Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí
Faoin gCCND
Clár Oibre
Nuacht agus Imeachtaí
Foilseacháin
DVD
Gníomhaíochtaí Taighde
Maoiniú Taighde
Aigneachtaí
Naisc
FOI
 
Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
1ú Urlár, Dún Aimhirgín
43/49 Bóthar Mespil,
Baile Átha Cliath

Teileafón: +353 1 647 3240
Faics: +353 1 647 3150
Ríomhphost: info@nacd.ie

Uaireanta Oscailte
9.00rn go 5.00in

National Development Plan
Baile Teagmhálacha Mapa Suímh Cuardach Bearla
  Prevention, Consequences, Prevalence, Treatment, Rehabilitation ..
 Tá tú anseo:   Baile > Nuacht agus Imeachtaí > Preaseisiúintí

TUGTAR CHUN SUNTAIS LE TAIGHDE NUA AN GÁ ATÁ LE SEIRBHÍSÍ TACAÍOCHTA A BHEIDH MAOINITHE GO SÁSÚIL D’OIBRITHE GNÉIS A ÚSÁIDEANN DRUGAÍ

Le hEisiúint: Dé Máirt 12 Bealtaine 2009

TUGTAR CHUN SUNTAIS LE TAIGHDE NUA AN GÁ ATÁ LE SEIRBHÍSÍ TACAÍOCHTA A BHEIDH MAOINITHE GO SÁSÚIL D’OIBRITHE GNÉIS A ÚSÁIDEANN DRUGAÍ

Freagróirí nochta don iliomad riosca agus díobháil ina saol féin agus ina saol oibre

Sa chéad phíosa taighde cáilíochtúil dá ndearnadh riamh ar oibrithe gnéis in Éirinn, tugadh chun suntais go bhfuil gá le struchtúir thacaíochta a bheidh maoinithe go sásúil chun laghdú éifeachtach a dhéanamh ar riosca na díobhála do dhaoine aonair. Sheol an tUas. John Curran, T.D., Aire Stáit le freagracht as an Straitéis Naisiúnta Drugaí, tuairisc an Choiste Chomhairligh Naisiúnta um Dhrugaí (CCND), An Úsáid Drugaí, an Obair Ghnéis agus an Timpeallacht ó thaobh Rioscaí i mBaile Átha Cliath, inniu (Dé Máirt 12 Bealtaine 2009). Reáchtáil an CCND an taighde seo mar chuid dá ghealltanas faoi Ghníomh 98 den Straitéis Náisiúnta Drugaí 2001-2008 le staidéar a dhéanamh ar an úsáid drugaí i measc grúpaí atá i mbaol agus mar chuid dá shainchúram le comhairle a thabhairt don Rialtas faoi iarmhairtí na fadhbúsáide drugaí in Éirinn.

Féachadh leis an taighde ar thimpeallacht na rioscaí áitiúla a bhíonn i gceist d’fhadhbúsáideoirí drugaí, arb oibrithe gnéis iad, agus iad ina gcónaí agus ag obair i mBaile Átha Cliath. Reáchtáladh grinnagallaimh le 35 úsáideoir drugaí, a bhíonn i mbun oibre gnéis faoi láthair nó a bhí roimhe, chun tuiscint a fháil ar a ndearcadh ar rioscaí agus ar an mbealach a iompraíonn siad iad féin agus rioscaí i gceist. Thángthas ar an gconclúid sa tuairisc go bhfuil sé chomh buntábhachtach céanna go dtabharfaí aghaidh ar riachtanais níos leithne, ó thaobh cúrsaí sóisialta agus cás saoil na n-oibrithe de, amhail an bhochtaineacht, tithíocht, an tsláinte, riachtanais oideachais agus an dóchúlacht ó thaobh cúrsaí fostaíochta, le riosca a ndíobhála a laghdú, is atá sé aghaidh a thabhairt ar an úsáid drugaí.

