Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
8th Floor
Hawkins House
Hawkins St.
Dublin 2
Teileafón: +353 1 6354283
Ríomhphost: info@nacd.ie
Uaireanta Oscailte 9.00rn go 5.00in
 |
|
 |
Úsáid á baint as drugaí go leanúnach
ar cheann de na príomhchúiseanna go bhfanann daoine gan
d ídean i riocht a bheith gan dídean, a deir an CCND
14ú Aibreán 2005
Teagmháil le haghaidh na Meán: Jane O’Dwyer (086
6491408) / Pat Montague (087 2549123) Montague Communications, teil. 01
8377960
Déardaoin, 14 Aibreán 2005 – Tá chéad
mhórthuairisc na hÉireann maidir leis an úsáid
drugaí agus an easpa dídine tar éis a nochtadh go
bhfuil baint shoiléir idir an úsáid drugaí agus
an t-easpa dídine, an ceann eile á dhéanamh níos
casta agus n íos measa ag an dá cheann. Agus an Tuairisc
“Úsáid
Drugaí i Measc an Daonra Gan Dídean in Éirinn” á seoladh
aige, dúirt an tUas. Noel Ahern, T.D., Aire Stáit le freagracht
as an Straitéis Náisiúnta Drugaí agus as Tithíocht, “go
bhfuil daoine a bhfuil idir úsáid fhadhbach drugaí agus
easpa dídine anuas orthu iontach leochaileach. Cuirim fáilte
roimh an taighde tráthúil seo a sholáthraíonn
soiléiriú a bhfuil an-ghá leis maidir le cineál
agus fairsinge na mí-úsáide drugaí ag an ngrúpa
seo. ”
Choimisiúnaigh an Coiste Comhairleach Náisiúnta ar
Dhrugaí an taighde mar chuid den obair le Gníomh 98 den
Straitéis Náisiúnta Drugaí a chomhlíonadh
agus ba é Cé na gCeannaithe Éireann a rinne an taighde.
Bhí agallaimh le 355 duine gan dídean ar fud na tíre
i gceist leis (b’as Baile Átha Cliath do 70% díobh)
chomh maith le 14 grúpa fócais le 64 soláthraí seirbhíse
um easpa d ídine agus drugaí.
Tá an méid seo a leanas san áireamh sna torthaí buntábhachtacha ón
tuairisc:
- Cé nach é an úsáid drugaí an
phríomhchúis go mbíonn daoine gan dídean,
is cúis bhuntábhachtach é go bhfanann siad gan
dídean. Ba é an phríomhchúis go mbíonn
daoine gan dídean ná achrann sa teaghlach;
- Tá an méid seo a leanas i measc cúiseanna eile
go bhfanann daoine gan dídean: rochtain ar thithíocht,
fadhbanna airgid, achrann sa teaghlach agus úsáid á baint
as alcól go leanúnach;
- Bhí leitheadúlacht na húsáide drugaí sa
daonra gan dídean ard agus bhí rátaí saoil
(74%), le déanaí (64%) agus faoi láthair 52%) cuid
mhaith níos airde ná iad siúd a fuarthas i measc
an daonra ginearálta (19%, 6% agus 3% faoi seach);
- Ba é an canabas an druga aindleathach ba choitianta ar baineadh úsáid
as arna leanúint ag hearóin thar gach tréimhse
ama – saol, le bliain anuas (le déanaí) agus le
mí anuas (faoi láthair);
- Tá an t-alcól ar an bpríomh-dhruga a roghnaítear
i measc an daonra gan dídean (70%);
- Baineann breis is leathchuid (52%) den daonra gan dídean ar
cuireadh suirbhé orthu, úsáid as drugaí faoi
láthair;
- Úsáideoirí fadhbacha drugaí ab ea 36%
díobh siúd ar cuireadh suirbhé orthu;
- Bhí 19% de dhaonra an staidéir ag instealladh drugaí faoi
láthair, bhí duine as gach beirt á instealladh
i spáis phoiblí as a measc seo;
- As a measc siúd a thuairiscigh go raibh siad ag baint úsáide
as drugaí faoi láthair, bhí siad ag baint úsáide
as 3 dhruga dhifriúla ar an meán;
- Bhain duine as gach ceathrar úsáideoir drugaí a
bhí gan dídean i mBaile Átha Cliath faoi láthair úsáid
as 5 dhruga dhifriúla nó níos mó;
- Bhí beagnach dhá dtrian díobh siúd a thuairiscigh
go raibh siad ag baint úsáide as cóicín
faoi láthair, á instealladh (úsáid á baint
as púdar cóicín ag 17% faoi láthair);
- Bhí tinneas síciatrach arna aithint ag dochtúir
ar 30% de dhaonra an staidéir;
- Bhí seal caite sa phríosún ag 55% de dhaonra
an staidéir.
