|
RABHADH UM SHLÁINTE PHOIBLÍ – ROINN SLÁINTE AGUS LEANA ÍDÉARDAOIN 24Ú DEIREADH FÓMHAIR 2003 Tá rabhadh um shláinte phoiblí á eisiúint ag an Roinn Sláinte agus Leanáí bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar di ag an gCoiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí (CCND) agus ag an nGarda Síochána. Baineann an rabhadh seo le taibléad bán gan aon lógó a tháinig ar an bhfód le déanaí in Éirinn agus a d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a fhágáil do shláinte an úsáideora sa chás go dtógtar é. Cé go dtógtar mar Eacstaise é, is é an chaoi go bhfuil druga sna taibléid a dtugtar Démheitheacsabrómaimfeataimín air - DEB. Níl aon úsaideanna aitheanta leis ó thaobh cúrsaí leighis agus bíonn sé á dheánamh ag poitigéirí cúlsráide i saotharlanna m ídhleathacha. Aimfeataimín láidir mearaithe atá ann a mbaineann éifeachtaí leis nach ionann agus a mbaineann leis an Eacstaise. Is féidir le tréimhse chomh fada le trí huair a chloig a bheith i gceist sula n-imríonn sé éifeacht ar an duine. D’fhéadfaidh daoine a bheith ag ceapadh gurb Eacstaise lag atá ann dá bharr agus tógtar níos mó taibléid dá thoradh sin, rud a mhéadaíonn na rioscaí mar sin go ndéanfar díobháil thromchúiseach. Maireann na héifeachtaí idir 8 go dt í 24 uair a chloig ag brath ar an méid a tógadh. Le cois éifeacht go mbíonn níos mó fuinneamh ag an duine ar dtús, tugann an druga seo mearuithe an-suntasacha do dhuine rud a fhágann go bhfuil sé an-difriúil le MDMA (an Eacstaise). Tagann rioscaí le haon mhearú go mbeidh iompair an duine ar seachrán agus go dtiocfaidh taom síocóise orthu de bharr an taibléid. Má thógtar dáileoga níos mó de DEB, tagann dímheabhair, taomanna éigiallmhara foréigin agus an dóchúlacht go ndéanfaidh an duine díobháil dó nó di féin dá thoradh. Tá sé tuairiscithe gur tharla freangaí soithíocha .i. freangaí sna fuileadáin sna cosa a thugann morgadh dá bharr. Ba chóir cúnamh leighis a lorg d’aon duine atá corraithe nó a dtagann mearú orthu tar éis dóibh taibléad a thógáil a bhí ina thaibléid Eacstaise dar leo. Tá roinnt urghabhálacha drugaí déanta ag na Gardaí le déanaí. Taibléid a raibh dath bán orthu a bhí sna hurghabhálacha seo ar fad go dtí seo, ar thrastomhas beagán níos lú ná na taibléid thraidisiúnta Eacstaise/MDMA iad, níos cruinne ar na himill, agus gan aon lógó orthu. Liathróidí sneachta an t-ainm sráide atá orthu. Tá siad déanta sa chaoi gurb éasca iad a aithint. Ba chóir a thabhairt faoi deara go meabhraíonn an Roinn
do dhaoine go bhfuil druga na hEacstaise iontach contúirteach freisin
agus go déanann sé díobháil shuntasach agus
tugann sé rabhadh do dhaoine gan an substaint seo a thógáil. Oifig Phreasa,
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||