Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí
Faoin gCCND
Clár Oibre
Nuacht agus Imeachtaí
Foilseacháin
DVD
Gníomhaíochtaí Taighde
Maoiniú Taighde
Aigneachtaí
Naisc
FOI
 
Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
8th Floor
Hawkins House
Hawkins St.
Dublin 2

Teileafón: +353 1 6354283
Ríomhphost: info@nacd.ie

Uaireanta Oscailte
9.00rn go 5.00in

National Development Plan
Baile Teagmhálacha Mapa Suímh Cuardach Bearla
  Prevention, Consequences, Prevalence, Treatment, Rehabilitation ..
 Tá tú anseo:   Baile > Nuacht agus Imeachtaí >Preaseisiúintí

FAIGHEANN SUIRBHÉ AMACH GUR FIR ÓGA ÚSÁIDEOIRÍ CÓICÍN NA hÉIREANN, AGUS IAD I mBAOL ÚSÁID A BHAINT AS ‘GO RIALTA ’ TAR ÉIS BLIAIN AMHÁIN

DÁTA EISITHE: Déardaoin, 12 Eanáir 2006

TEAGMHÁIL LE hAGHAIDH NA MEÁN: Jane O’Dwyer, Montague Communications, 086 6491408 n ó teil. 01 8303116

Fuarthas amach leis an gceathrú builitín ón gcéad mhórshuirbhé ar an úsáid drugaí in Éirinn, arna fhoilsiú ag an gCoiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí (CCND), gur bhain breis is duine as gach tríocha (3%) úsáid as cóicín ag pointe éigin ina saol, 1.1% le bliain anuas agus 0.3% le mí anuas. Thuairiscigh a dhá oiread fear (4%) gur bhaineadar úsáid as an druga uair amháin ina saol ar a laghad i gcomparáid le mná (2%), agus bhí an úsáid saoil i measc daoine óga idir 15 agus 34 bliain d’aois (4.7%) breis is trí huaire níos airde ná ráta na húsáide ina measc si úd idir 35 agus 64 bliana d’aois (1.4%).

Tá na torthaí seo i measc na dtorthaí buntábhachtacha atá in Úsáid Drugaí in Éirinn agus i dTuaisceart Éirinn Suirbhé ar Leitheadúlacht Drugaí 2002/2003: Torthaí maidir le Cóicín Builitín 4 a sheol an tUas. Noel Ahern, T.D. Aire Stáit le freagracht as an Straitéis Náisiúnta Drugaí ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, inniu (Déardaoin, 12ú Eanáir 2006).

De réir an tsuirbhé, is é an mheánaois ar bhain freagróirí úsáid as cóicín den chéad uair ná 20 bliana d’aois d’fhir agus 21 do mhná. Fuarthas amach leis an suirbhé freisin, maidir leo siúd a ndearnadh úsáideoirí rialta díobh, nach raibh ach bliain amháin i gceist leis an tréimhse ama idir úsáid a bhaint as cóicín den chéad uair agus a bheith ina n- úsáideoirí rialta.

Dúirt an tAire Noel Ahern, T.D.;

" Dearbhaíonn torthaí an tsuirbhé seo go bhfuil an cóicín ag teacht isteach mar dhruga an rogha do go leor daoine óga. D’imir na torthaí tionchar ar an réasúnaíocht le haghaidh an Fheachtais spriocdhírithe dhá chéime ilmheáin um Fheasacht ar Chóicín. Spriocdhíríodh an Feachtas seo, a bhí á bhainistiú ag an Aonad um Chothú na Sláinte mar chuid den Straitéis Náisiúnta Drugaí, ar dhaoine óga idir 18-35 bliana d’aois, agus díríodh ar chontúirtí agus iarmhairtí na húsáide cóicín. Ina theannta sin, tá cláir chun mí-úsáid substaintí a chosc ar gach curaclam scoile ar fud na t íre anois."

Chuir sé leis sin á rá gur cosúil go raibh baint idir úsáid an chóicín agus braistint i measc roinnt daoine gur ‘druga sábháilte’ atá ann. “Is braistintí bréagacha contúirteacha a leithéid agus ní mór cur ina gcoinne”, ar seisean. “Caithimid an teachtaireacht seo a thabhairt le tuiscint agus níl sna feachtais fheasachta sna meáin agus an t-oideachas ach bealach amháin leis sin a dhéanamh. Caithfidh iarracht bhuan a bheith ann ó gach tráchtaire freagrach chun cur i gcoinne na híomhá mealltaí ardnósaí atá ag roinnt daoine i leith an ch óicín.”

