Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
1ú Urlár, Dún Aimhirgín
43/49 Bóthar Mespil,
Baile Átha Cliath
Teileafón: +353 1 647 3240
Faics: +353 1 647 3150
Ríomhphost: info@nacd.ie
Uaireanta Oscailte 9.00rn go 5.00in
 |
|
 |
Faigheann beagnach Leath na nÚsáideoirí Cóicín an druga ó Dhaoine sa Teaghlach agus ó ChairdeMéadú ar úsáid an chóicín in Éirinn ó 2002/2003
Eisiúint deiridh: 11.30am, Dé Máirt, 21 Deireadh Fómhair 2008
Tá méadú ó 3% den daonra in 2002/3 go dtí 5.3% in 2006/7 tagtha ar líon na ndaoine in Éirinn a thuairiscigh gur úsáid siad aon chineál ar bith de chóicín uair amháin ar a laghad le haghaidh na leitheadúlachta ar bhonn saoil.
Ba é an bealach ba choitianta fós le cóicín a fháil ná trí dhaoine sa teaghlach agus trí chairde; tháinig méadú ar chéatadán na ndaoine a fhaigheann an druga ar an gcaoi seo ó 33% in 2002/3 go dtí 49% in 2006/7 áfach, agus méadú suntasach a bhí i gceist i measc na mban ó 24% in 2002/3 go dtí 70% in 2006/7.
Tá an fhaisnéis i mBullaitín 4 Suirbhé ar Leitheadúlacht Drugaí 2006/7: Torthaí maidir le Cóicín, arna eisiúint inniu ag John Curran, T.D., Aire Stáit le freagracht as an Straitéis Náisiúnta Drugaí.
Is é seo an dara Suirbhé Uile-Éireann ar Leitheadúlacht Drugaí, i ndiaidh an chinn sin a choimisiúnaigh an Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí (CCND) in Éirinn agus Brainse Faisnéise agus Taighde ar Shláinte Phoiblí (BFTSP) na Roinne Sláinte, Seirbhísí Sóisialta agus Sábháilteachta Poiblí i dTuaisceart Éireann in 2002/3. Scrúdaíodh úsáid an chóicín le Bullaitín 4 i ndáil le haois na chéad úsáide freisin, chomh maith le húsáid rialta an chóicín, cúiseanna gur éirigh daoine as, modh lena ghlacadh, cá háit a bhfaightear é, a éasca is a bhíonn sé é a fháil, faisnéis maidir le dearcaí, dearcaí maidir leis na rioscaí a bhíonn i gceist agus duine ag baint triail as an druga agus tugtar próifíl ar úsáideoirí cóicín sa bhullaitín freisin.
Ag seoladh na tuairisce dó, chuir an tAire Curran fáilte roimh na torthaí á rá “go dtugann na torthaí atá ar fáil anois figiúirí chomparáideacha dúinn chun monatóireacht a dhéanamh ar threochtaí ó thaobh úsáid an chóicín trasna an daonra den chéad uair. Tá miondealú ar shonraí ar fáil de réir na réigiún agus cabhróidh sé sin linn idirghabhálacha a spriocdhíriú ar bhealach a bheidh níos éifeachtaí. Is é an dúshlán atá ann ná a chinntiú go gcoinnítear na rátaí níos ísle ag leibhéil den sórt sin agus muid ag dul i ngleic leis an bhfadhb go cuimsitheach sna limistéir mar a mbíonn leibhéil úsáide níos airde.”
"Glacaim an deis seo le béim a leagan ar na rioscaí do shláinte fhisiciúil agus mheabhrach aon duine a úsáideann cóicín, rioscaí ar minic nach dtugann úsáideoirí aird orthu nó iad measta faoi bhun an chirt acu. Tá úsáid an chóicín nasctha le riochtaí ó thaobh an chroí, strócanna agus tinnis fhisiciúla éagsúla eile, ar chinn difriúla a bhíonn i gceist ag brath ar an modh lena nglactar an druga isteach sa cholainn. Freisin, is féidir leis an gcóicín dul i gcion ar shláinte mheabhrach an duine go mór má úsáidtear go minic é, trí dhúlagar, bhuairt aigne agus pharanóia."
