Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí
Faoin gCCND
Clár Oibre
Nuacht agus Imeachtaí
Foilseacháin
DVD
Gníomhaíochtaí Taighde
Maoiniú Taighde
Aigneachtaí
Naisc
FOI
 
Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
8th Floor
Hawkins House
Hawkins St.
Dublin 2

Teileafón: +353 1 6354283
Ríomhphost: info@nacd.ie

Uaireanta Oscailte
9.00rn go 5.00in

National Development Plan
Baile Teagmhálacha Mapa Suímh Cuardach Bearla
  Prevention, Consequences, Prevalence, Treatment, Rehabilitation ..
 Tá tú anseo:   Baile > Nuacht agus Imeachtaí > Preaseisiúintí

TAIGHDE SEOLTA AR LEITHEADÚLACHT DRUGAÍ I LIMISTÉIR NA dTASCFHÓRSAÍ RÉIGIÚNACHA AR DHRUGAÍ

Arna eisiúint ag an gCoiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí
Preasráiteas: Dé Céadaoin Meitheamh 25, 2008.

TAIGHDE SEOLTA AR LEITHEADÚLACHT DRUGAÍ I LIMISTÉIR NA dTASCFHÓRSAÍ RÉIGIÚNACHA AR DHRUGAÍ

D’eisigh an tAire Stáit le freagracht as an Straitéis Náisiúnta Drugaí, John Curran TD, torthaí breise inniu (Dé Céadaoin, 25 Meitheamh) ón Suirbhé Náisiúnta ar Leitheadúlacht Drugaí in Éirinn 2006/7 arna anailísiú de réir limistéir an Tascfhórsa Réigiúnaigh ar Dhrugaí (TFRD). 

Soláthraíonn an fhaisnéis atá i mBullaitín 2, Úsáid Drugaí in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann 2006/2007: Suirbhé ar Leitheadúlacht Drugaí: Torthaí na dTascfhórsaí Réigiúnacha ar Dhrugaí (Éire) agus an Bhoird Sláinte agus Seirbhísí Sóisialta (Tuaisceart Éireann),miondealú de réir réigiúin ar na rátaí leitheadúlachta maidir le húsáid gach druga mhídhleathaigh,  tobac, alcól, támhacháin, suaimhneasáin, frithdhúlagráin agus stéaróidigh anabalacha.

Is ón dara Suirbhé ar Leitheadúlacht Drugaí sa Bhaile é an Bullaitín seo, agus tagann sé i ndiaidh píosa taighde cosúil leis a choimisiúnaigh an Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí (CCND) in Éirinn agus an Brainse Faisnéise agus Taighde um Shláinte Phoiblí den Roinn Sláinte Seirbhísí Sóisialta agus Sábháilteachta Poiblí i dTuaisceart Éireann in 2002/3. 

Ag labhairt dó agus na figiúir réigiúnacha á n-eisiúint, d’fháiltigh  an tAire Curran roimh  an mBullaitín, á rá gur sholáthair an suirbhé faisnéis an-luachmhar don Rialtas maidir leis an leitheadúlacht drugaí ar fud na tíre, agus gur chuir sé na hathruithe a tharla ó rinneadh an chéad suirbhé dá shórt in 2002/3 chun suntais freisin.

“Cuirtear chun suntais sa tuairisc gur tháinig méaduithe suntasacha ar an úsáid ar bhonn saoil ó thaobh drugaí mídhleathacha i measc na ndaoine fásta uile idir 15-64 bliana d'aois i limistéir TFRD an Chósta Thoir, Lár na Tíre agus an Iarthair. Údar dóchais áfach gur tháinig laghduithe ar an úsáid ar bhonn saoil ó thaobh amfataimíní agus dé-eitiolaimid aigéid líseirgigh nó LSD i dTFRD an Iardheiscirt agus ar an úsáid ar bhonn saoil ó thaobh an alcóil i dTFRD an Deiscirt. 

“Dearbhaítear leis an suirbhé seo gur fadhb í úsáid na ndrugaí mídhleathacha a bhaineann leis an tír ar fad agus cuirtear chun suntais leis go bhfuil diongbháilteacht bhuan ag teastáil chun dul i ngleic leis an bhfadhb sna blianta atá amach romhainn,” arsa an tAire Curann, agus chuir sé leis á rá "go mbeidh na sonraí an-úsáideach i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Straitéis Náisiúnta Drugaí 2001-2008 atá ar siúl faoi láthair agus san obair le straitéis nua maidir le drugaí a ullmhú don tréimhse 2009-2016.”