Dúirt duine as cúigear (19%) ar cuireadh an suirbhé orthu agus a dúirt gur thóg siad uair amháin ar a laghad é, gur bhaineadar úsáid go rialta as. As a measc seo, dúirt 62% díobh gur éiríodar as úsáid a bhaint as cóicín mar gheall ar chúiseanna éagsúla ach bhain an phríomhchúis (42%) le héirí as cóicin le costas. Tar éis costais, bhí an méid seo a leanas san áireamh sna príomhchúiseanna eile le héirí as: gan a bheith ag iarraidh é a thógáil níos mó (35%); mar gheall ar bhuairimh faoi shláinte (32%); cairde agus teaghlach á gcur ina luí orthu éirí as (32%); agus a thionchar ar a bpost, ar a gcairde agus a dteaghlach (22%).

Soláthraíonn an suirbhé léargais ar an gcomhthéacs sóisialta ina mbaintear úsáid as an druga. Fuair breis is seachtó cúig faoin gcéad de dhaoine a bhain úsáid as le déanaí (le bliain anuas) a gcuid drugaí ó dhuine a raibh aithne acu air/uirthi. Ní dhearna ach 8% an druga a cheannach ó theagmháil nach raibh aithne acu go pearsanta air/uirthi nó é a ghlacadh ó strainséir. Thóg tromlach na n-úsáideoirí reatha (83%) cóicín níos lú ná uair sa tseachtain.

Ag caint dó ar na torthaí áirithe seo, dúirt Dr. Des Corrigan, Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Náisiúnta ar Dhrugaí (CCND), “Cosúil leis na torthaí i mBuilitín 3 ar chanabas, bréagnaíonn an fhaisnéis seo an dearcadh coitianta i leith an mhangaire mar dhuine nach bhfuil aithne ar bith ag an úsáideoir air.”

Ag caint dó ar an bhfíric nár éirigh ach 32% d’úsáideoirí rialta as an gcóicín mar gheall ar bhuairimh faoi shláinte, i gcomparáid le 42% a rinne amhlaidh mar gheall ar chostas an druga, dúirt Dr Corrigan, “Cibé rud a spreagann an duine le héirí as, ba chóir go mbeadh daoine ar an eolas faoi na rioscaí tromchúiseacha dá sláinte a bhaineann le húsáid an chóicín, lena n-áirítear pian sa chliabhrach, strócanna, taomanna croí, cliseadh ar na duáin, andúil agus foréigean éigiallmhar mar gheall ar paranóia. Tá taighde tar éis a thaispeáint go bhfuil sé de chumas ag an gcóicín spleáchas trom síceolaíoch a tháirgeadh mar gheall ar an gcíocras láidir sa druga a tháirgeann sé, a dtagann pátrúin úsáide neamhshrianta dá thoradh. Lena chois sin, bíonn an duine ag iarraidh dáileoga níos airde agus úsáid a bhaint as an druga níos minice agus iad cleachtaithe leis ansin. Baineann úsáid fhadtéarmach le ró-mhéadú an chroí agus féadfaidh dáileoga iomarcacha bás a thabhairt de bharr go gcliseann ar an gcroí nó de bharr damáiste do na scamhóga. Mar gheall go dtáirgeann an druga substaint eile sa cholainn agus é measctha le halcól, a dtugtar cóceitiléin air – níos tocsainí ná ceachtar den dá dhruga ina aonar – ní mór daoine a chur ar an eolas faoi na rioscaí seo dá sláinte atá an-tromchúiseach”.

Agus na torthaí á gcur i láthair don Aire Stáit, d úirt Mairéad Lyons, Stiúrthóir an CCND,

“gurb é seo an chéad uair go bhfuil faisnéis bhonnlíne chomh mionsonraithe againn agus é ar fáil ar leibhéal an daonra maidir le saincheisteanna amhail úsáid rialta an chóicín, cúiseanna gur éiríodh as, conas agus cá háit a fuarthas an druga in éineacht le faisnéis faoi dhearcaí i leith úsáid an chóicín. Mar gheall go mbíonn bliain de mhall-aga ann sula ndéantar úsáideoirí rialta cóicín de roinnt daoine, agus mar gheall ar líon na ndaoine atá ag tuairisciú go bhfuil triail bainte as an druga acu, táimid ag súil le méadú leanúnach ar líon na ndaoine óga a bheidh ag lorg cóireála le haghaidh an chóicín mar a bpríomh-fhadhb-dhruga go gairid amach anseo. De réir an Bhoird Taighde Sláinte, tá méadú de bhreis is 400% tagtha ar líon na ndaoine atá ag lorg cóireála le haghaidh úsáid an chóicín mar a bpríomhfhadhb druga idir 1998 (83) agus 2003 (308).”