"Seachas díobháil a dhéanamh dóibh féin, tá úsáideoirí ina n-údar dochair ó thaobh cúrsaí sóisialta agus eacnamaíochta dá dteaghlaigh agus do na pobail a iompraíonn an chuid is measa den iompar agus den ghníomhaíocht choiriúil a bhaineann le soláthar agus úsáid an chóicín."
Príomhthorthaí:
- Tá aithne phearsanta ag beagnach duine as gach ceathrar (23%) ar dhuine a ghlacann cóicín.
- Ba é púdar cóicín (5% - úsáid ar bhonn saoil) a bhí i gceist le tromlach na húsáide, níor thuairiscigh ach 0.6% úsáid chnagchóicín ar bhonn saoil i measc na n-úsáideoirí ar fad.
- Bhí rátaí leitheadúlachta i measc daoine fásta óga a thrí oiread níos airde ná daoine fásta a bhí níos sine (8.2% i gcomparáid le 2.7% faoi seach) le haghaidh púdair chóicín agus/nó cnagchóicín in éineacht.
- Thuairiscigh freagróirí fir rátaí leitheadúlachta níos airde le haghaidh púdair chóicín agus/nó cnagchóicín in éineacht ná mar a thuairiscigh mná trasna gach tréimhse ama. Bhí ráta leitheadúlachta saoil na bhfear (7%) a dhá oiread níos airde ná an ráta do mhná (3.5%).
- Ba í an mheánaois a thuairiscigh freagróirí go raibh acu nuair a d’úsáid siad púdar cóicín den chéad uair ná 22 bliana (22 d’fhir agus 21 do mhná). Ba í an mheánaois a bhí ag daoine nuair a d’úsáid siad púdar cóicín ar bhonn rialta den chéad uair ná 20 bliain (21 d’fhir agus 20 do mhná).
- Thuairiscigh gach úsáideoir reatha púdair chóicín gur thóg siad cóicín d’anáil isteach tríd an tsrón.
- Díreach bliain amháin a bhí i gceist leis an tréimhse ama idir an chéad uair a úsáideadh cóicín agus duine ag teacht chun a bheith ina úsáideoir rialta (mall-aga) agus bhí sin amhlaidh trasna grúpaí inscne agus aoise.
- Bhí na leibhéil úsáide cóicín ar bhonn saoil agus le bliain anuas níos airde ná mar a bheifí ag súil ag na daoine sin a bhí i ngrád sóisialta C1.
Roinnt difríochtaí ón suirbhé deiridh atá ina gcuid suntais:
- Faoi mar a bhí amhlaidh in 2002/3, fuair tromlach na ndaoine púdar cóicín ó dhaoine sa teaghlach nó ó chairde (33% in 2002/3 agus 49% in 2006/7) agus bhí méadú suntasach i gceist i measc na mban, ó 24% go dtí 70%.
- Méadú ar líon na n-úsáideoirí reatha (úsáid le mí anuas) a thuairiscigh úsáid an chóicín uair sa tseachtain ar a laghad (4-9 lá) ó 16.6 % in 2002/3 i gcomparáid le 24.6% in 2006/7.
- Thuairiscigh 7% d’úsáideoirí reatha cóicín gur úsáid siad an druga ar bhonn laethúil in 2006/7 - níor thuairiscigh aon duine ar bith gur úsáid siad an druga ar bhonn laethúil in 2002/3.
- Fuair breis is a dhá oiread ban púdar cóicín i ndioscó/beár/club in 2006/7 (50%) i gcomparáid le 20% in 2002/3.
- Fuair cion níos mó de dhaoine fásta a bhí níos sine púdar cóicín i dteach cairde in 2006/7 (82%) ná mar a bhí amhlaidh in 2002/3 (28%).
- Níor thuairiscigh an oiread céanna daoine gur úsáid siad púdar cóicín ar bhonn rialta (14%) in 2006/7, agus a thuairiscigh sin in 2002/3 (19%).
- Rinne níos mó daoine iarracht gan mhaith le héirí as an druga (10%) in 2006/7 ná mar a rinne in 2002/3 (7%).