Ag seoladh na tuairisce dó, chuir an tAire Curran fáilte roimh an taighde á rá go mbainfear úsáid as chun an bealach a fhorbrófar an Straitéis Náisiúnta Drugaí a threorú:
“Soláthraítear faisnéis luachmhar sa tuairisc maidir le grúpa tábhachtach ‘atá i mbaol’. Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin atá i gceist le Straitéis nua Náisiúnta Drugaí a fhorbairt don tréimhse 2009-2016, bhuail oifigigh mo Roinne le grúpa ionadaithe thar ceann oibrithe gnéis agus thugamar lánaird ar na pointí a rinne siad. Tá rún daingean agam leanúint ar aghaidh le fíordhul chun cinn a bhaint amach maidir le díobháil a laghdú agus maidir leis an athshlánúchán ó dhrugaí. Tá súil agam gur féidir teacht ar aghaidh go mór maidir leis sin i gcaitheamh na tréimhse amach romhainn, i leith roinnt mhaith réimsí amhail tacaíocht ó thaobh cúrsaí leighis, ó thaobh tithíochta, oideachais, fostaíochta agus tacaíochta teaghlaigh de.”

Ag labhairt dó agus an tuairisc á seoladh, dúirt cathaoirleach fhochoiste an CCND maidir le hIarmhairtí, Liam O’Brien, “Nochtaítear leis na torthaí go bhfuil raon iompar ann a bhaineann leis an úsaid drugaí agus leis an gcineál saoil a ghabhann léi a fhágann go mbíonn an duine i mbaol a dhíobhála. Cé go dtaispeántar leis an taighde go n-úsáideann rannpháirtithe raon straitéisí chun riosca na díobhála a laghdú dóibh féin, baineann a ndearcadh ar rioscaí leis na dálaí a bhaineann dóibh, rud a fhágann go mbíonn roinnt rioscaí inghlactha nó riachtanach.

 “Cé gur léir gur bunaidhm de chuid Straitéis Náisiúnta Drugaí na hÉireann go laghdófar an t-éileamh ar dhrugaí agus gcuirfí bac ar dhaoine iad a thógáil ar an gcéad dul síos, caithfimid aghaidh a thabhairt ar an réalaíocht, is é sin, an fáth go mbíonn drugaí á dtógáil ag na daoine seo agus go mbíonn siad á gcur féin i mbaol na díobhála.”

Dúirt taighdeoir leis an gCCND, Dr Teresa Whitaker, “Téama a bhí i dtreis i measc na n-ábhar a tháinig chun cinn ón obair allamuigh ná gur daoine i mbaol is ea oibrithe gnéis a bhfuil ilriachtanais chasta acu lena gcuimsítear saincheisteanna ó thaobh cúrsaí sláinte, sóisialta agus dlí de. Den chuid is mó, d’éirigh rannpháirtithe aníos i bpobail ar bhain an t-imeallú ó thaobh cúrsaí sóisialta agus eacnamaíochta leo chomh maith le hardleibhéil dífhostaíochta. Bíonn siad ag gluaiseacht go leanúnach, a bheag nó a mhór, trí sheirbhísí drugaí agus alcóil, trí chóiríocht i mbrúnna do dhaoine gan dídean, tríd an gcóras breithiúnach agus trí ghníomhaireachtaí cúraim shóisialta eile. Mar sin, chun cur ar chumas daoine riosca a ndíobhála a laghdú go héifeachtach, is fíorthábhachtach na hidirghabhálacha maidir leis an timpeallacht níos leithne ó thaobh rioscaí de amhail an bhochtaineacht, tithíocht, an tsláinte, riachtanais oideachais agus an dóchúlacht ó thaobh cúrsaí fhostaíochta.”

Tar éis dó anailís a dhéanamh ar an taighde, molann an CCND:

  • Go leanfar ar aghaidh le maoiniú do sheirbhísí atá ann cheana féin agus a phléann le grúpa na gcliant seo: agus cúrsaí eacnamaíochta mar atá faoi láthair tá sé fíorthábhachtach amach is amach a chinntiú go dtabharfar maoiniúchán sásúil do sheirbhísí atá ann cheana féin.