Tá an méid seo a leanas san áireamh i dtorthaí buntábhachtacha breise ón suirbhé:

  • Bhí riosca mór i gceist le húsáid an druga dar le beagnach gach freagróir nár bhain úsáid as cóicín riamh (87%) i gcomparáid le triúr as gach cúigear (58%) díobh siúd a raibh úsáid bainte as c óicín acu uair amháin ar a laghad;

  • Ba é an mheánaois a bhí ag freagróirí a bhain úsáid as an druga go rialta, nuair a bhaineadar úsáid as den chéad uair, ná 19 mbliana d’fhir agus 21 do mhná;

  • Bhí úsáid an chóicín i bhfad níos airde sna trí iarlimistéar boird sláinte timpeall Bhaile Átha Cliath ná mar a bhí i limistéir eile (Iarbhord Sláinte an Chósta Thoir (6%), Iarbhord Sláinte an Limistéir Thuaidh (5%) agus Iarbhord Sláinte an Limistéir Thiar Theas (5%)) rud a dhearbhaíonn fianaise scéaltach gur fadhb úsáid an chóicín a bhaineann le limist éir uirbeacha go príomha;

  • Dúirt breis is 83% d’úsáideoirí reatha gur thóg siad cóicín d’anáil isteach tr íd an tsrón nó “go ndearna siad líne”;

  • De réir úsáideoirí reatha an chóicín, duine ón teaghlach nó cairde a thug an druga don tríú cuid (33%); bhí an druga roinnte i measc cairde ag beagnach an cúigiú cuid (19%) agus bhí an druga ceannaithe ó chara ag an gceathrú cuid (25%);

  • Dúirt breis is leath na n-úsáideoirí a bhain úsáid le déanaí (52%) go bhfuair siad cóicín ag teach carad agus dúirt 38% go bhuair siad é ag dioscó/ club/ beár agus dúirt 11% go bhfuair siad é sa tsráid n ó sa pháirc.

  • Mheas tromlach na ndaoine a bhain úsáid le déanaí (68%) go raibh sé ‘an-éasca’ nó ‘réasúnta éasca’ cóicín a fh áil faoi cheann tréimhse 24 uair a chloig.

  • Níor tugadh le fios sa suirbhé go raibh aon bhaint idir grúpa soch-eacnamaíochta agus úsáid an chóicín ar bhonn saoil, le bliain anuas nó le mí anuas, rud a thugann le fios go dtrasnaíonn úsáid an chóicín gach aicme s óisialta.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir
Thug MORI MRC faoin suirbhé ar an daonra ginearálta in 2002/2003 ar oileán na hÉireann thar ceann an CCND agus a chomhpháirtí comhoibrithigh an tAonad um Thaighde agus Fhaisnéis ar Dhrugaí agus Alcól (ATFDA) i dTuaisceart Éireann.

Rinne MORI MRC suirbhé ar 8,434 duine san iomlán idir 15-64 bliana d’aois thar ceann an CCND agus ATFDA (4,918 in Éirinn agus 3,516 i dTuaisceart Éireann) idir mí Dheireadh Fómhair 2002 agus mí Aibreáin 2003. Baineadh ráta freagairte 70% amach. Agus úsáid á baint as na sonraí daonáirimh is déanaí, oiriúnaíodh an sampla de réir inscne, aoise agus Boird Sláinte (limistéir Bhord agus Seirbhísí Sóisialta i dTuaisceart Éireann) chun a ionadaíche is a bheadh sé ar an daonra ginear álta a uasmhéadú.

Is é aidhm an tsuirbhé seo ar leitheadúlacht drugaí ná fairsinge agus pátrún na húsáide drugaí sa daonra ginearálta a dhéanamh amach; táirgeadh na chéad torthaí maidir le leitheadúlacht drugaí i mBuilitín 1 (arna fhoilsiú i mí Dheireadh Fómhair 2003 agus athbhreithniú déanta air i mí an Mheithimh 2005 d’Éirinn, do Thuaisceart Éireann agus d’oileán na hÉireann. Maidir le Builitín 2, a foilsíodh i mí Aibreáin 2004 agus a ndearnadh athbhreithniú air i mí an Mheithimh 2005, scaoil sé na torthaí maidir le leitheadúlacht drugaí de réir limistéir bhord sláinte in Éirinn agus de réir limistéir an bhord sláinte agus seirbhísí sóisialta i dTuaisceart Éireann. Díríonn Builitín 3, arna fhoilsiú i mí Dheireadh Fómhair 2005, ar Úsáid an Chanabais in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Díríonn Builitín 4, a foilsíodh inniu (12 Eanáir 2006) ar Úsáid an Chóicín in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann agus soláthraíonn sé faisnéis mhionsonraithe faoi aois na chéad úsáide, úsáid rialta, modh le cóicín a thógáil, a éasca is a bhíonn sé cóicín a fháil, cúiseanna le stopadh á úsáid, braistintí maidir le riosca agus próifíl ar úsáideoirí cóicín.