- Thuairiscigh 8.5% gur éirigh siad as an druga mar chuid de chlár athshlánúcháin, níor thuairiscigh an oiread céanna daoine go raibh costas i gceist mar rud a spreag iad le héirí as cóicín a úsáid.
- Níor tháinig athrú ar bith le ceithre bliana anuas, dóibh siúd a d’úsáid an druga, ar leibhéil na ndaoine a thuairiscigh go raibh siad ar an eolas faoi na rioscaí nó an díobháil a bhaineann le bheith ag baint triail as cóicín nó as cnagchóicín uair nó dhó.
- Dóibh siúd nár úsáid cóicín riamh áfach, bhí laghdú, atá suntasach ó thaobh na staitisticí (ó 87% in 2002/3 go dtí 83% in 2006/7) ar chion na ndaoine a thuairiscigh go mbaineann ‘riosca mór’ le bheith ag baint triail as cóicín. Bhí sé seo ina údar iontais.
- Tháinig méadú suntasach ó 2002/3 ó 14% go dtí 23% ar líon na ndaoine a bhfuil aithne phearsanta acu ar dhuine a ghlacann cóicín.
Lean an tAire Curran ar aghaidh le rá: “Ar an iomlán, creidim go bhfuil iarrachtaí ollmhóra á ndéanamh ó leibhéal pobail aníos chun dul i ngleic leis an bhfadhbúsáid drugaí mar chuid de scéal domhanda a bhíonn ag éabhlóidiú de shíor. Tá rún daingean ag an Rialtas tús áite a thabhairt do shaincheist na ndrugaí, pointe a léiríodh nuair a leithdháileadh breis is €61m ar an réimse seo sna Meastacháin do mo Roinn an tseachtain seo caite. Déanann sé seo cuid de bhreis is €200m san iomlán a leithdháil an Rialtas ar bhearta atá dírithe ar an bhfadhbúsáid drugaí go díreach.”
Chuir an tAire leis á rá, “Is suntasach na dúshláin a bhaineann le húsáid an chóicín, ach táim muiníneach gur féidir linn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo trí chur chuige comhordaithe agus leas á baint as struchtúir na Straitéise Náisiúnta Drugaí. Táthar ag measúnú na Straitéise reatha faoi láthair d’fhonn is go dtabharfar tograí, le haghaidh straitéise nua don tréimhse 2009 – 2016, chun críche.
Ag caint dó faoi na torthaí, dúirt Dr. Des Corrigan, Cathaoirleach an CCND, "Go n-atreisítear leis an tuairisc seo a chasta is a bhíonn iompar daoine a ghlacann drugaí. Faoi mar a raibh muid ag súil leis, mar gheall ar a raibh i dtuairisc CCND/FSND in 2007 maidir le hÚsáid an Chóicín in Éirinn, thuairiscigh níos mó daoine in 2006/7; 23% díobh siúd a ghlac páirt sa suirbhé, go raibh aithne phearsanta acu ar dhuine a ghlac cóicín i gcomparáid le díreach 14% in 2002/3. Léirítear leathadh úsáid an chóicín leis seo, faoi mar a tuairiscíodh anuraidh."
"Nochtadh leis na torthaí freisin gur tháinig méadú ar a mhinice is a úsáideadh púdar cóicín ó 2002/2003, agus go n-úsáideann duine as gach ceathrar úsáideoir reatha púdair chóicín an druga uair sa tseachtain ar a laghad agus gur ghlac tromlach na n-úsáideoirí reatha púdair chóicín (68%) an druga níos lú ná uair sa tseachtain. Níor thuairiscigh duine ar bith gur úsáid siad an druga ar bhonn laethúil in 2003/3, ach thuairiscigh 7% d’úsáideoirí reatha gur úsáid siad an druga ar bhonn laethúil in 2006/2007."
Cuirtear na hathruithe suntasacha atá tarlaithe ón gcead suirbhé in 2002/3 chun suntais sa tuairisc seo agus dearbhaítear ann gur fadhb náisiúnta úsáid an chóicín. Tá gá le gealltanas leanúnach mar sin chun dul i ngleic leis an bhfadhb sna blianta atá amach romhainn.”