Dúirt Mairéad Lyons, Stiúrthóir CCND,
“Agus freagracht air as an Straitéis
Náisiúnta Drugaí agus as Tithíocht, tá an
tAire in áit ar leith le dul i ngleic leis na fadhbanna sonracha
a théann go holc d’úsáideoirí drugaí gan
dídean. Táimid muiníneach go gcabhróidh torthaí an
taighde seo le seirbhísí feabhsaithe a fhorbairt agus a
phleanáil d’úsáideoirí drugaí gan
dídean. Tá sraith mholtaí leagtha amach againn lena
gclúdaítear ceithre réimse bhuntábhachtacha:
polasaithe agus pleanáil, cóireáil drugaí,
laghdú díobhála agus cóiríocht agus
tith íocht.”
Maidir le polasaithe agus pleanáil, is é an príomh-mholadh
atá déanta ag an gCCND gur chóir go bhforbródh
gach seirbhís um easpa dídine agus drugaí polasaithe
scríofa a mbeidh sé d’aidhm acu úsáideoirí drugaí gan
dídean a chuimsiú go dearfach ina gcuid seirbhísí – luaigh
86% díobh siúd ar cuireadh suirbhé orthu cóiríocht
chobhsaí mar an príomhriachtanas seirbhíse. I dtaca
leis seo, tá sé molta ag an gCCND gur chóir go gcomhaontófaí prótacail
le húdaráis áitiúla agus le soláthraithe
eile tithíochta lena chinntiú gur féidir le daoine
a n-éiríonn leo cláir tithíochta trasdula
a chur i gcrích, cóiríocht fhadtéarmach a
fháil. Sa ghearrthéarma, molann an CCND freisin gur chóir
go gcinnteofaí bealaí le teacht ar sholáthar leordhóthaineach
de chóiríocht éigeandála a bheidh oiriúnach
agus solúbtha. Thar an bhfadtéarma, ba chóir go mbeadh
soláthar leordhóthaineach de thithíocht shóisialta
agus dheonach ar f áil.
Do sholáthraithe seirbhíse drugaí, ba é an
príomhdhúshlán a tuairiscíodh ná maidir
le bheith ag iarraidh freastal ar na riachtanais iomadúla atá ag úsáideoirí drugaí.
De réir soláthraithe seirbhíse, is minic nach raibh
dóthain acmhainní ná foirne i gceist le cáilíocht
na seirbhísí arna dtairiscint d’úsáideoirí drugaí gan
dídean.
Do sholáthraithe seirbhíse um easpa dídine, tá easpa
eolais, oiliúna agus taithí maidir le saincheisteanna drugaí ar
na bacainn í atá rompu faoi láthair.
Tá sé molta ag an gCCND gur chóir go mbeadh ionadaithe ó sheirbhísí drugaí agus/
nó thascfhórsaí drugaí curtha san áireamh
i ngach Fóram um Easpa Dídine trasna na tíre, in éineacht
le gealltanas le forbairt ghairmiúil an dá sholáthraí seirbhísí a
mhaoiniú, chun comhoibriú níos mó a éascú idir
gníomhaireachtaí. Ar an gcaoi chéanna, ba chóir
ionadaithe thar ceann seirbhísí um easpa dídine a
bheith curtha san áireamh i dTascfhórsaí Réigiúnacha
agus Áitiúla ar Dhrugaí.
Ag caint dó maidir leis an tuairisc, dúirt an tAire Ahern “ go
bhfuil sé soiléir go bhfuil riachtanais úsáideoirí drugaí gan
dídean ina ndúshlán do roinnt Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais
agus, maidir leis seo, tá áthas orm a thabhairt faoi deara
go raibh feabhsuithe ar na bealaí a sheachadtar seirbhís
thar shaolré an taighde seo. Lena chois sin, tá na torthaí curtha
san áireamh cheana féin san Athbhreithniú Lárthéarma
ar an Straitéis Náisiúnta Drugaí agus breithneofar
iad mar chuid den Athbhreithniú ar an Straitéis um Easpa
Dídine.”