Agus na torthaí á gcur i láthair aici, dúirt Stiúrthóir an CCND, Máiréad Lyons:

  • Go raibh na rátaí ó thaobh na húsáide ar bhonn saoil éagsúil trasna limistéir na dTFRD maidir le haon drugaí mídhleathacha  - idir 38% i dTFRD an Chósta Thoir agus chomh híseal le 14% i dTFRD an Iarthuaiscirt.
  • Ba é cannabas an druga mídhleathach ba choitianta a úsáideadh i ngach limistéar TFRD trasna gach tréimhse ama.
  • Go raibh rátaí leitheadúlachta le haghaidh gach druga mídhleathach eile cuid mhaith níba ísle ná na rátaí ó thaobh na húsáide cannabais i ngach limistéar TFRD.
  • Ar an meán, is é cócaon   an 4ú druga is coitianta a úsáidtear i limistéir TFRD tar éis cannabais (1ú), beacán draíochta (2ú) agus eacstaise (3ú) ó thaobh na húsáide ar bhonn saoil. 
  • Tagann cócaon ,  ar an meán, sa dara háit i ndiaidh cannabais ó thaobh na húsáide le bliain anuas, agus tagann eacstais ina dhiaidh (3ú) agus beacáin draíochta ina dhiaidh sin (4ú).
  • Bhí próifíl na n-úsáideoirí drugaí mídhleathacha  mar an gcéanna i limistéir trasna na dTFRDaí: úsáideann níos mó fir ná mná agus níos mó daoine fásta óga ná daoine fásta breacaosta drugaí mídhleathacha.
  • Bhí sé de chlaonadh sna rátaí a bheith níba airde i réigiún an Oirthir agus an Deiscirt den tír ó Lú go Corcaigh.

Faoi mar a bheifí  ag súil leis, chonacthas arduithe ar an úsáid ar bhonn saoil ó rinneadh an suirbhé roimhe seo in 2002/3 trasna raon  drugaí mídhleathacha i measc na ndaoine fásta uile idir 15 agus 64 bliana d'aois lena n-áirítear:

  • Tháinig ardú suntasach ar an úsáid ar bhonn saoil a baineadh as cócaon   i 5 limistéar TFRD.
  • Tháinig ardú suntasach ar an úsáid ar bhonn saoil a baineadh as beacáin draíochta i 3 limistéar TFRD.

Arduithe ó 2002/3 (a bhí suntasach ó thaobh staitisticí)

  • TFRD an Iarthair, úsáid ar bhonn saoil ó thaobh aon druga mídhleathach: ó 12.5% in 2002/3 go 23.3% in 2006/7.  
  • TFRD an Iarthair, úsáid ar bhonn saoil ó thaobh cannabais: ó 12.0% 2002/3 go 21.0% in 2006/7. 

Arduithe ó 2002/3 (a bhí suntasach ó thaobh staitisticí)

  • TFRD an Chósta Thoir, aon druga mídhleathach a úsáid le bliain anuas: ó 6.3% in 2002/3 go 12.4% in 2006/7.
  • TFRD an Chósta Thoir, cannabas a úsáid le bliain anuas: ó 6.1% in 2002/3 go 11.3% in 2006/7.

Chonacthas laghduithe i roinnt limistéar ó 2002/3 a bhí suntasach ó thaobh staitisticí:

  • Úsáid ar bhonn saoil – amfataimíní, dé-eitiolaimid aigéid líseirgigh nó LSD agus tobac i limistéar TFRD an Iardheiscirt. 
  • Úsáid ar bhonn saoil – alcól i limistéar TFRD an Deiscirt. Bhí laghdú sa TFRD seo ó thaobh na húsáide alcóil le mí anuas i measc na mban freisin.

Tá tuilleadh anailíse ar na sonraí ar siúl go leanúnach agus soláthróidh bullaitíní atá le teacht maidir le  cannabas  agus cócaon   mionsonraí i ndáil leis an aois a úsáideadh na drugaí sin den chéad uair, cúlra socheacnamaíochta agus oideachais chomh maith le hanailís ar dhearcaí i leith na húsáide drugaí.

Ag caint dó ar na torthaí, thug Cathaoirleach an CCND, Dr. Des Corrigan, suntas don fhíric go dtaispeántar go bhfuil leitheadúlacht na húsáide ar bhonn saoil agus le bliain anuas ó thaobh frithdhúlagrán níos airde san Iarthar, san Oirdheisceart, san Iarthar Láir agus san Iarthuaisceart. 

“Nuair a dhéantar na sonraí a mhapáil, tugann na figiúirí le fios go mbíonn rátaí leitheadúlachta níos airde ann, i gcoitinne, ó thaobh úsáid na ndrugaí mídhleathacha i limistéir ina bhfuil daonra mór. Os a choinne sin, bíonn rátaí leitheadúlachta níos airde ó thaobh támhachán agus suaimhneasán chomh maith le frithdhúlagrán ann i limistéir nach bhfuil dlús an daonra chomh hard iontu.

