Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí
Faoin gCCND
Clár Oibre
Nuacht agus Imeachtaí
Foilseacháin
DVD
Gníomhaíochtaí Taighde
Maoiniú Taighde
Aigneachtaí
Naisc
FOI
 
Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
8th Floor
Hawkins House
Hawkins St.
Dublin 2

Teileafón: +353 1 6354283
Ríomhphost: info@nacd.ie

Uaireanta Oscailte
9.00rn go 5.00in

National Development Plan
Baile Teagmhálacha Mapa Suímh Cuardach Bearla
  Prevention, Consequences, Prevalence, Treatment, Rehabilitation ..
 Tá tú anseo:   Baile > Nuacht agus Imeachtaí > Preaseisiúintí

Le heisiúint: 12 meán lae, Dé Céadaoin, 4 Aibreán 2007 

LÍONRA NÁISIÚNTA TACAÍOCHTA TEAGHLAIGH MOLTA DÓIBH SIÚD ATÁ THÍOS LEIS AN ÚSÁID DRUGAÍ

Moltar i dtuarascáil nua ón gCoiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí (CCND) go mbunófar líonra náisiúnta de ghrúpaí tacaíochta teaghlaigh chun cabhrú le teaghlaigh úsáideoirí hearóine. Sheol Noel Ahern, T.D., Aire Stáit le freagracht as an Straitéis Náisiúnta Drugaí an tuarascáil, dar teideal –The Experiences of Families Seeking Support in Coping with Heroin Use inniu  (Dé Céadaoin, 4 Aibreán).

Agus é ag seoladh na tuarascála, dúirt an tAire Ahern go bhfuil tacaíocht ag teastáil ó theaghlaigh fhadhb-úsáideoirí drugaí agus go bhfuil an tacaíocht sin tuillte acu agus iad ag déileáil leis na fadhbanna a bhíonn rompu. Dúirt an tAire go léirítear tiomantas an Rialtais maidir leis sin i nGníomh 108 den Straitéis Náisiúnta Drugaí, a cuireadh leis an Straitéis de bhun Athbhreithnithe Lárthéarma in 2005. Thairis sin, thug sé le fios gurb eol dó go bhfuil togra, le haghaidh líonra leathan de ghrúpaí tacaíochta teaghlaigh a bhunú, curtha faoi bhráid Fhoireann na Straitéise Náisiúnta Drugaí agus go mbreithneoidh sé aon togra den sórt sin nuair a thagann sé chuige.

“Is féidir an poitéinseal a bheith ag teaghlaigh fhadhb-úsáideoirí drugaí le bheith ina gcuid bhuntábhachtach den iarracht athshlánúcháin. Ní bhíonn páirt leordhóthaineach acu i gcónaí, áfach, i gcóireáil/athshlánúchán ball
 den teaghlach. Toisc go gcónaíonn go leor fadhb-úsaideoirí drugaí i dteach an teaghlaigh ach go háirithe, airím gur chóir go mbreathnófaí ar theaghlaigh mar chomhpháirtithe i dtromlach na gcás agus go mbeidís páirteach go lárnach sa phróiseas téarnaimh", arsa an tAire Ahern. Lean  sé ar aghaidh chun an  obair atá á déanamh ag tionscadail, a dtacaíonn na Tascfhórsaí Áitiúla agus Réigiúnacha ar Dhrugaí leo agus arb é an teaghlach a bhfócas, a aithint trí  mhaoiniúchán a sholáthraíonn sé dóibh tríd an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta,  ar a n-áirítear Ciste úrnua na Riachtanas atá ag Teacht chun Cinn.

Tá torthaí buntábhachtacha na tuarascála mar seo a leanas:

