|
Dáta a eisithe: 10.30am, Déardaoin, 23ú Samhain, 2006 CUIREANN STAIDÉAR CHUN SUNTAIS AN GÁ LE TASCAIRÍ NUA CHUN FADHBANNA ATÁ AG TEACHT CHUN CINN I bPOBAIL MAIDIR LE DRUGAÍ A AITHINT NÍOS LUAITHE Tá staidéar nua á sheoladh inniu (Déardaoin, 23ú Samhain) tar éis an gá le tacar nua táscairí a fhobairt chun fadhbanna atá ag teacht chun cinn i bpobail maidir le drugaí a aithint níos luaithe, rud a chuirfeadh ar chumas an Rialtais agus gníomhaireachtaí eile gníomhú go gasta i leith athruithe i dtreochtaí. An Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí (CCND) a choimisiúnaigh A Community Drugs Study: Developing Community Indicators for Problem Drug Useagus bhí an Dr Mary Ellen McCann agus Dr Hilda Loughran i gceannas ar an bhfoireann taighde. Bhí sé d'aidhm leis an staidéar scrúdú a dhéanamh ar an mbealach gur athraigh eispéiris thrí phobal ar leithligh, a ndeachaigh an fhadhbúsáid drugaí dóibh - Baile Munna, Bré agus Cromghlinn - ó 1996. Agus é ag labhairt ag seoladh an Staidéir ar Dhrugaí sa Phobal in Óstán Buswell, dúirt Noel Ahern, T.D., Aire Stáit le freagracht as an Stráitéis Náisiúnta Drugaí, "Soláthraíonn an tuarascáil seo fianaise ar thionchar agus éifeachtacht pholasaithe an Rialtais maidir le drugaí ó 1996. Tá ag éirí le go leor de na tionscnaimh a maoiníodh rud a léirítear le feabhsuithe suntasacha ó thaobh daoine a bheith ag fágáil na scoile go luath, dífhostaíochta agus seirbhísí a sholáthraítear. Bhí laghdú ar roinnt cineálacha coireachta freisin. Tá na buairimh a tharraing pobail anuas faoi na hathruithe atá ag teacht ar phatrúin na mí-úsáide drugaí ar eolas agam chomh maith lena n-iarmhairtí do phobail áitiúla agus is féidir liom a dhearbhú dóibh go bhfuiltear ag tabhairt aghaidhe orthu seo trí na hacmhainní méadaithe atá soláthraithe ag an Rialtas." Tharraing an Dr Des Corrigan, Cathaoirleach an CCND, aird ar an bpointe go bhfuil roinnt de thorthaí an staidéir ina n-údar díomá. “Cé go bhfuil laghdú tagtha ar thaithí ar an gcoireacht, tá rátaí coireachta áitiúla tosaithe ar a bheith ag fás arís. Tá an úsáid ildrugaí, a chiallaíonn go n-úsáidtear níos mó ná druga amháin ar nós alcóil mar shampla in éineacht le substaintí eile ar nós cannabais nó cóicín, ina húdar buairimh do gach ceann de na pobail a bhí páirteach sa Staidéar seo. Léiríonn torthaí an staidéir an gá go mbeadh níos mó dlúthpháirtíocht ann idir Straitéisí Náisiúnta Alcóil agus Drugaí toisc go raibh an t-ólachán faoi aois ina gcúis le clampar tromchúiseach sna pobail seo,” ar sé.