“Tugann na torthaí seo le fios gur gá an tsaincheist ó thaobh na hilúsáide drugaí lena n-áirítear alcól, támhacháin, suaimhneasáin agus frithdhúlagráin a scrúdú níos grinne ionas go dtuigfear na saincheisteanna bunúsacha ó thaobh cultúir atá ann i réigiúin áirithe. Luaigh sé go gcuirtear na dúshláin, atá roimh shochaí na hÉireann ó thaobh an ilúsáid drugaí a chosc agus a chóireáil sna blianta amach anseo, chun suntais mar gheall ar na hardleibhéil úsáide alcóil a tuairiscíodh sa Bhullaitín chomh maith leis na leibhéil úsáide, atá níos airde ná an meán, ó thaobh roinnt drugaí aindleathacha i measc na bhfear óg ach go háirithe.

Chuir Dr. Corrigan leis sin á rá go bhfuil sé bunriachtanach go leanfar ar aghaidh leis an gcineál seo suirbhé a úsáid chun teacht suas le treochtaí le himeacht ama. “Ní féidir suirbhéanna ar an daonra, lena dtugtar sracfhéachaint ar a bhfuil ag tarlú ag an tráth sin i ndáil leis an úsáid drugaí i saol gnáththeaghlach, a dhéanamh ach gach ceithre bliana nó mar sin, le bheith réadúil agus ba chóir leanúint ar aghaidh leo as seo amach.”

Tabhair faoi deara  go bhfuil mionsonraí iomlána an taighde ar fáil ar shuíomh idirlín an CCND ag www.nacd.ie.

Nótaí don Eagarthóir

Nóta

Leitheadúlacht ar bhonn saoil = d'úsáid freagróir(í) druga uair amháin ar a laghad riamh ina s(h)aol
Úsáid le déanaí = d'úsáid freagróir(í) druga sa bhliain roimh an suirbhé
Úsáid reatha = d'úsáid freagróir(í) druga sa mhí roimh an suirbhé

Modheolaíocht an tSuirbhé
Rinne an CCND an Suirbhé Náisiúnta ar Leitheadúlacht Drugaí arís anuraidh agus thairg figiúirí maidir leis an Leitheadúlacht Náisiúnta i mBullaitín 1 i mí Eanáir 2008. Comhfhiontar is ea an suirbhé seo le comhghleacaithe sa Bhrainse Faisnéise agus Taighde um Shláinte Phoiblí, arb é an tAonad um Thaighde agus Fhaisnéis ar Dhrugaí agus Alcól (ATFDA) laistigh den Roinn Sláinte Seirbhísí Sóisialta agus Sábháilteachta Poiblí i dTuaisceart Éireann a bhí ann roimhe seo. Ar an ócáid seo, Ipsos MORI a thug faoin obair allamuigh in Éirinn agus an tAonad Lárnach Suirbhéanna de Ghníomhaireacht Staitisticí agus Taighde Thuaisceart Éireann a thug faoin obair allamuigh i dTuaisceart Éireann.

Rinneadh suirbhé ar 6,969 duine san iomlán idir 15-64 bliana d’aois ar oileán na hÉireann (4,967 in Éirinn agus 2,002 i dTuaisceart Éireann) idir mí Dheireadh Fómhair 2006 agus  mí Bhealtaine 2007. Baineadh ráta freagairte 65% amach in Éirinn agus 62% i dTuaisceart Éireann. Agus na sonraí is déanaí ón daonáireamh á n-úsáid, oiriúnaíodh an sampla de réir inscne, aoise agus limistéir iarBhoird Sláinte in Éirinn toisc gurb ionann na limistéir  seo nach mór agus limistéir reatha na dTascfhórsaí Réigiúnacha ar Dhrugaí agus chun a chinntiú go mbeidh na torthaí a ionadaíche agus is féidir ar an daonra ginearálta. Reáchtáladh an suirbhé de réir na ndianchaighdeáin arna leagan síos ag gníomhaireacht drugaí an AE (an EMCDDA).
Úsáideadh an mhodheolaíocht chéanna is a úsáideadh i suirbhé bhunaidh 2002/3 agus ní raibh de dhifear ann ach gur úsáideadh an Allagóireacht Phearsanta Ríomhchuidithe ar an ócáid seo seachas agallaimh le pinn agus páipéar. Tá sé seo níos  éifeachtaí ó thaobh costais de agus fágann sé gur mó mar a bhítear in ann cáilíocht na sonraí a rialú. Is ionann an ceistneoir & an mhodheolaíocht a úsáideadh agus an cleachtas is fearr faoi mar a leag Gníomhaireacht Drugaí an AE (an EMCDDA), a bhfuil a bunáit i Liospóin, amach. Ní thuairiscítear ach athruithe atá suntasach ó thaobh staitisticí, ar leibhéal 5% ar a laghad, i rannóg na gcomparáidí le haghaidh gach dlínse agus tréimhse ama maidir le húsáid (ar bhonn saoil, le bliain anuas agus le mí anuas).