  • Chuir easpa faisnéise agus feasachta na dteaghlach bac orthu a aithint go bhfuil fadhb ó thaobh drugaí ann, ach oiread lena ngá le gníomhú le haghaidh a thabhairt air go luath sa scéal agus fadhb úsáide drugaí ag duine den teaghlach; 
  • Nuair a tuigeadh dóibh go raibh fadhb ann, is minic a chuir an t-easpa faisnéise seo, in éineacht le náire a bhrath, bac ar theaghlaigh an gá le tacaíocht sheachtrach, a aithint, rud a d'fhág gur fhéach siad le déileáil leis an bhfadhb iad féin;
  • Nuair a thosaigh siad ag lorg tacaíochta ó ghníomhaireachtaí lasmuigh, is minic go ndeachaigh teaghlaigh chuig gníomhaireachtaí nó soláthraithe ar dtús nár shainghníomhaireachtaí nó soláthraithe iad;
  • Nuair a chuaigh siad i dteagmháil leis na sainseirbhísí ar deireadh, d'fhág an t-easpa leanúnach faisnéise, an iliomad gníomhaireachtaí neamhspleácha agus an t-easpa comhtháthaithe trasna na ngníomhaireachtaí seo gur chuir an tasc ó thaobh sainchúram a lorg agus a bheith ag idirghníomhú leis na sainghníomhaireachtaí le hualach an chúraim ar theaghlaigh uaireanta, seachas é a mhaolú, rudaí a bhí ina n-údar lena thuilleadh moilleanna fad is  a chuaigh an fhadhbúsáid drugaí a bhí ar siúl ag an duine dá theaghlach in olcas; 
  • Níor athraigh an bhail seo ar chúrsaí do theaghlaigh ach nuair a thosaigh siad ag foghlaim faoi thréithe na faidhbe a bhí idir lámha acu, faoi bhealaí níos éifeachtaí agus níos straitéisí le fadhb na húsáide hearóine a láimhseáil  agus faoina ngá le díriú ar a bhfolláine féin ag am céanna;
  • Tá an claonadh ann gan dóthain aitheantais a thabhairt do ról an teaghlaigh laistigh den chóras cóireála maidir le bheith ag tacú leis an téarnamh agus don ról a d’fhéadfadh an teaghlach a imirt le hobair na n-ionad cóireála a atreisiú;
  • Nuair a réitíodh an fhadhb hearóine féin, ba mhinic a fuair teaghlaigh amach go raibh orthu déileáil leis na himpleachtaí fadtéarmacha iad féin (lena n-áirítear clann clainne a thógáil, ag tabhairt aire do leanaí a bhfuil Víreas Easpa Imdhíonachta Daonna nó HIV agus Heipitíteas C orthu, an faitíos go n-athiompóidh an duine ar dhrugaí, saincheisteanna ó thaobh dífhostaíochta agus fadhbanna éagsúla eile ar féidir a cheangal le hiar-fhadhbúsáideoirí drugaí; agus  
  • Mar nóta  dearfach áfach,  fuair go leor  ball  teaghlaigh an t-am agus an fuinneamh le húsáid a bhaint as an saineolas a bhí faighte acu in imeacht na mblianta le rud éigin a thabhairt ar ais dá bpobail trí pháirt a ghlacadh i ngrúpaí piarstiúrtha tacaíochta teaghlaigh.

Bunaithe ar na torthaí buntábhachtacha thuas, aithníonn an tuarascáil  seacht gcéim sa phróiseas a dtéann teaghlaigh tríd de ghnáth agus iad ag plé  agus ag déileáil le  húsáid hearóine: 1) mearbhall, aineolas agus á shéanadh; 2) ag déileáil leis  ina n-aonar; 3) ag lorg cúnaimh le teann éadóchais; 4) foghlaim faoi  thacaíocht; 5) an teaghlach a tharraingt ar ais; 6) tacú le hathshlánúchán;  7) ag cabhrú. Téann an teaghlach tríd na céimeanna seo mar íospartach, mar chúramóir agus mar ghníomhaí  téarnaimh. 

Dúirt Dr Des Corrigan, Cathaoirleach an CCND, “in aineoinn a fhorleithne is a bhí an taighde, is údar iontais a mhéid is a bhí na torthaí ag teacht lena chéile. Cuireadh agallaimh ar theaghlaigh as limistéir uirbeacha, fo-uirbeacha  agus tuaithe don staidéar agus bhí eispéiris chomhchosúla acu ar fad chomh maith le heispéiris ilchineálacha. Cé go mbíonn na fadhbanna a mbíonn teaghlaigh úsáideoirí hearóine in Éirinn thíos leo cosúil leo siúd a aithníodh sa taighde idirnáisiúnta -  sláinte, airgeadas,   coimhlint nó deacrachtaí sóisialta agus teaghlaigh - bíonn an bealach a d’idirghníomhaigh siad leis an bhfadhb difriúil. Léiríonn sé seo ár gcultúr,  infhaighteacht  agus rochtain   sheirbhísí a bhíonn scaoilte  sách minic". 

