|
LÉIRÍONN TUARASCÁIL NUA GUR BEAG AN MÉADÚ A THÁINIG AR LÍON NA nDRUGAÍ MÍDHLEATHACHA A ÚSÁIDEADH LE DÉANAÍ AGUS ATÁ Á nÚSÁID FAOI LÁTHAIR IN ÉIRINN Ó 2002/2003Le heisiúint: 9.30am, Dé hAoine, 25 Eanáir 2008 Suirbhé ar Leitheadúlacht Drugaí 2006/7 LÉIRÍONN TUARASCÁIL NUA GUR BEAG AN MÉADÚ A THÁINIG AR LÍON NA nDRUGAÍ MÍDHLEATHACHA A ÚSÁIDEADH LE DÉANAÍ AGUS ATÁ Á nÚSÁID FAOI LÁTHAIR IN ÉIRINN Ó 2002/2003 Tá méadú tagtha ar líon na ndaoine a thuairiscíonn gur úsáid siad aon druga mídhleathach ar bith riamh (leitheadúlacht ar bhonn saoil) in Éirinn ó 18.5% den daonra in 2002/3 go 24% in 2006/7. Ní raibh aon mhéadú inchomparáide ann áfach ar líon na ndaoine a d'úsáid drugaí le déanaí (le bliain anuas) agus/nó atá á n-úsáid faoi láthair (le mí anuas) de réir tuarascála nua a d’fhoilsigh an Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí (CCND) inniu (Dé hAoine, 25 Eanáir). Tá an fhaisnéis seo i mBullaitín 1 de Úsáid Drugaí in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann: Na Chéad Torthaí ó Shuirbhé 2006/2007 ar Leitheadúlacht Drugaí a sheol an tUasal Pat Carey, T.D., Aire Stáit a bhfuil freagracht air as an Straitéis Náisiúnta Drugaí. Is é seo an dara Suirbhé ar Leitheadúlacht Drugaí, tar éis an chinn a choimisiúnaigh an CCND agus an tAonad um Thaighde agus Fhaisnéis ar Dhrugaí agus Alcól (ATFDA) i dTuaisceart Éireann in 2002/3. Is é príomhfhócas na suirbhéanna seo ná rátaí leitheadúlachta a fháil do dhrugaí mídhleathacha buntábhachtacha, amhail cannabas, eacstais, cócaon agus hearóin, ar bhonn saoil, le bliain anuas agus le mí anuas. Ag labhairt dó agus an tuarascáil á seoladh, dúirt an tAire Carey, “Cé gurb é cannabas an druga mídhleathach is coitianta a úsáidtear fós, tá méadú tagtha ar líon na ndaoine a úsáideann cócaon , go háirithe i measc dhaonra na ndaoine fásta óga (15-34). Tá an toradh seo ar aon dul le comhthuarascáil leis an gCCND/Foireann na Straitéise Náisiúnta Drugaí (FSND) ar chócaon (Forléargas ar Úsáid an Chócaoin in Éirinn II) a foilsíodh anuraidh, agus ar aon dul le taithí na ndaoine atá ag obair sa réimse agus leis an méid a rabhthas ag súil leis go ginearálta. Tá moltaí na tuarascála a tháinig amach níos luaithe á dtabhairt ar aghaidh againn cheana féin ar bhealach diongbháilte comhordaithe. Ar an iomlán, dearbhaíonn an suirbhé seo an gá le fócas spriocdhírithe ar chosc na húsáide drugaí agus tá a thorthaí tráthúil maidir leis an obair a tosaíodh leis an Straitéis Náisiúnta nua Drugaí a fhorbairt chun an tréimhse 2009-16 a chlúdach. Torthaí :
Faoi mar a bheifí ag súil leis, chonacthas méaduithe ar an úsáid ar bhonn saoil ó rinneadh an suirbhé roimhe seo, trasna raon drugaí mídhleathacha lena n-áirítear: Úsáid ar Bhonn Saoil
Úsáid le bliain anuas (athruithe atá suntasach ó thaobh na staitisticí)
Ag caint dó faoi na torthaí, dúirt Dr. Des Corrigan, Cathaoirleach an CCND, nár úsáid formhór na ndaoine ina Éirinn druga aindleathach riamh. Mhínigh Dr. Corrigan go bhfuil na figiúirí íseal fós i ndáil leis an úsáid reatha (úsáid le mí anuas), agus gur beag athrú a taispeánadh ó 2002/3 – go deimhin tháinig laghdú beag ar líon na ndaoine, a thuairiscigh gur úsáid siad aon druga mídhleathach ar bith le mí anuas, ó 3% go 2.9%, i gcaitheamh na tréimhse sin, cé gur fhan an figiúr maidir le