Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
8th Floor
Hawkins House
Hawkins St.
Dublin 2
Teileafón: +353 1 6354283
Ríomhphost: info@nacd.ie
Uaireanta Oscailte 9.00rn go 5.00in
 |
|
 |
Dáta a eisithe: Dé hAoine, 20ú Deireadh Fómhair, 2006
Téagmhálaí do na: Gerald Nash (087 2716816)
Meáin Chumarsáide: Pat Montague (087 2549123) Montague Communications, teil 01 830 3116
TAISPEÁNANN STAIDÉAR NUA SOGHONTACHT AN LUCHT SIÚIL DON FHADHBÚSÁID DRUGAÍ
Taispeánann staidéar nua a raibh sé d’aidhm leis cineál agus fairsinge na húsáide drugaí i measc Phobal an Lucht Siúil in Éirinn a mheasúnú, go bhfuil siad i bpriacal mar ghrúpa a bhfuil tionchar na húsáide drugaí agus na fadhbanna a thagann dá toradh ag teacht chun cinn dó anois. An Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí (CCND) a choimisiúnaigh an taighde faoi Ghníomh 98 den Straitéis Náisiúnta Drugaí. D’oibrigh eagraíochtaí an Lucht Siúil i gcomhpháirtíocht leis an gCCND agus leis na taighdeoirí ar gach cuid den staidéar.
Agus é ag seoladh na tuarascála, dar teideal An overview of the nature and extent of illicit drug use amongst the Traveller Community: an exploratory study, dúirt an tUasal Noel Ahern, T.D., Aire Stáit le Freagracht as an Straitéis Náisiúnta Drugaí, “Fáiltím roimh an taighde nua seo ón gCCND a léiríonn go bhfuil an Lucht Siúil i bpriacal na fadhbúsáide drugaí. Tá an Rialtas tiomanta d’oibriú le grúpaí an Lucht Siúil tríd an Roinn agus na Gníomhaireachtaí ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar thionchar na húsáide drugaí sa Lucht Siúil ar bhealach rannpháirteach.”
Torthaí Buntábhachtacha:
- Tá patrúin úsáide drugaí i measc an Lucht Siúil cosúil leis an daonra ginearálta. Tá an cannabas ar an druga mídhleathach is coitianta a mbaintear úsáid as, agus cóicín agus an eacstais ina dhiaidh.
- Is iad támhacháin, suaimhneasáin agus frith-dhúlagráin na substaintí is forleithne a mbaineann an Lucht Siúil úsáid astu faoi mar atá amhlaidh leis an daonra ginearálta.
- Tuairiscíodh go bhfuil níos mó fear ná ban ag baint úsáide as drugaí mídhleathacha agus tá sé teoranta a bheag nó a mhór do na daoine fásta atá níos óige, idir 15 agus 34. Is ionann é seo agus a bhfuil amhlaidh sa daonra ginearálta.
- Tá an úsáid ildrugaí (úsáid á baint as dhá shubstaint nó níos mó lena n-áirítear alcól) coitianta, arís, cosúil leis an daonra ginearálta.
- Tá an Lucht Siúil i bpriacal na fadhbúsáide drugaí mar gheall ar na fachtóirí riosca a bhaineann lena gcúinsí comhghaolmhara sóisialta agus eacnamaíochta. Is iad na fachtóirí riosca buntábhachtacha don úsáid fhadhbach drugaí ná: oideachas, sláinte, fostaíocht, cóiríocht, úsáid drugaí roimhe agus faoi láthair, ceartas coiriúil, teaghlach, líonraí sóisialta agus an timpeallacht ó thaobh an díothachta sóisialta.
- Cuireann easpa eolais faoi dhrugaí agus sheirbhísí drugaí bacainn ar fhreagairtí an Lucht Siúil ar fhadhbanna drugaí lena n-áirítear a bheith ag dul i ngleic le mangaireacht drugaí.
- Tá taithí ag an Lucht Siúil ar iomadúlacht constaicí a bheith rompu agus iad ag féachaint le teacht ar sheirbhísí drugaí. Baineann siad seo le: easpa feasachta ar sheirbhísí a bheith ann agus ar an gcineál seirbhísí atá ar fáil; easpa oideachais fhoirmiúíl, stiogma agus náire; easpa seirbhísí a oireann dá gcultúr; idirdhealú agus stéiréitíopáil.