Úsáid an Chrac-chóicín agus hearóin
Suirbhé ar an daonra is ea an suirbhé ar leitheadúlacht drugaí agus tá sé beartaithe chun an úsáid drugaí sa daonra ginearálta mar iomlán a léiriú. Chun críocha an tsuirbhé seo, glacaimid leis gurb éard atá i gceist leis an daonra ginearálta ná iad siúd idir 15-64 bliana d’aois a chónaíonn i líonta tí in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann de ghnáth. Ní áiríonn sé daoine a chónaíonn in institiúidí amhail príosúin, cúram cónaitheach, tithe altranais, ospidéil, srl., is é sin fáth an téarma daonra ginearálta. Baintear úsáid as modheolaíochtaí eile chun faisnéis a dhéanamh amach maidir le daonraí ceilte lena mbaineann úsáid drugaí atá ina fadhb amhail crac agus hearóin. Sholáthair an staidéar gabhála athghabhála ar fhadhb-úsáid na gcodlaidíneach, arna fhoilsiú ag an gCCND in 2003 (teideal: Leitheadúlacht Úsáid na gCodlaidíneach in Éirinn 2000-2001 Staid éar Gabhála

Athghabhála 3 Fhoinse) meastacháin maidir le húsáid an hearóin in Éirinn. Ní chuimsíonn an suirbhé ar an daonra an cohórt seo toisc gur dócha go mbíonn fadhb-úsáideoirí drugaí, mar gheall ar nádúr na handúile, amuigh ag baint úsáide as drugaí, gan dídean, i bpríosún, in ospidéal nó faoi chúram cónaitheach. Léiríonn táscairí maidir leis an éileamh ar chóireáil, amhail an Córas Tuairisceoireachta Náisiúnta maidir le Cóireáil Drugaí (arna bhainistiú ag an mBord Taighde Sláinte), nádúr fadhbach na handúile drugaí go dtuairiscítear daoine mar dhaoine a bhfuil cóireáil lorgtha acu d á n-úsáid drugaí.

Faoin gCCND agus ATFDA
Bunaíodh an CCND i mí Iúil 2000 chun comhairle a thabhairt do Rialtas na hÉireann i ndáil le leitheadúlacht, cosc, cóireáil / athshlánúchán agus iarmhairtí na fadhb-úsáide drugaí in Éirinn, bunaithe ar an anailís ar thorthaí taighde agus ar fhaisnéis. Tá maoirseacht á déanamh ag an gCCND ar chlár saothair a sheachadadh maidir le fairsinge, cineál, cúiseanna agus éifeachtaí na húsáide drugaí in Éirinn. Tá an CCND comhdhéanta d’ionadaithe arna n-ainmniú ó ghníomhaireachtaí agus earnálacha ábhartha, idir reachtúil agus neamhreachtúil. Tuairiscíonn an CCND don Aire Stáit atá freagrach as an Straitéis Náisiúnta Drugaí. Tá roinnt mhaith tuairiscí foilsithe ag an gCCND, atá ar fáil ar an suíomh idirlín. Is féidir tuilleadh faisnéise a fh áil ón suíomh idirlín: www.nacd.ie.

Bunaíodh an tATFDA i mí na Bealtaine 2001 chun clár faisnéise agus shaothar taighde a fhorbairt agus a bhainistiú le tacú leis an gcomhobair le Straitéisí Drugaí agus Alcóil Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann a chur i ngníomh, ag cur le hobair a rinneadh roimhe sin chun tacú leis an Straitéis Drugaí amháin. Cuireann an dá straitéis chun suntais an gá le faisnéis mhionsonraithe ar phátrúin agus iompair ó thaobh úsáid drugaí agus ólachán chun polasaithe agus cleachtas a spriocdhíriú go héifeachtach. Chomh maith leis sin, tá lámh ag an ATFDA in obair le meastóireacht a dhéanamh ar thionscadail agus thionscnaimh arna maoiniú tríd an Straitéis Drugaí, le Bunachar Sonraí Thuaisceart Éireann um Mhí-Úsáid Drugaí a bhainistiú agus a fhorbairt agus le faisnéis a bhíonn ar fáil a scaipeadh. Tá an tATFDA lonnaithe laistigh den Roinn Sláinte, Seirbhísí Sláinte agus Sábháilteachta Poiblí. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ó suíomh idirlín na Roinne sin: www.dhsspsni.gov.uk/stats&research.

 

Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí
Baile | Teagmhálacha | Mapa suímh | Cuardach | Faoin gCCND | Nuacht agus Imeachtaí | Foilseacháin | Gníomhaíochtaí Taighde| Clár Oibre | Maoiniú Taighde | Naisc