Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
1ú Urlár, Dún Aimhirgín
43/49 Bóthar Mespil,
Baile Átha Cliath
Teileafón: +353 1 647 3240
Faics: +353 1 647 3150
Ríomhphost: info@nacd.ie
Uaireanta Oscailte 9.00rn go 5.00in
 |
|
 |
TAIGHDE AR LEITHEADÚLACHT DRUGAÍ I LIMISTÉIR NA
mBORD SL ÁINTE SEOLTA
DÉ LUAIN, 19 AIBREÁN
2004
Sheol an tAire Stáit don Straitéis Náisiúnta
Drugaí, Noel Ahern, T.D. torthaí de réir limistéar
na mbord sláinte ón gcéad Suirbhé ar Leitheadúlacht
Drugaí in Éirinn inniu (Dé Luain, 19 Aibreán).
Tharla an seoladh in Óstán Bhaile Mhic Scanláin,
lasmuigh de Dh ún Dealgan, Co. Lú.
Bhí an suirbhé seo comh-choimisiúnaithe ag an gCoiste
Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí (CCND) in Éirinn
agus ag an Aonad um Thaighde agus Fhaisnéis ar Dhrugaí agus
Alcól (ATFDA) i dTuaisceart Éireann. Rinne MORI MRC suirbhé ar
8,442 duine san iomlán idir 15-64 bliana d’aois thar ceann
an CCND agus ATFDA (4,925 in Éirinn agus 3,517 i dTuaisceart Éireann)
idir mí Dheireadh Fómhair 2002 agus mí Aibreáin
2003.
Agus é ag cur fáilte roimh an mBuilitín seo, dúirt
an tAire Stáit, Noel Ahern, T.D., gur sholáthair an suirbhé faisnéis
bhonnlíne den scoth don Rialtas maidir le leitheadúlacht
drugaí a bheadh an-úsáideach i gcomhthéacs
na hoibre leanúnaí leis an Straitéis Náisiúnta
Druga í a chur i ngníomh.
"Tá an dara sraith fhigiúr á seoladh againn
inniu ón
suirbhé náisiúnta ar leitheadúlacht drugaí.
Tugann na figiúir i mBuilitín 2 miondealú de
réir
réigiún ar leitheadúlacht na ndrugaí in Éirinn
bunaithe ar limistéir na mbord sláinte, rud a chuireann
go suntasach leis an eolas agus an tuiscint atá againn ar an úsáid
drugaí trasna na tíre. Dearbhaíonn an suirbhé seo
an fhíric nár bhain formhór mór na ndaoine
in Éirinn úsáid as drugaí mídhleathacha
riamh.”
"Cuireann na torthaí chun suntais freisin, áfach,
an fhíric
nach bhfuil an úsáid drugaí srianta dár
bpríomhchathracha.
Tá an úsáid drugaí ina saincheist do
phobail, idir uirbeach agus tuaithe, ar fud na tíre agus
tá an Rialtas
meáite ar a bheith ag dul i ngleic léi ag gach leibhéal.
Tá an fhaisnéis atá sa Bhuilitín seo
iontach tráthúil, toisc go dtarlóidh an t-athbhreithniú lárthéarma
ar an Straitéis Náisiúnta Drugaí amach
sa bhliain seo. Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil le
gach duine a raibh lámh acu sa taighde seo, go háirithe
an grúpa
stiúrtha ón gCCND agus ón ATFDA,"
arsa an tAire Stáit Ahern.
Torthaí Buntábhachtacha:
Nóta
Leitheadúlacht saoil = freagróir(í) a bhain úsáid
as druga uair amháin ina saol ar a laghad
Ú
sáid le déanaí = freagróir(í) a bhain úsáid
as an druga sa bhliain roimh an suirbhé
Ú
sáid faoi láthair / reatha = freagróir(í) a
bhain úsáid as an druga sa mhí roimh an suirbhé
- Bhí éagsúlacht le tabhairt faoi deara ar an leitheadúlacht
saoil ó thaobh drugaí mídhleathacha – idir 11%
agus 29% trasna limistéar na mbord sláinte.