Limistéir na dTascfhórsaí Réigiúnach ar Dhrugaí
Bunaíodh 10 Limistéar Tascfhórsa Réigiúnach ar Dhrugaí ó 2000 de bharr na Straitéise Náisiúnta Drugaí. Is ionann a dteorainneacha agus limistéir na n-iarBhord Sláinte. Tá athstruchtúrú  déanta ó Eanáir 2005 ar na Boird Sláinte in Éirinn agus tá siad comhcheangailte faoin aon údarás amháin  - Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Chun críocha comparáide le sonraí 2002/3, áfach, leanamar ar aghaidh leis na sonraí a oiriúnú de réir limistéar na n-iarBhord Sláinte ach is de réir an Tascfhórsa Réigiúnaigh ar Dhrugaí a tagraíodh do na limistéir. Is é an tagairt do shonraí 2002/2003 ná: Suirbhé ar Leitheadúlacht Drugaí 2002/2003 Úsáid Drugaí in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann – Bord Sláinte (Éire) & Bord Sláinte agus Seirbhísí Sóisialta (Tuaisceart Éireann) Torthaí (Athbhreithnithe) Meitheamh, 2005. Bullaitín 2.

Úsáid Hearóine agus Chnagchócaoin  
Suirbhé ar leitheadúlacht na ndrugaí is ea an suirbhé ar an daonra agus tá sé beartaithe leis an úsáid drugaí sa daonra ginearálta mar aonad iomlán a léiriú. Chun críocha an tsuirbhé seo, glacaimid leis go gciallaíonn an daonra ginearálta na daoine sin idir 15-64 bliana d’aois a chónaíonn i dteaghlaigh in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann de ghnáth. Ní bhíonn iad siúd a chónaíonn in institiúidí amhail príosúin, ionaid chúraim chónaithe, tithe altranais, ospidéil srl san áireamh ann. 

D’fhéadfadh sé a bheith amhlaidh nach léirítear an oiread úsáideoirí fadhbacha drugaí agus ba chóir sa chineál seo suirbhé mar gheall ar thréithe casta fadhbacha a saoil. Baintear úsáid as modheolaíochtaí eile chun faisnéis a dhéanamh amach ar dhaonraí ceilte na húsáide fadhbaí drugaí amhail iad siúd a úsáideann hearóin agus cnagchócaon .  Áirítear na cinn seo a leanas mar shamplaí:

  • Sholáthair an staidéar gabhála athghabhála ar an bhfadhbúsáid chodlaidíneach a d’fhoilsigh an CCND in 2003 (teideal: Leitheadúlacht na hÚsáide Codlaidíneach in Éirinn 2000-2001 Staidéar Gabhála Athghabhála 3 Fhoinse) meastacháin ar úsáid na hearóine in Éirinn (tá an staidéar seo á dhéanamh an athuair freisin).  
  • Táscairí maidir leis an éileamh ar chóireáil amhail an Córas Tuairisceoireachta um Chóireáil Drugaí (arna bhainistiú ag an mBord Taighde Sláinte).

Comparáidí – Limistéir TFRDaí agus na mBord Sláinte agus Seirbhísí Sóisialta
Bhí an spré céanna ag Éirinn agus ag Tuaisceart Éireann ó thaobh na leitheadúlachta ar bhonn saoil trasna limstéar na dTFRDaí agus na mBSSS agus is in Oirthear an dá thír a bhí an comhchruinniú ba mhó ó thaobh na leitheadúlachta. Ba lú an difear, idir an ráta leitheadúlachta ab airde agus an ráta ab ísle, sna limistéir BSSS ná mar a bhí amhlaidh i limistéir na dTFRDaí, rud a léiríonn difir ó thaobh dhlús an daonra idir Tuaisceart Éireann agus Éirinn.

Ba é cannabas an druga mídhleathach ba choitianta a úsáideadh trasna gach limistéar TFRD agus BSSS. Bhí próifíl na n-úsáideoirí drugaí comhsheasmhach sa dá thír - ba dhóichí gur fir seachas mná agus daoine fásta óga seachas daoine fásta breacaosta a d'úsáid druga mídhleathach uair amháin ar a laghad ina saol. 

LE hAGHAIDH TUILLEADH FAISNÉISE, TÉIGH I dTEAGMHÁIL LE:
Pat Montague, Montague Communications, 01 830 3116 / 087 254 9123
Elaine Ryan,Montague Communications, 01 830 3116 / 087 295 1096

 

Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí
Baile | Teagmhálacha | Mapa suímh | Cuardach | Faoin gCCND | Nuacht agus Imeachtaí | Foilseacháin | Gníomhaíochtaí Taighde| Clár Oibre | Maoiniú Taighde | Naisc