|
Le heisiúint: 11am, Déardaoin, 26 Aibreán 2007 TAISPEÁNANN TAIGHDE NUA GO LAGHDAÍONN CÓIREÁIL MHEATADÓIN AN ÚSÁID DRUGAÍ AGUS RANNPHÁIRTEACHAS SA CHOIREACHT Taispeánann taighde nua a foilsíodh inniu (Déardaoin, 26 Aibreán) go ndéanann rannpháirteachas leanúnach i gclár meatadóin úsáid drugaí duine agus a rannpháirteachas sa choireacht éadála a laghdú go substaintiúil. Dr Catherine Comiskey agus Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, a rinne an taighde, a foilsíodh in ROSIE (Research Outcome Study in Ireland Evaluating drug treatment effectiveness) Findings 4 agus choimisiúnaigh an Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí (CCND) an taighde in 2002 mar chuid de Ghníomh 99 den Straitéis Náisiúnta Drugaí Agus é ag labhairt ag an seoladh, dúirt Noel Ahern T.D., Aire Stáit le freagracht as an Straitéis Náisiúnta Drugaí gur: “Léiriú soiléir is ea na torthaí seo go mbíonn eilimintí cóireála na Straitéise Náisiúnta Drugaí éifeachtach agus go dtagann laghduithe substaintiúla ar an úsáid drugaí dá mbarr. Taispeánann na torthaí go bhfuil ag éirí le hiarrachtaí le daoine a choinneáil i mbun cóireála, gan ach 12% tar éis imeacht ón gcóireáil tar éis bliain amháin." (lean 79% ar aghaidh i mbun na cóireála meatadóin, chuir 3% an chóireáil i gcrích, d'aistrigh 6% chuig cóireálacha eile agus d’imigh 12% ón gcóireáil). Lean an tAire Ahern ar aghaidh "Is mór an t-údar misnigh na laghduithe substaintiúla i gcaitheamh drugaí, go háirithe an méid hearóine a chaitear, in éineacht leis an laghdú substaintiúil a tuairiscíodh ar an rannpháirteachas sa choireacht acu siúd atá i mbun na cóireála meatadóin. Tá faoin Rialtas cur leis na torthaí dearfacha seo trí fhócas níos mó ar athshlánúchán a leanfaidh l ar aghaidh, faoi mar a leagadh amach i dTuarascáil na Meithle um Athshlánúchán ó Dhrugaí, a fhoilseofar go luath." Tugann ROSIE Findings 4 le fios gur thaispeáin rannpháirtithe i gcláir chóireála meatadóin laghdú ar úsáid spriocdhrugaí buntábhachtacha amhail hearóin, cóicín, meatadóin nach bhfuarthas ar oideas agus beinsidé-asaipíní – le laghdú i gcaitheamh hearóine ó 84% tráth a glacadh daoine isteach i gclár cóireála go dtí 53% tar éis bliain amháin. Bhí laghdú ann freisin ar chéatadán na rannpháirtithe a thuairiscigh go raibh siad rannpháirteach sa choireacht éadála, ó 28% % tráth a glacadh daoine isteach i gclár cóireála go dtí 15% tar éis bliana amháin. Tá rannpháirtithe a thuairiscigh gadaíocht, earraí goidte a láimhseáil agus sireadh san áireamh leis seo. Agus é ag caint faoin bhfíric go raibh 79% de rannpháirtithe bunaidh an staidéir fós i mbun cóireála ag céim leanta ar aghaidh aon bhliana, dúirt Dr Des Corrigan, Cathaoirleach an CCND, go bhfuil na rátaí coinneála sa staidéar seo níos airde ná i staidéir inchomparáide. “Mar shampla sa Ríocht Aontaithe, coinníodh díreach os cionn 50% de dhaoine i gcóireáil mheatadóin tar éis bliain amháin, agus san Astrail ní raibh ach 44% fós cláraithe i gcláir mheatadóin céim leanta ar aghaidh aon bhliana. Is é ár ndearcadh gurb é an fachtóir criticiúil a bhíonn i gceist leis na rátaí coinneála arda seo a bhaint amach ná go mbíonn seirbhísí in Éirinn ar fáil go háitiúil." I measc torthaí buntábhachtacha eile ó ROSIE 4 bhí:
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, téigh i dteagmháil le Pat Montague (087 2549123)/ Dave Gibney (087 7992480) ag Montague Communications, teil. 01 8303116. Nótaí don Eagarthóir:
Modheolaíocht an Taighde:
Tagraíonn an choireacht éadála do gach cineál gadaíochta, calaois agus d’earraí goidte a bheith á láimhseáil agus ní bhíonn díol/soláthar drugaí nó sireadh san áireamh leis.
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||