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Tá freagracht ar an Aire Stáit as an Straitéis
Drugaí agus as Gnóthaí Pobail ag an Roinn Gnóthaí Pobail,
Tuaithe agus Gaeltachta agus as Tithíocht agus Athnuachan Uirbeach
ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.
Coimisiúnaíodh an taighde seo in 2002 agus thug an tAonad
Taighde i gCé na gCeannaithe Éireann faoi. Scríobh
an tAire Stáit chuig an gCCND á iarraidh orainn an úsáid
drugaí i measc an ghrúpa leochailigh seo a imscrúdú.
Lena chois sin, comhlíonann sé cuid dár ndualgais
i ndáil le Gníomh 98 den Straitéis Náisiúnta
Drugaí 2001-2008 chun staidéir a dhéanamh ar an mí-úsáid
drugaí i measc na ngrúpaí a aithníodh mar
ghrúpaí atá i mbaol m.sh. Lucht Siúil, striapaigh,
daoine gan dídean, daoine a d’fhág an scoil go luath,
srl., lena n-áirítear sonraí ar na grúpaí seo
a dhí-leithscaradh. Tá sé bunriachtanach go mbíonn
na daoine agus na grúpaí is mó a dtéann mí-úsáid
drugaí i bhfeidhm orthu, agus iad siúd a bhíonn bainteach
le hobair chun mí-úsaid drugaí a laghdú, a
chóireáil agus a chosc, in ann teacht ar fhaisnéis ábhartha
ar an bpointe.
Tar éis tairiscinte oscailte, bronnadh an conradh ar Ché na
gCeannaithe Éireann. Rinne beirt taighdeoir laistigh dá nAonad
Taighde, Marie Lawless, Uas. agus Caroline Corr, Uas. an taighde. Cuireadh
an taighde i ngníomh faoi threoir agus thacaíocht ghrúpa
um chomhairle taighde, a bhí comhdhéanta d’ionadaithe ó Fhócas Éireann, Údarás
Sláinte Réigiúnach an Oirthir, Foireann na Straitéise
Náisiúnta Drugaí, Simon Bhaile Átha Cliath,
an tAonad um Dhaoine Gan Dídean, Bord Sláinte an Limistéir
Thuaidh (Oifig na Riachtanas Speisialta agus na Comhairleoireachta Drugaí),
an Ghn íomhaireacht um Easpa Dídine agus an CCND.
Modheolaíocht an Taighde
Forbraíodh ceistneoir le cúnamh an ghrúpa um chomhairle
taighde agus lorg siad faisnéis ar thréithe pearsanta, chineálacha
cóiríochta, eispéiris ar an easpa dídine,
sláinte (idir fhisiciúil agus mheabhrach), ioncam, úsáid
drugaí agus alcóil, iompair ar riosca iad, teagmháil
le seirbhísí reatha agus féinmheasúnacht ar
riachtanais reatha.
Baineadh úsáid as uirlisí scagtha sonracha atá aitheanta
go hidirnáisiúnta chun úsáid fhadhbach substaintí a
dhéanamh amach. Is éard atá san AUDIT (Alcohol Use
Disorders Identification Test Screening Instrument) ná scála
lena mbaineann 10 mír agus atá deartha chun scagadh a dhéanamh
le féachaint an bhfuil fadhbanna alcóil ann; is éard
atá sa DAST (Drug Abuse Screening Test) ná scála
lena mbaineann 20 mír agus lena n-aithnítear úsáid
fhadhbach drugaí, agus a cuireadh in oiriúint do thoscaí an
staidéir agus a laghdaíodh go dtí scála lenar
bhain 10 mír; is éard atá i sa SDS (Severity of Dependence
Scale) ná scála lena mbaineann 5 mhír agus atá deartha
le déine an spleáchais ar dhrugaí éagsúla
a thomhas.
Earcaíodh thart ar 9 n-Oibrí allamuigh, nach raibh lámh
acu go díreach in obair le seirbhísí um easpa dídine
a sholáthar agus cuireadh oiliúint orthu leis an suirbhé a
dhéanamh. Rinneadh na sonraí a bhailiú de réir
a chéile trasna seirbhísí difriúla agus riaradh
formhór na suirbhéanna agus na daoine earcaithe, mar gheall
ar nós maireachtála an ghrúpa a bheith trína
ch éile.
