|
SURVEY FINDS THAT 11% OF THE POPULATION HAVE TAKEN SEDATIVES AND TRANQUILLISERSEisiúint Nuachta: Déardaoin, 26ú Márta, 2009 Tugann suirbhé le fios gur thóg 11% den daonra támhacháin agus suaimhneasáin am éigin.Dúirt naoi faoin gcéad den daonra gur thóg siad frithdhúlagráin Fuair suirbhé mór, a d’fhoilsigh an Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí (CCND) inniu (26ú Márta), gur thóg 11% den daonra támhacháin agus suaimhneasáin am éigin ina saolta, agus gur thóg 9% de fhreagróirí frithdhúlagráin tráth. Léiríonn na torthaí chomh maith, cé go bhfuair 89% de na húsáideoirí reatha a gcuid támhachán agus suaimhneasán ar oideas ón bpoitigéir, fuair 11% de na daoine a úsáideann cógais ar oideas gan oideas a bheith acu iad. Tá na torthaí seo i measc na bpríomhthorthaí atá i bhFeasachán 6: Úsáid Drugaí in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann 2006/2007 Suirbhé Leitheadúlachta Drugaí: Torthaí maidir le támhacháin nó suaimhneasán, agus Frithdhúlagráin. Déanann an feasachán iniúchadh ar an aois a raibh an duine nuair a bhain siad úsáid as an druga den chéad uair, cé chomh minic is a úsáidtear iad, conas a thógtar iad, conas a fhaightear iad agus próifíl an ghnáthúsáideora támhachán, suaimhneasán nó frithdhúlagrán. Léiríonn an feasachán úsáid ar bhonn saoil (úsáidte riamh), anuraidh (úsáidte le déanaí) agus an mhí seo caite (úsáid reatha). Is é seo an Dara Suirbhé um Leitheadúlacht Drugaí, ag leanúint ón gceann arna choimisiúnú in 2002/3 ag an CCND in Éirinn agus ag an mBrainse Faisnéise agus Taighde ar Shláinte Phoiblí (PHIRB) i dTuaisceart Éireann. Chuir an tAire Stáit atá freagrach as an Straitéis Náisiúnta Drugaí, John Curran T.D., in iúl go raibh sé lánsásta leis an tuarascáil agus dúirt sé go léiríonn sí an gá le díriú ar dhrugaí dleathacha chomh maith le drugaí mídhleathacha agus fadhbanna foriomlána na mí-úsáide substaintí in Éirinn á bplé. Ag labhairt dó ar na figiúirí, dúirt Cathaoirleach an CCND, An Dr Des Corrigan, go bhfuair an tuarascáil go raibh baint idir inscne agus táscairí éagsúla ar dhíothacht agus rátaí leitheadúlachta níos airde. ‘Léiríonn na torthaí go bhfuil baint idir spleáchas fadtéarmach ar an stát, easpa fostaíochta íoctha agus leibhéil níos ísle oideachais agus rátaí leitheadúlachta níos airde. Fuarthas sa tuarascáil chomh maith go bhfuil seans níos mó ann go n-úsáidfidh mná támhacháin, suaimhneasáin, agus frithdhúlagráin ná fir, thuairiscigh 6% de mhná gur úsáid siad le bliain anuas iad i gcomparáid le 4% d’fhir agus thuairiscigh 13% de mhná gur úsáid siad uair éigin ina saolta iad i gcomparáid le 8% d’fhir. Dá bhrí sin, ceapann an CCND go bhfuil ró-ordú ‘benodiazepines’ (BZD) i measc ghrúpaí leochaileacha faoi mhíbhuntáiste, go háirithe, daoine atá spleách ar óipiam agus mná, ina shaincheist mhór. Ábhar imní eile a thagann chun cinn ón tuarascáil ná saincheisteanna maidir le mí-úsáid cógas áirithe nár chóir a fháil ach ar oideas, ar nós támhacháin agus suaimhneasáin/BZD. Léirigh an staidéar, maidir leis na daoine a bhain úsáid as támhacháin agus suaimhneasáin, go bhfuair 7% díobh ó dhuine éigin a raibh aithne acu orthu iad agus gur cheannaigh 2% díobh ó phoitigéir gan oideas iad. Molann an CCND go ndéanfar na torthaí seo a phlé le Cumann Cógaiseoirí na hÉireann toisc gurb é an rialtóir cógaslanna agus go dtabharfar na torthaí iomlána san Fheasachán faoi bhráid Bhord Leigheasra na hÉireann (BLÉ) mar an údarás inniúil ar Tháirgí Míochaine in Éirinn. Dúirt an Dr. Corrigan chomh maith go bhfuil sé riachtanach go leanfar leis an gcineál seo suirbhé a dhéanamh chun treochtaí le himeacht ama a fheiceáil. Ní féidir a leithéid de shuirbhéanna ar dhaonra ginearálta, a thugann ‘alaghraf in am’ ar céard atá ag tarlú maidir le húsáid drugaí i saolta ghnáth-theaghlaigh, a dhéanamh ach gach ceithre bliana nó mar sin go réalaíoch. Idir an dá linn, dúirt sé go mbeidh an CCND ag moladh go gcuirfí Córas Monatóireachta ar Threochtaí Drugaí i bhfeidhm mar chuid dá aighneacht chuig an nGrúpa Stiúrtha don athbhreithniú ar an Straitéis Náisiúnta Drugaí. San áireamh ar phríomhthorthaí na tuarascála:
Faisnéis bhreise Nótaí don Eagarthóir: Modheolaíocht an tSuirbhé Ghlac iomlán de 6,969 duine idir aois 15-64 páirt sa suirbhé ar oileán na hÉireann (4,967 in Éirinn agus 2,002 i dTuaisceart Éireann) idir Deireadh Fómhair 2006 agus Bealtaine 2007. Fuarthas ráta freagartha de 65% in Éirinn agus 62% i dTuaisceart Éireann. Ag baint úsáide as na sonraí daonáirimh is déanaí, rinneadh ualú ar an suirbhé de réir inscne, aoise agus iar-Cheantair Boird Sláinte in Éirinn le bheith comhionann leis na ceantair reatha na dTascfhórsaí Drugaí Réigiúnacha chun an úsáid is mó is féidir a bhaint as a n-ionadaíocht ar an daonra ginearálta. Rinneadh an suirbhé de réir na gcaighdeán dianiarrthach arna leagadh amach ag EMCDDA, gníomhaireacht drugaí an AE. Baineadh úsáid as an modheolaíocht chéanna a úsáideadh in 2002/3 agus is í an difríocht amháin a bhí ann ná gur úsáideadh Agallóireacht Phearsanta Ríomhchuidithe (CAPI) ar an ócáid seo in ionad agallaimh le peann agus páipéir. Tá sé seo níos éifeachtaí ó thaobh costais de agus tugann sé rialú cáilíochta níos airde ar shonraí. Tá na hathruithe suntasacha ó thaobh staitisticí de ag leibhéal 5% ar a laghad tuairiscithe i rannóg na gcomparáidí do gach dlínse agus gach tréimhse ama le haghaidh úsáide (saol ar fad, anuraidh agus an mhí seo caite).
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||