  • Go bhforbrófar idirghabhálacha chun aghaidh a thabhairt ar na dálaí sóisialta agus ar na háiteanna ina dtáirgtear agus ina laghdaítear rioscaí agus díobhálacha trí dhíriú ar mhargaí gnéis sráide atá ann cheana féin agus atá ag teacht chun cinn agus ar líonraí idir chomhghleacaithe úsáideoirí drugaí agus oibrithe gnéis trí sheirbhísí for-rochtana a mhaoiniú (go háirithe cinn iar-ama oibre) agus trí fhor-rochtain thánaisteach a fhorbairt nó for-rochtain a bheidh bunaithe ar líonraí idir chomhghleacaithe i limistéir den chathair arb eol líonraí d’oibrithe gnéis a úsáideann drugaí a bheith ann.

  • Ba chóir maoiniúchán leanúnach a thabhairt do Chláir (amhail sainscéimeanna Fostaíochta Pobail d’úsáideoirí drugaí) atá dírithe ar úsáideoirí drugaí a chur ar ais ag obair.

  • Caithfidh seirbhísí drugaí aitheantas a thabhairt dá ról, maidir le cliaint mhná agus fir a mbíonn obair ghnéis ar siúl acu a aithint, agus maidir le comhairle a thabhairt faoi chleachtais ghnéis níos sábháilte chun rioscaí ó thaobh cúrsaí gnéis de a laghdú i ndlúthchaidrimh phearsanta agus in idirbhearta tráchtála gnéis.

  • Cóiríocht solúbtha a sholáthar i mbrúnna do dhaoine gan dídean (oibrithe gnéis a úsáideann drugaí) mar chuid de raon cóiríochtaí oiriúnacha idir áiseanna lena mbaineann tairseach íseal agus choiríocht le héascú leis an téarnamh agus leis an athshlánúchán.

Tuilleadh eolais
Annmarie Brennan / Ronan Cavanagh, Montague Communications:
(01) 830 3116 nó (087) 260 5896 / (086) 317 9731

Nótaí don Eagarthóir:

Modheolaíocht an Taighde
Chun féachaint ar eispéireas saoil na n-oibrithe gnéis a úsáideann drugaí, roghnaíodh modheolaíocht cháilíochtúil. Ba é an grinnagallamh duine-le-duine. an phríomhuirlis taighde a úsáideadh chun sonraí cáilíochtúla a bhailiú ó oibrithe gnéis a úsáideann drugaí agus ó phroifisiúnaigh.

Reáchtáladh grinnagallaimh le 35 oibrí gnéis a úsáideann drugaí. Lena chois sin, bailíodh sonraí beathaisnéise trí cheistneoir gairid. Leis an gceistneoir, taifeadh faisnéis ar úsáid a bhain rannpháirtithe as drugaí le déanaí agus ar iompar lena ndearnadh cion. Reáchtáladh grinnagallaimh le 40 oibrí gairmiúil trasna earnálacha (earnáil phobail, dheonach agus reachtúil) as raon disciplíní a dtéann a gcuid oibre i bhfeidhm, go díreach nó go hindíreach, ar oibrithe gnéis a úsáideann drugaí.

De réir pholasaí an CCND maidir le taighde, bunaíodh Grúpa Comhairleach um Thaighde (GCG), a bhí comhdhéanta d’ionadaithe an CCND agus de ghníomhaireachtaí agus de sheirbhísí ábhartha éagsúla. Ba é príomhról an GCG an tionscadal taighde a threorú agus a bhainistiú ón tráth a ceapadh é go dtí gur cuireadh i gcrích é agus cabhair a thabhairt maidir le rannpháirtithe sa taighde a aimsiú agus a earcú.

Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí
Baile | Teagmhálacha | Mapa suímh | Cuardach | Faoin gCCND | Nuacht agus Imeachtaí | Foilseacháin | Gníomhaíochtaí Taighde| Clár Oibre | Maoiniú Taighde | Naisc