Molann an CCND, mar chéad chéim, go bhforbrófar Táscairí maidir le Drugaí sa Phobal, lena n-aithneofar fadhbanna maidir le drugaí i bpobail, rud a éascóidh le hacmhainní a leithdháileadh níos luaithe chun seirbhísí náisiúnta agus áitiúla a phleanáil agus a sheachadadh. Dúirt Mairéad Lyons, Stiúrthóir na CCND, “Tá sé criticiúil go bhforbrófar táscairí den sórt sin má táimid chun pobail, a bhfuil fadhb maidir le drugaí ag teacht chun cinn iontu nó ag athrú iontu, a aithint níos luaithe. Cuirfidh seo ar chumas an Rialtais, gníomhaireachtaí agus seirbhísí freagairt d'athruithe i dtreochtaí i bhfad níos gasta. Fágann an bealach a bhailítear sonraí a bhaineann le saincheisteanna ó thaobh drugaí go ginearálta go mbíonn sé fíordheacair ar fad a fháil amach céard go baileach atá ag tarlú ar leibhéal áitiúil laistigh de phobal. Bailítear táscairí reatha maidir le fadhbanna drugaí ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach go ginearálta agus beagán ar leibhéal áitiúil. Moltar sa Staidéar go dtabharfar tacar nua sonraí isteach de Tháscairí maidir le Drugaí sa Phobal a cheanglódh ar ghníomhaireachtaí sonraí a bhailiú agus a stóráil ar leibhéal Toghroinne ionas gur féidir an fhaisnéis ábhartha a mhiondealú de réir an limistéir áitiúil." Le cois na sonraí atá ann cheana féin ó fhoinsí cóireála agus eisiatachta sóisialta, molann an CCND gur chóir go mbeadh an táscaire maidir le drugaí sa phobal comhdhéanta den fhaisnéis seo a leanas a bheidh ar fáil de réir Toghroinne:
Cuireadh an tuarascáil i láthair an ghrúpa idir-rannaigh ar dhrugaí a bhfuil an tAire Stáit, Noel Ahern, T.D., ina chathaoirleach air, le déanaí agus tharla cruinniú de phríomhpháirtithe leasmhara le déanaí chun breathnú ar na Táscairí maidir le Drugaí sa Phobal a chur i ngníomh. CRÍOCH. Nótaí don Eagarthóir: Baineadh úsáid as taighde rannpháirteach cáilíochtúil i dtrí phobal trasna Bhaile Átha Cliath: Baile Munna, Bré, Cromghlinn. Earcaíodh agus cuireadh oiliúint ar theagmhálacha áitiúla mar thaighdeoirí pobail toisc gur chónaigh agus/nó oibrigh siad sna trí phobal sa taighde. Tugadh saibhreas don taighde trí rannpháirtíocht mheasctha na dtaighdeoirí, a raibh taithí pearsanta ar fhadhbanna drugaí san áireamh ann. Le bailíocht agus déine an taighde a chinntiú, bhí an méid seo a leanas san áireamh sna modhanna lárnacha triantánaithe sonraí: grúpaí fócais; rannpháirtithe buntábhachtacha; taighde ón deisc; litríocht 'liath'; cruinnithe um athbhreithniú; dialanna ó bhéal agus dianagallaimh duine-le-duine. Rinneadh anailís cháilíochtúil ar shonraí le cúnamh na dtaighdeoirí pobail. Cuireadh Rannpháirtithe an Staidéir i gcatagóirí ceithre ghrúpa: Leibhéal 1 (taithí díreach ar shaincheisteanna maidir leis an úsáid drugaí); Leibhéal 2 (plé neamhdhíreach leis an tsaincheist); Leibheal 3 (rannpháirteachas i ngníomhaíochtaí pobail ach ní maidir le saincheisteanna drugaí); agus Leibhéal 4 (glóir nach gcloistear go minic .i. gan a bheith gníomhach i ngníomhaíochtaí pobail ná maidir le saincheisteanna drugaí). Rinneadh agallaimh duine-le-duine le 20 rannpháirtí arna chomhdhéanamh de bhaill phobail Bhré (u=5), Chromghlinne (u=7) agus Bhaile Munna (u=8). Tugadh faoi naoi ngrúpa fócais le 28 ball de phobal Bhaile Munna, 28 ball de phobal Bhré agus 20 ball de phobal Chromghlinne san iomlán. Na taighdeoirí pobail a d’earcaigh rannpháirtithe chun páirt a ghlacadh sa staidéar - rud a thug glóir dá n-eispéiris sa tionscadal. Cás-Staidéir
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||