Chuir Dr. Corrigan leis á rá go léiríonn na torthaí ón suirbhé seo ar leitheadúlacht an gá go leanfar ar aghaidh le monatóireacht a dhéanamh ar athruithe ar phatrúin na húsáide drugaí i measc an daonra ginearálta. “Tá sé bunriachtanach go leanfar ar aghaidh leis an gcineál suirbhé seo a úsáid ionas go dtabharfar treochtaí faoi deara le himeacht ama. Ní féidir suirbhéanna den sórt sin ar an daonra ginearálta, lena dtugtar sracfhéachaint ar a bhfuil ag tarlú ag an tráth sin i ndáil leis an úsáid drugaí i saol gnáththeaghlach, a dhéanamh ach gach ceithre bliana nó mar sin, le bheith réadúil.” ar seisean mar chlabhsúr.
Tabhair do d’aire go bhfuil mionsonraí iomlána an taighde ar fáil ar shuíomh idirlín an CCND ag www.nacd.ie
LE hAGHAIDH TUILLEADH FAISNÉISE, TÉIGH I dTEAGMHÁIL LE:
Annmarie Brennan, Montague Communications, 01 830 3116 / 086 260 5896
Ronan Cavanagh, Montague Communications, 01 830 3116 / 086 317 9731
Nótaí don Eagarthóir
Nóta
Leitheadúlacht ar bhonn saoil = d’úsáid freagóir(í) druga uair amháin ar a laghad
Úsáid le déanaí = d’úsáid freagóir(í) druga sa bhliain roimh an suirbhé
Úsáid reatha = d’úsáid freagóir(í) druga sa mhí roimh an suirbhé
Modheolaíocht an tSuirbhé
Rinne an CCND an Suirbhé Náisiúnta ar Leitheadúlacht Drugaí an athuair anuraidh agus tháirg figiúirí Náisiúnta Leitheadúlachta i mBullaitín 1 i mí Eanáir 2008. Comhfhiontar is ea an suirbhe seo le comhghleacaithe sa Bhrainse Faisnéise agus Taighde ar Shláinte Phoiblí (BFTSP), arbh é an tAonad Faisnéise agus Taighde ar Dhrugaí is Alcól a bhíodh ann, laistigh den Roinn Sláinte, Seirbhísí Sóisialta agus Sábháilteachta Poiblí i dTuaisceart Éireann. An uair seo, Ipsos MORI a rinne an obair allamuigh in Éirinn agus Aonad Lárnach Suirbhéanna Ghníomhaireacht Staidrimh agus Taighde Thuaisceart Éireann a rinne an obair allamuigh i dTuaisceart Éireann.
Rinneadh suirbhé ar 6,969 duine san iomlán idir 15-64 bliana d’aois ar oileán na hÉireann (4,967 in Éirinn agus 2,002 i dTuaisceart Éireann) idir mí Dheireadh Fómhair 2006 agus na Bealtaine 2007. Baineadh ráta freagairte 65% amach in Éirinn agus 62% i dTuaisceart Éireann. Agus na sonraí is déanaí ón daonáireamh á n-úsáid, ualaíodh an sampla de réir inscne, aoise agus iarBhoird Sláinte in Éirinn toisc gurb ionann iad seo agus limistéir reatha na dTascfhórsaí Réigiúnacha ar Dhrugaí, agus chun a chinntiú go mbeadh na torthaí a ionadaíche agus ab fhéidir ar an daonra ginearálta. Reáchtáladh an suirbhé de réir na ndianchaighdeán arna leagan síos ag Gníomhaireacht Drugaí an AE (an EMCDDA).