- Is féidir leis an taithí ar an idirdhealú agus eisiamh sóisialta a théann don phobal dlúth seo tionchar na húsáide drugaí ar daoine den Lucht Siúil iad atá ina n-úsáideoirí drugaí, ar a dteaghlaigh agus ar a bpobal, a ghéarú.
Dúirt Dr Des Corrigan, Cathaoirleach an CCND, “Taispeánann an tuarascáil seo go bhfuil úsáid drugaí agus úsáid fhadhbach drugaí i measc an Lucht Siúil. Lena chois seo ar fad, tá constaicí roimh an Lucht Siúil ó thaobh a bheith ag teacht ar sheirbhísí mar gheall ar roinnt fachtóirí lena n-áirítear easpa feasachta ar na seirbhísí atá ar fáil, céard a dhéanann na seirbhísí seo agus an stiogma nó náire a airítear faoina bheith ag freastal ar ionad seirbhíse drugaí le haghaidh cóireála agus tacaíochta. Deirtear sa tuarascáil nach bhfuil na seirbhísí atá ar fáil faoi láthair ag freastal ar riachtanais an Lucht Siúil agus nach bhfuil siad oiriúnach dá gcultúr.”
Moltar sa tuarascáil:
- Gur chóir go mbeadh monatóireacht ar eitneachas san áireamh i ngach taifead agus modh bailiúcháin sonraí ionas gurbh fhearr mar a bheifí in ann measúnacht a dhéanamh ar riachtanais an Lucht Siúil agus pleanáil dóibh ar aon dul le hobair reatha atá á déanamh faoi thionscadal píolótach na n-aitheantóirí eitneachais de chuid Straitéis Náisiúnta Sláinte an Lucht Siúil.
- Promhadh ó thaobh comhionannais de a dhéanamh ar bheartais maidir le drugaí agus ar phleanáil agus ar sheachadadh sheirbhís drugaí.
- Feasacht ar dhrugaí, shaincheisteanna a bhaineann le drugaí agus ar sheirbhísí drugaí a fheabhsú i measc an Lucht Siúil
- Seirbhísí drugaí a bheidh níos oiriúnaí ó thaobh cultúir a sholáthar lena gcuirfear eilimintí sonracha de chultúr agus d’fhéiniúlacht an Lucht Siúil san áireamh.
- Cinntiú go gcuirtear an Lucht Siúil san áireamh in obair Thascfhórsaí ar Dhrugaí agus i bhforbairt freagairtí ar dhrugaí ina bpobal féin.
- Tá tuilleadh taighde ar shaincheisteanna a bhaineann le drugaí sa Lucht Siúil ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna amhail líon na ndaoine a ghlacann le agus a fhanann i mbun cóireála le haghaidh drugaí.
CRÍOCH
Nótaí don eagarthóir
- Tá freagracht ar an Aire Stáit as an Straitéis Náisiúnta Drugaí agus as Gnóthaí Pobail ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus as Tithíocht agus Athnuachan Uirbeach ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.
- Choimisiúnaigh an Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí (CCND) an taighde faoi Ghníomh 98 den Straitéis Náisiúnta Drugaí 2001-2008 lena bhforáiltear le haghaidh staidéar a dhéanamh ar an mí-úsáid drugaí i measc na ngrúpaí a aithníodh a bheith i bpriacal m.sh. an Lucht Siúil, striapaigh, daoine gan dídean, agus daoine a fhágann an scoil go luath.
- Tá amuigh is istigh ar 30,000 duine den Lucht Siúil ina gcónaí in Éirinn.
- Choimisiúnaigh an CCND an taighde seo agus, tar éis tairiscinte oscailte, bronnadh an conradh ar Fís 21 a rinne an obair allamuigh. Rinne Jane Fountain, Ollamh ó Ionad Eitneachais agus Sláinte Ollscoil Lár Lancashire an anailís agus d’ullmhaigh sí an tuarascáil deiridh.
- Rinneadh an obair allamuigh go deireanach in 2003 agus 2004. Labhair taighdeoirí le 137 duine den Lucht Siúil agus le 34 oibrí gníomhaireachtaí trí ghrúpaí fócais agus agallaimh leathstruchtúrtha duine-le-duine. As an 137 rannpháirtí ón Lucht Siúil, bhí 15 ina n-úsáideoirí reatha agus ina n-iarúsáideoirí drugaí (dleathach agus aindleathach) agus cuireadh agallamh orthu don staidéar.
 |
| | | | | | | | | | | |
|