Sampláil:
Toisc nach bhfuil aon bhealach deifinídeach go mbeifí ar
an eolas faoin daonra iomlán atá gan dídean mar gheall
go mbíonn an tsoghluaisteacht agus an neamhchónaitheacht
de dhlúth is d’inneach ann, rinneadh cuótaí amach
le haghaidh ceithre limistéar uirbeacha – Baile Átha
Cliath, Corcaigh, Luimneach agus Gaillimh. Threoraigh Cuntas na hInstitiúide
um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta / na Gníomhaireachta
um Easpa Dídine ar dhaoine gan dídean sampla Bhaile Átha
Cliath agus gan tagairt á déanamh sa chuntas úd ach
dóibh siúd a bhí i dteagmháil le seirbhísí um
easpa dídine. Bhí trí athróg sa chuntas: inscne,
aois agus cineál príomhchóiríocht. Baineadh úsáid
as sampláil de réir cuótaí i limistéir
uirbeacha eile, bunaithe, a bheag nó a mhór, ar chineál
cóiríocht amháin agus feidhm á baint as sonraí ó mheasúnachtaí na
n- údarás áitiúil ar an easpa dídine.
Tugadh aitheantóir ar leith do gach duine ar cuireadh agallamh
air nó uirthi le seachaint is nach gcuirfí agallamh orthu
n íos mó ná uair amháin sa suirbhé.
Pr óifíl ar an Duine Gan Dídean sa Staidéar:
Is éard atá sa mhéid seo a leanas ná cur síos
achomair ar thréithe shonraí shampla an tsuirbhé a
bail íodh ó 355 duine gan dídean:
- Inscne: Fir ab ea 69%; mná ab ea 31% den sampla.
- Aois: Ba é meánaois na bhfear ná 29 agus meánaois
na mban ná 24.
- Oideachas: Ní raibh ach oideachas bunscoile ag 25% díobh;
bhí bunchuid an dara leibhéil bainte amach ag 50%; bhain
15% leibhéil uachtaracha na meánscoile amach; bhain 6%
tríú leibhéal
amach agus 4% oideachas eile amhail oiliúint agus printíseachtaí FÁS.
- Fostaíocht: Bhí 66% dífhostaithe; ní raibh
24% in ann obair a dhéanamh; bhí 10% ag obair, éirithe
as obair (ar scor), ar chúrsa oiliúna nó ag tógáil
leanaí.
- Príosún: Bhí seal caite sa phríosún
ag 55%.
Próifíl ar Úsáideoirí Fadhbacha Drugaí a
bhí Gan Dídean:
- mó seans gurb pola-úsáideoirí drugaí a
bheadh iontu
- mó seans go mbeidís níos óige ar an
meán
ná an chuid eile den sampla (28 mbliana d’aois vs 33
bliana d’aois sa chuid eile den sampla)
- mó seans go mbeidís gan dídean den chéad
uair ag aois níos óige
- mó seans go mbeidís i gcóiríocht de
shórt
B&B (28% vs 19% den chuid eile den sampla)
- mó seans go mbeidís ag codladh amuigh (21% vs 16%)
- mó seans go mbeadh taithí acu ar a bheith i bpríosún.
Saincheisteanna drugaí de réir cineál príomhchóiríocht:
- As measc na ndaoine a bhí ina gcónaí i mbrúnna
ar cuireadh an suirbhé orthu, bhain duine as gach naonúr
(11%) úsáid as 5 dhruga nó níos mó agus
scóráladh duine as gach triúr (31%) mar úsáideoirí fadhbacha
drugaí
- As measc na ndaoine a bhí ina gcónaí in B&Beanna
ar cuireadh an suirbhé orthu, bhain duine as gach seisear
(17%) úsáid
as 5 dhruga nó níos mó agus scóráladh
duine as beirt (51%) mar úsáideoirí fadhbacha
drugaí
- As measc na ndaoine a chodlaíonn amuigh ar cuireadh an suirbhé orthu,
bhain duine as gach cúigear (20%) úsáid as
5 dhruga nó níos mó agus scóráladh
beagnach duine as gach beirt (46%) mar úsáideoirí fadhbacha
drugaí
CRÍOCH
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, téigh i dteagmháil
le Jane O’Dwyer (086 6491408) / Pat Montague (087 2549123)
ag Montague Communications, teil. 01 8377960.
 |
| | | | | | | | | | | |
|