Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
8th Floor
Hawkins House
Hawkins St.
Dublin 2
Teileafón: +353 1 6354283
Ríomhphost: info@nacd.ie
Uaireanta Oscailte 9.00rn go 5.00in
 |
|
 |
Cuireann tuairisc nua chun suntais a mhéid is a d’fhéadfadh
seirbhísí tacaíochta teaghlaigh cabhrú le
druga í a chosc – deis nach bhfuil á tapú
12ú Samhain 2004
Déardaoin, 11ú Samhain 2004 – Níl fadhbanna
drugaí ina bhfócas dá n-oibre ach ag an gcúigiú cuid
de Sheirbhísí Tacaíochta Teaghlaigh (STT), de réir
tuairisce a sheol an tUas. Noel Ahern, T.D., Aire Stáit don Straitéis
Náisiúnta Drugaí ag an Roinn Gnóthaí Pobail,
Tuaithe agus Gaeltachta inniu [Dé hAoine, 12 Samhain]. Scrúdaíonn
an tuairisc, a choimisiúnaigh an Coiste Comhairleach Náisiúnta
ar Dhrugaí (CCND), ról na Seirbhísí Tacaíochta
Teaghlaigh ó thaobh a bheith ag freagairt d’fhadhbanna drugaí agus
iad a chosc.
Bíonn sé d’aidhm ghinearálta ag Seirbhísí Tacaíochta
Teaghlaigh tacú le teaghlaigh agus raon seirbhísí a
sholáthar lena n-áirítear comhairleoireacht, treoir,
tacaíocht do thuismitheoirí, comhairle, roinnt oibre óige
agus forbartha pobail.
“Is léir do chách tábhacht an teaghlaigh i sochaí na
hÉireann agus, mar sin, tá áthas ar leith orm fáilte
a chur roimh an tuairisc seo. Imríonn teaghlaigh láidre
ról fíorthábhachtach agus páistí ag
forbairt agus soláthraíonn siad scileanna don saol dóibh.
Dá réir sin, má táimid le cosc drugaí a
mhéadú, caithifimid aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist ó thaobh
a bheith ag tacú le teaghlaigh, go háirithe leo siúd
atá i mbaol. Sa chomhthéacs seo, creidim gurb é seo
an t-am cuí chun feasacht a leathnú agus feabhsuithe ar
sheirbhísí do theaghlaigh a dhéanamh, tá súil
agam, ”
arsa
an tAire Ahern.
Bhí suirbhé san áireamh sa tuairisc, dar teideal “Ról
Seirbhísí Tacaíochta Teaghlaigh agus Drugaí á gCosc” ar
461 soláthraí STT. Tá 81% de na seirbhísí a
d’fhreagair lonnaithe i limistéir faoi mhí-bhuntáiste
agus tá 50% díobh lonnaithe i ndobharcheantar a ngabhann
tascfhórsa áitiúil ar dhrugaí leis. Tairgtear
seirbhísí éagsúla do chliaint de réir
mar a bhí mórfhócas nó mionfhócas ar
dhrugaí i ngníomhaíocht a seirbhíse, nó fócas
ar bith. Tá an méid seo a leanas san áireamh sna
tortha í buntábhachtacha ón suirbhe:
- D'aontaigh breis is leath na bhfreagróirí (57%)
go gcabhraíonn a gcuid seirbhísí le drugaí a
chosc ar bhealach dearfach.
- Dá aineoinn sin, sheol tromlach
na seirbhísí, 93%,
daoine a tháinig i láthair le fadhbanna drugaí, ar
aghaidh chuig seirbhís eile.
- Ba é mí-úsáid
an alcóil an rud ba
choitianta a thuairiscigh na seirbhísí, agus ba choitianta
mí-úsáid drugaí ar oideas agus mí-úsáid
drugaí mídhleathacha a bheith á dtuairisciú i
limistéir uirbeacha a bhí níos mó.
- Chuaigh
an úsáid drugaí i bhfeidhm ar chaidrimh
sa teaghlach, rud a thaispeáin an suirbhe a chuir le fadhbanna
idir tuismitheoirí (61%), le tuismitheoirí (61%) agus le
deacrachtaí tuismitheoireachta (59%).
Taispeánann na torthaí go mbraitheann na seirbhísí ar
fad nach bhfuil siad iomlán muiníneach astu féin
agus iad ag déileáil le teaghlaigh a bhfuil fadhbanna drugaí acu.
Tá an t-easpa muiníne seo tagtha chun cinn de bharr easpa
soiléire ina ról le seirbhís a sholáthar do
theaghlaigh a bhfuil fadhbanna drugaí acu; easpa scileanna chun
oibriú leis na teaghlaigh seo ar bhealach a n-éireodh leis,
agus easpa tacaíochta laistigh den eagraíocht chun seirbhís
a thabhairt do na teaghlaigh seo.
Dúirt Dr Mary Ellen Mc Cann, Leas-Chathaoirleach an CCND,
“Is
léir go dtarlaíonn iarrachtaí coisc, idir fhoirmiúil
agus neamhfhoirmiúil, i gcuid mhaith suíomh difriúil
laistigh den phobal níos leithne, laistigh de scoileanna agus
go príomha laistigh den bhaile. An rud atá spéisiúil
faoin tuairisc seo ná gur féidir le Seirbhísí Tacaíochta
Teaghlaigh, go minic i ngan fhios dóibh, ról a imirt le
teaghlaigh agus daoine aonair sna teaghlaigh a láidriú ó thaobh
a bhfreagairtí ar fheiniméan na ndrugaí. Ó thaobh
an chliaint de, soláthraíonn tacaíocht ghníomhach
don teaghlach tacaíocht mhothúchánach dóibh,
braistint an dóchais agus tacaí praiticiúla amhail
faisn éis agus a bheith ag plé a gcáis thar a gceann.”
Tá na moltaí seo a leanas déanta ag an gCCND chun
acmhainn na STT a mhéadú le freagairt d’fhadhbanna
druga í agus iad a chosc:
-
Ba chóir cumas na seirbhísí le freagairt, a mhéadú trí leibhéal
oiriúnach acmhainní/maoinithe a sholáthar in éineacht
le hoiliúint oiriúnach do bhaill foirne atá i mbun
seirbh ísí.
- Ba chóir nascanna agus líonraí idir
gníomhaireachtaí a
láidriú trí eolas a fhorbairt ar shaincheisteanna
agus ar dhearcaí an phobail áitiúil, trí chumarsáidí a
fheabhsú agus trí fheasacht ar sheirbhísí agus
ar ghn íomhaíochtaí a mhéadú.
- Ba
chóir uirlisí monatóireachta agus meastóireachta
a bhainfidh le hábhar a fhorbairt chun teacht suas le tionchar
ghníomhaíochtaí na seirbhísí ar theaghlaigh
maidir le druga í a chosc.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, téigh i dteagmháil
le: Jane O’Dwyer (086 6491408) / Pat Montague (087 2549123) ag Montague
Communications, Teil. 01 8377960 n ó ríomhphost jodwyer@montaguecomms.ie
 |
| | | | | | | | | | | |
|