Úsáideadh an mhodheolaíocht chéanna is a úsáideadh in 2002/3 agus ní raibh de dhifear ann ach gur úsáideadh an Allagóireacht Phearsanta Ríomhchuidithe an uair seo seachas agallaimh le pinn agus páipéar. Tá sé seo níos éifeachtaí ó thaobh costais agus fágann sé gur mó mar a bhítear in ann cáilíocht na sonraí a rialú. Is ionann an ceistneoir & an mhodheolaíocht a úsáideadh agus an cleachtas is fearr faoi mar a leag Gníomhaireacht Drugaí an AE, an EMCDDA, amach, gníomhaireacht a bhfuil a bunáit i Liospóin. Ní thuairiscítear ach athruithe atá suntasach ó thaobh staitisticí, ar leibhéal an 5% ar a laghad, i rannóg na gcomparáidí le haghaidh gach dlínse agus tréimhse ama maidir le húsáid (ar bhonn saoil, le bliain anuas agus le mí anuas).
Tascfhórsaí Réigiúnacha ar Dhrugaí
Bunaíodh 10 dTascfhórsa Réigiúnacha ar Dhrugaí ó 2000 leis an Straitéis Náisiúnta Drugaí. Is ionann a dteorainneacha agus teorainneacha limistéir na nIarbhord Sláinte. Ó Eanáir 2005, rinneadh athstruchtúrú ar na Boird Sláinte in Éirinn agus tá siad cumasctha faoi aon údarás amháin – Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Chun críocha comparáide le sonraí 2002/3 áfach, leanamar ar aghaidh leis na sonraí a ualú de réir limistéir na nIarbhord Sláinte, ach ainmníodh na limistéir de réir an Tascfhórsca Réigiúnaigh ar Dhrugaí (TFRD). Is é an tagairt do shonraí 2002/2003 ná: An Úsáid Drugaí in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann Suirbhé ar Leitheadúlacht Drugaí 2002/2003 – Torthaí (Athbhreithnithe) na mBord Sláinte (Éire) & na mBord Sláinte agus Seirbhísí Sóisialta (Tuaisceart Éireann) Meitheamh, 2005. Bullaitín 2. Foilsíodh torthaí ó 2006/7 de réir limistéar an TFRD: An Úsáid Drugaí in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann Suirbhé ar Leitheadúlacht Drugaí 2006/2007 – Torthaí na dTascfhórsaí Réigiúnacha ar Dhrugaí agus na mBord Sláinte agus Seirbhísí Sóisialta (Tuaisceart Éireann) Meitheamh, 2008.
Úsáid Hearóine agus Chnagchóicín
Suirbhé ar leitheadúlacht na ndrugaí is ea an suirbhé ar an daonra agus tá sé beartaithe leis an úsáid drugaí sa daonra ginearálta mar aonad iomlán a léiriú. Chun críocha an tsuirbhé seo, glacaimid leis go gciallaíonn an daonra ginearálta na daoine sin idir 15-64 bliana d’aois a chónaíonn i dteaghlaigh in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann de ghnáth. Ní bhíonn iad siúd a chónaíonn in institiúidí amhail príosúin, ionaid chúraim chónaithe, tithe altranais, ospidéil srl san áireamh ann.
D’fhéadfadh sé a bheith amhlaidh nach léirítear an oiread úsáideoirí fadhbacha drugaí agus ba chóir sa chineál seo suirbhé mar gheall ar thréithe casta fadhbacha a saoil. Úsáidtear modheolaíochtaí eile chun faisnéis a dhéanamh amach ar dhaonraí ceilte na húsáide fadhbaí drugaí amhail iad siúd a úsáideann hearóin agus cnagchóicín. Áirítear na cinn seo a leanas mar shamplaí:
- Sholáthair an staidéar gabhála athghabhála ar an bhfadhbúsáid chodlaidíneach a d’fhoilsigh an CCND in 2003 (teideal: Leitheadúlacht na hÚsáide Codlaidíneach in Éirinn 2000-2001 Staidéar Gabhála Athghabhála 3 Fhoinse) meastacháin ar úsáid na hearóine in Éirinn (tá an staidéar seo á dhéanamh an athuair freisin).
- Táscairí maidir leis an éileamh ar chóireáil le haghaidh drugaí amhail an Córas Tuairisceoireachta um Chóireáil Drugaí (arna bhainistiú ag an mBord Taighde Sláinte).
Nóta: Tagraíonn FSND d’Fhoireann na Straitéise Náisiúnta Drugaí
 |
| | | | | | | | | | | |
|