- Taifeadadh an ráta ab ísle den úsáid drugaí mídhleathacha
le déanaí i mBord Sláinte an Iarthuaiscirt (3%) agus
taifeadadh an ráta ab airde i mBord Sláinte an Limistéir
Thuaidh (8%).
- Bhí éagsúlacht le tabhairt faoi deara ar rátaí leitheadúlachta
maidir le húsáid reatha drugaí - idir 0.5% (Bord Sláinte
an Iarthuaiscirt) agus 5% (Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh).
- Bhí rátaí leitheadúlachta (saol, le déanaí agus
faoi láthair) níos airde sa chuid Thoir den tír de
ghnáth.
- Bhí canabas ar an bpríomh-dhruga mídhleathach ar
baineadh úsáid as ar bhonn saoil, le déanaí nó faoi
láthair i ngach limistéar boird sláinte. Bhí rátaí leitheadúlachta
le haghaidh canabais a dhá oiread níos airde ar a laghad agus
a bhí le haghaidh drugaí mídhleathacha eile.
- Bhí leibhéal na húsáide canabais le déanaí agus
faoi láthair níos airde i measc daoine fásta óga
(15-34) i mbeagnach gach ceann de na limistéir bhord sláinte,
ná mar a bhí i measc daoine fásta a bhí níos
sine (35-64).
- Bhí rátaí leitheadúlachta le haghaidh drugaí mídhleathacha
eile cuid mhaith níos ísle ná mar a bhí le haghaidh
canabais trasna gach limistéar agus tréimhse ama (saol, le
déanaí agus faoi láthair). Mar shampla, ba é an
ráta leitheadúlachta ab airde le haghaidh úsáid
a baineadh as eacstaise le déanaí ná 3% agus cóicín
(púdar) 2% i gcomparáid le 8% le haghaidh canabais.
- Thaispeáin próifíl na n-úsáideoirí drugaí mídhleathacha
go raibh cuid mhaith comhleanúnachais ann trasna na mbord sláinte – i
mbeagnach gach limistéar, bhí rátaí leitheadúlachta
saoil, le déanaí agus faoi láthair níos airde
i measc na bhfear ná na mban agus níos airde i measc daoine óga
ná daoine níos sine.
- Bhí rátaí leitheadúlachta le haghaidh támhachán,
suaimhneasán agus frithdhúlagrán níos airde
i measc daoine níos sine agus na mban i bhformhór na limistéar.
Agus samhail Ionad Monatóireachta na hEorpa ar Dhrugaí agus
Andúil i nDrugaí le haghaidh ceistneoirí á leanúint,
cuireadh ceisteanna maidir le húsáid alcóil agus
tobac freisin agus tá na rátaí leitheadúlachta
le haghaidh úsáid an alcóil agus an tobac soláthraithe
sa Bhuilitín seo. Déanfar idirghaolmhaireachtaí idir úsáid
substaintí mar chuid de phola-úsáid drugaí a
fhiosr ú tuilleadh i mBuilitín amach anseo.
Dúirt Dr Mary Ellen Mc Cann, Leas-Chathaoirleach an CCND, agus í ag
labhairt ag an seoladh
"Tá fairsinge agus pátrún
na húsáide drugaí sa daonra ginearálta ar
cheann den chúig tháscaire bhuntábhachtacha a bhaineann
leis an mí-úsáid drugaí a tháirg an
IMEDAD agus a ndeachaidh Ballstáit leo faoi Straitéis agus
Phlean Aicsin Drugaí an AE. Is é ról an CCND ná a
chinntiú go bhfaighfear sonraí iontaofa ionchomparáide
do Rialtas na hÉireann, rud a fhágann gur mó cumas
a bheidh ann le tuairisciú don AE. Bhí ról buntábhachtach
ag an Rannán Taighde ar Mhí-úsáid Drugaí (RTMD)
den Bhord Taighde Sláinte, arb é an Lárionad Náisiúnta
d’IMEDAD é, leis an suirbhé seo a fhorbairt, a chur
i ngníomh agus a anailísiú freisin."
"
Is é seo an dara builitín le bheith foilsithe ón
suirbhé náisiúnta ar leitheadúlacht drugaí.
