu.” Leanfaidh na Ranna agus Gníomhaireachtaí ábhartha, agus dreamanna eile a bhfuil lámh acu sa phróiseas leis an Straitéis Náisiúnta Drugaí a chur i ngníomh, suas leis an trí mholadh déag sa tuarascáil anois, ag díriú ar an gcóireáil go príomha, ach ag clúdach soláthair, coisc agus taighde freisin. Nótaí don Eagarthóir:
Is é sainordú lárnach na Foirne ná maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar mar a fheidhmítear na Tascfhórsaí Áitiúla/Reigiúnacha ar Dhrugaí. Lena chois sin, tá sé de shainordú ag an bhFoireann (a) comhordú éifeachtach idir Ranna agus gníomhaireachtaí a chinntiú, agus (b) saincheisteanna ó thaobh polasaithe a aithint agus a bhreithniú agus a chinntiú go dtreoraíonn obair na dTascfhórsaí Áitiúla/Reigiúnacha ar Dhrugaí agus ceachtanna uathu polasaithe, trí chomhchruinnithe leis an IDG (Tagairt: 3.6.5 Lch. 121, Gníomh 85: Straitéis Náisiúnta Drugaí). Téarmaí tagartha FSND, faoi mar a sainmhíníodh sa SND (Tagairt: lch. 121 gníomh 85) LE hAGHAIDH TUILLEADH FAISNÉISE, TÉIGH I dTEAGMHÁIL LE: David Burke, Montague Communications, 01
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||