Mhínigh Mairéad Lyons, Stiúrthóir an CCND, go bhfuil na moltaí seo a leanas déanta ag an gCCND chun déileáil leis na saincheisteanna a tarraingíodh anuas sa tuarascáil:

  • Ról an teaghlaigh  i  gcóireáil, in athshlánúchán agus i dtéarnamh a áireamh mar ní luachmhar 
  • Caithfear riachtanais na dteaghlach mar íospartaigh, chúramóirí agus ghníomhairí  chun athraithe a aithint agus seirbhísí /sain-idirghabhálacha cuí a sholáthar 
  • Ba chóir go mbeadh faisnéis faoi raon na seirbhísí tacaíochta, conas déileáil leis an  scéal srl., a bheith ar fáil do gach teaghlach atá thíos le saincheisteanna drugaí. Lena chois sin, ba chóir go mbeadh teaghlaigh nasctha le hoibrí buntábhachtach agus
  • Comhlacht náisiúnta a bhunú do líonraí tacaíochta teaghlaigh agus do ghrúpaí tacaíochta teaghlaigh agus maoirseacht a dhéanamh ar an scothchleachtas maidir leis sin.

 Nótaí don Eagarthóir:

Faoin gCCND

Bunaíodh an CCND i mí Iúil 2000 chun comhairle a thabhairt don Rialtas i ndáil le leitheadúlacht, cosc, cóireáil / athshlánúchán agus iarmhairtí na fadhb-úsáide drugaí in Éirinn, bunaithe ar an anailís ar thorthaí taighde agus ar fhaisnéis a bhíonn ar fáil dó. Tá maoirseacht á déanamh ag an gCCND ar an bpróiseas le clár saothair a sheachadadh maidir le fairsinge, tréithe, cúiseanna agus éifeachtaí na húsáide drugaí in Éirinn. Tá an CCND comhdhéanta d’ionadaithe arna n-ainmniú ó ghníomhaireachtaí agus earnálacha ábhartha, idir reachtúil agus neamhreachtúil. Tuairiscíonn an CCND don Aire Stáit atá freagrach as an Straitéis  Náisiúnta Drugaí. Tá roinnt mhaith tuarascálacha foilsithe ag an gCCND, atá ar fáil ar an suíomh idirlín. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ón suíomh idirlín: www.nacd.ie.

Faoin Staidéar

An Dr Carmel Duggan a rinne an staidéar lenar baineadh úsáid as modheolaíocht cháilíochtúil agus lenar cuireadh agallamh ar 30 teaghlach le cois agallamh le  dara duine den teaghlach i seacht gcás. Mná ab ea fiche duine den 37 agallaí. Thángthas ar na teaghlaigh trí ghrúpaí tacaíochta teaghlaigh i ngach limistéar chomh maith le seirbhísí reachtúla i limistéar amháin. Rinneadh an obair allamuigh idir Lúnasa agus Samhain 2005. Bhí go leor de na teaghlaigh ag déileáil le  húsáid hearóine sa teaghlach le roinnt mhaith blianta, ach is le déanaí a bhí taithí ag teaghlaigh eile air: 

  • Thosaigh fadhb deich dteaghlach breis is 15 bliana ó shin
  • Thosaigh fadhb  ceithre teaghlach 10-15 bliana ó shin
  • Thosaigh fadhb  sé theaghlach 5-10 bliana ó shin
  • Thosaigh fadhb deich dteaghlach le 5 bliana anuas

Roghnaíodh trí limistéar chun faisnéis a sholáthar faoin scéal trí pheirspictíocht  uirbeach,    fo-uirbeach e  agus  tuaithe. Limistéar lár chathair Bhaile Átha Cliath a bhí i gceist leis an limstéar uirbeach, a chlúdaigh trí chomharsanacht a raibh úsáid na hearóine comhchruinnithe ann le fada. Chlúdaigh an limistéár fobhaile roinnt comharsanachtaí ar imeall Bhaile Átha Cliath a thrasnaigh dhá chontae mar a bhfuil úsáid na hearóine forleathan agus ag tarlú le fada an lá. Bhí roinnt bailte móra faoin tuath san áireamh sa tríú limistéar chomh maith lena gcúlchríocha tuaithe agus leath-tuaithe nach raibh leibhéil shuntasacha den fhadhbúsáid drugaí ag dul dóibh ach le déanaí. 

LE hAGHAIDH TUILLEADH FAISNÉISE, TÉIGH I dTEAGMHÁIL LE:
Pat Montague, Montague Communications, 01-8303116 nó 087-2549123
David Gibney, Montague Communications,

 

Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí
Baile | Teagmhálacha | Mapa suímh | Cuardach | Faoin gCCND | Nuacht agus Imeachtaí | Foilseacháin | Gníomhaíochtaí Taighde| Clár Oibre | Maoiniú Taighde | Naisc