Soláthraíonn sé léargas ar leith do lucht
déanta polasaithe, taighdeoirí agus soláthraitheoirí seirbhíse
ar leibhéil na leitheadúlachta drugaí i limistéir
na mbord sl áinte trasna na tíre."
"
Taispeánann torthaí buntábhachtacha an tsuirbhé gurb é an
canabas an druga mídhleathach is fairsinge a mbaintear úsáid
as. Lena chois sin, i mbeagnach gach limistéar boird sláinte,
bíonn an úsáid chanabais níos airde i measc
daoine fásta óga (15-34) ná daoine fásta níos
sine (35-64). Tugann an taighde le fios freisin go dtuairiscíonn
fir, go ginearálta, rátaí leitheadúlachta
níos airde ó thaobh úsáid drugaí ná mná.
Agus, ar bhonn réigiúnach, bíonn rátaí leitheadúlachta
drugaí níos airde sa chuid Thoir den tír."
NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ:
- Forbraíodh an chéad suirbhé ar leitheadúlacht
drugaí i líonta tí na hÉireann bunaithe ar na
treoirlínte arna dtáirgeadh ag IMEDAD, lena luaitear an méid
seo a leanas mar na príomhaidhmeanna:
- Rátaí leitheadúlachta
agus leanúnachais maidir leis na drugaí aindleathacha
is coitianta sa daonra ginearálta a thuairisciú de
réir inscne agus aoisghrúpaí;
- Measúnú trastíre a chumasú ar ghaolmhaireachtaí idir
pátrúin ghinearálta d’úsáid
drugaí aindleathacha agus dleathacha;
- Measúnú a chumasú ar ghaolmhaireachtaí idir
tréithe daonra áirithe agus úsáid
drugaí aindleathacha.
- Rinne MORI MRC an suirbhé agus úsáid á baint
acu as ceistneoir réamhullmhaithe agus as agallaimh duine-le-duine
(an modh ab fhearr le hIMEDAD de réir a dtreoirlínte) i measc
an aoisghrúpa 15- 64. Cuirfidh an suirbhé ar chumas an CCND
comparáidí a dhéanamh trasna réigiún
agus gealltanais an Rialtais a chomhlíonadh maidir leis an bhfaisnéis ábhartha
a sholáthar d’IMEDAD.
- Rinneadh obair allamuigh don suirbhé idir Deireadh Fómhair
2002 agus Aibreán 2003 agus ba é an líon daoine a bhí sa
sampla sa deireadh ná 8,442 (4,925 in Éirinn agus 3,517 i
dTuaisceart Éireann). Ba é 70% an ráta freagairte don
suirbhé in Éirinn agus 63% i dTuaisceart Éireann.
- Using the most recent census data, the sample was weighted by gender,
age and Health Board (Health and Social Services Board area in Northern
Ireland), to maximise its representativeness of the general population.
- Foilseofar mionsonraí iomlána in am is i dtrath ar an
modheolaíocht agus cóipeanna de na ceistneoirí ar baineadh úsáid
astu sa dá dhlínse ar leithligh i dtuairisc theicniúil
chuimsitheach.
- Ba chóir na pointí seo a leanas a thabhairt faoi deara
agus an fhaisnéis sa bhuilitín á breithniú:
- Tagraíonn rátaí leitheadúlachta
le haghaidh “aon drugaí mídhleathacha” don úsáid
a tuairiscíodh a baineadh as ceann amháin nó níos
mó den mhéid seo a leanas: aimfeataimíní,
canabas, púdar cóicín, crac, eacstaise,
hearóin, dé-eitiolaimíd aigéid
líseirgigh (LSD), beacáin draíochta, poppers
nó tuaslagóirí - féach fonótaí leis
an tábla.
- Níorbh ionann na drugaí a cuireadh
san áireamh
faoi “chodlaidínigh eile” in Éirinn
agus i dTuaisceart Éireann – féach na fonótaí a
ghabhann leis na táblaí le haghaidh mionsonraí iomlána.
- Níor cuireadh ceisteanna a bhain le stéaróidigh
anabalacha agus Nubain ach i dTuaisceart Éireann amháin,
níor cuireadh na drugaí seo san áireamh
agus rátaí leitheadúlachta le haghaidh aon
drugaí mídhleathacha á ríomhadh.