líon na ndaoine a d’úsáid cannabas le mí anuas mar an gcéanna ag 2.6%. Ó thaobh aoisghrúpaí, bhain na figiúirí ab airde, maidir le leitheadúlacht ar bhonn saoil le haghaidh aon drugaí mídhleathacha, leo siúd idir 25-34 bliana d’aois (34%); agus ina dhiaidh sin daoine 15-24 bliana d’aois (28%) agus iad siúd idir 35-44 bliana d’aois (27%). Tá sé fós amhlaidh go dtuairiscíonn cion níos airde d’fhir ná mná gur úsáid siad aon drugaí mídhleathacha ar bhonn saoil, le bliain anuas agus le mí anuas. Is airde na figiúirí úsáide ó thaobh líon na mban agus na ndaoine fásta breacaosta a thuairiscíonn gur úsáid siad támhacháin, suaimhneasáin agus frithdhúlagráin. Dúirt Dr. Corrigan, faoi mar a bhíonn amhlaidh le suirbhéanna eile trasna na hEorpa, nach gcuirtear daoine os cionn 64 bliana d’aois san áireamh ionas go bhfaighfear torthaí ar mó an bhrí a bheidh leo. D’fhás daoine san aoisghrúpa sin suas i ré go raibh idir úsáid agus infhaighteacht drugaí mídhleathacha an-teoranta. "Léirigh suirbhéanna ar dhaoine breacaosta rátaí úsáide an-íseal go dtí seo, fiú ar bhonn saoil. Is dóigh go n-athróidh an scéal seo le himeacht ama de réir mar a théann an daonra atá níos óige agus a bhíonn níos nochtaithe do dhrugaí difriúla in aois. Is dócha go rachaidh rátaí leitheadúlachta ar bhonn saoil i méad ar feadh tréimhse maith ama mar sin”, ar seisean. I gcomhthéacs Eorpach, chuir Dr Corrigan an pointe chun suntais nach n-úsáideann gach tír san AE an cur chuige caighdeánach i leith suirbhéanna ar an daonra, cur chuige a mhol an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí (EMCDDA), rud a fhágann go mbíonn sé deacair comparáidí a dhéanamh, ach ina measc siúd a d’úsáid an cur chuige céanna is a d’úsáid an CCND, nach raibh Éire ag an mbarr le haghaidh aon chagatóra drugaí. Chuir Dr. Corrigan leis sin á rá go bhfuil sé bunriachtanach go leanfar ar aghaidh leis an gcineál suirbhé seo a úsáid ionas go dtabharfar treochtaí faoi deara le himeacht ama. Ní féidir suirbhéanna den sórt sin ar an daonra ginearálta, lena dtugtar sracfhéachaint ar a bhfuil ag tarlú ag an tráth sin i ndáil leis an úsáid drugaí i saol gnáththeaghlach, a dhéanamh ach gach ceithre bliana nó mar sin, le bheith réadúil. Idir an dá linn, dúirt sé go mbeidh an CCND ag moladh go gcuirfear Córas Monatóireachta ar Threochtaí Drugaí i ngníomh mar chuid dá aighneacht don Ghrúpa Stiúrtha don athbhreithniú ar an Straitéis Náisiúnta Drugaí. I gcoitinne, bíonn rátaí leitheadúlachta in Éirinn beagánín beag níos ísle ná mar a bhíonn i dTuaisceart Éirinn don úsáid ar bhonn saoil agus le bliain anuas. Nótaí don Eagarthóir Modheolaíocht an tSuirbhé Úsáid Hearóine agus Chnagchócaoin D’fhéadfadh sé a bheith amhlaidh nach léirítear an oiread úsáideoirí fadhbacha drugaí agus ba chóir sa chineál seo suirbhé mar gheall ar thréithe casta fadhbacha a saoil. Úsáidtear modheolaíochtaí eile chun faisnéis a dhéanamh amach ar dhaonraí ceilte na húsáide fadhbaí drugaí amhail iad siúd a úsáideann hearóin agus cnagchócaon. Áirítear na cinn seo a leanas mar shamplaí:
Éire i gComparáid le Tíortha laistigh den AE:
San áireamh i roinnt de na príomhthorthaí i mBullaitín 1 a bhain leis an oileán ar fad:
LE hAGHAIDH TUILLEADH FAISNÉISE, TÉIGH I dTEAGMHÁIL LE:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||