- Mar a bhíonn i ngach suirbhé samplach, dá mhéad
líon an sampla, is ea is mó gur féidir brath ar staitisticí na
dtorthaí.
- Sa chás go luaitear nár tuairiscíodh aon úsáid
a bheith á baint as druga ar leith, tugann sé seo le fios
nár thuairiscigh aon fhreagróir sa suirbhé gur bhaineadar úsáid
as druga ar leith. Ní chiallaíonn sé nach raibh úsáid
ar bith á baint as an druga sin sa limistéar, cé go
dtugann sé leibhéil ísle ó thaobh úsáide
le fios.
Foilsíodh Builitín 1, a sholáthair
pictiúr náisiúnta ar leitheadúlacht
drugaí in Éirinn, i dTuaisceart Éireann agus
in oileán na hÉireann, i mí Dheireadh Fómhair
2003 agus tá sé ar fáil le híoslódáil ón ár
suíomh idirlín www.nacd.ie nó i bhfoirm chruachóipe ón
oifig.
Faoin gCCND and DAIRU
Bunaíodh an CCND i mí Iúil 2000 chun comhairle
a thabhairt do Rialtas na hÉireann i ndáil le leitheadúlacht,
cosc, cóireáil / athshlánúchán
agus iarmhairtí na fadhb-úsáide drugaí in Éirinn,
bunaithe ar an anailís ar thorthaí taighde agus ar
fhaisnéis. Tá maoirseacht á déanamh
ag an gCCND ar chlár saothair a sheachadadh maidir le fairsinge,
cineál, cúiseanna agus éifeachtaí na
húsáide drugaí in Éirinn. Tá an
CCND comhdhéanta d’ionadaithe arna n-ainmniú ó ghníomhaireachtaí agus
earnálacha ábhartha, idir reachtúil agus neamhreachtúil.
Tuairiscíonn an CCND don Aire Stáit atá freagrach
as an Straitéis Náisiúnta Drugaí. Tá roinnt
mhaith tuairiscí foilsithe ag an gCCND, atá ar fáil
ar an suíomh idirlín. Is féidir tuilleadh
faisnéise a fháil ón suíomh idirlín:
www.nacd.ie.
Bunaíodh an tATFDA i mí na Bealtaine 2001 chun clár
faisnéise agus shaothar taighde a fhorbairt agus a bhainistiú le
tacú leis an gcomhobair le Straitéisí Drugaí agus
Alcóil Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann a chur i
ngníomh, ag cur le hobair a rinneadh roimhe sin chun tacú leis
an Straitéis Drugaí amháin. Cuireann an dá straitéis
chun suntais an gá le faisnéis mhionsonraithe ar
phátrúin agus iompair ó thaobh úsáid
drugaí agus ólachán chun polasaithe agus cleachtas
a spriocdhíriú go héifeachtach. Chomh maith
leis sin, tá lámh ag an ATFDA in obair le meastóireacht
a dhéanamh ar thionscadail agus thionscnaimh arna maoiniú tríd
an Straitéis Drugaí, le Bunachar Sonraí Thuaisceart Éireann
um Mhí-Úsáid Drugaí a bhainistiú agus
a fhorbairt agus le faisnéis a bhíonn ar fáil
a scaipeadh. Tá an tATFDA lonnaithe laistigh den Roinn Sláinte,
Seirbhísí Sláinte agus Sábháilteachta
Poiblí. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ó suíomh
idirlín na Roinne sin:
www.dhsspsni.gov.uk/stats&research.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise in Éirinn, téigh
i dteagmháil le:
Pat Montague,
Montague Communications,
Teil: +353 1 837 7960
Soghluaiste: +353 87 254 9123
Le haghaidh tuilleadh faisnéise i dTuaisceart Éireann,
téigh i dteagmháil le:
An tUas. Dave Rogers
Rannán Taighde agus Faisnéise ar Dhrugaí agus
ar Alcól
Roinn Sláinte,
Seirbhísí Sláinte agus Sábháilteachta
Poiblí Urtheach 2,
Foirgnimh an Chaisleáin Stormont,
BT4 3UD
Teil: 048 9052 2501
 |
| | | | | | | | | | | |
|