Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
8th Floor
Hawkins House
Hawkins St.
Dublin 2
Teileafón: +353 1 6354283
Ríomhphost: info@nacd.ie
Uaireanta Oscailte 9.00rn go 5.00in
 |
|
 |
Eisiúint Deiridh – (Montague Communications)
Dáta a eisithe: 11ú Meán Fómhair 2006
Teagmháil do na Meáin Chumarsáide: Ger Nash (087 2716816) / Pat Montague (087 2549123)
Montague Communications, teil. 01 830 3116
TAISPEÁNANN TAIGHDE NUA LAGHDUITHE SUNTASACHA AR AN ÚSÁID DRUGAÍ TAR ÉIS CÓIREÁLA AR FEADH BLIAIN AMHÁIN
Deireann an Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí (CCND) go bhfuil luach saothair á fháil ó infheistíocht i gcóireáil le haghaidh drugaí.
Tá chéad staidéar fadaimseartha náisiúnta na hÉireann ar chóireáil le haghaidh na mí-úsáide drugaí ag taispeáint gur bhain rannpháirtithe laghduithe suntasacha amach ar an úsáid drugaí agus ar an rannpháirtíocht sa choireacht tar éis cóireála ar feadh bliain amháin. Choimisiúnaigh an CCND an taighde agus Gníomh 99 den Straitéis Náisiúnta Drugaí á chomhlíonadh aige agus rinne Ollscoil na hÉireann, Má Nuad an taighde. Dr Catherine Comiskey, Príomh-imscrudaitheoir, a chuir na chéad torthaí ó ROSIE i láthair, arb acrainm atá ann ar Research Outcome Study in Ireland lena meastar éifeachtacht na cóireála le haghaidh drugaí. D’earcaigh taighdeoirí 404 úsádeoir codlaidíneach nuair a chuireadar tús lena gcóireáil le haghaidh drugaí (idir Meán Fómhair 2003 agus Iúil 2004) agus leanadar iad ar feadh bliain amháin. Rinneadh agallaimh nuair a chuaigh an t-úsáideoir codlaidíneach i mbun cóireála le haghaidh drugaí, tar éis 6 mhí agus tar éis 12 mhí.
Agus Torthaí ROSIE 1: Achoimre ar thorthaí bhliain a haon, á seoladh aige, dúirt an tUas. Noel Ahern TD, Aire Stáit a bhfuil freagracht air as an Straitéis Náisiúnta Drugaí, “Cuirim fáilte roimh an taighde tráthúil seo a sholáthraíonn faisnéis a bhfuil géarghá léi ar a fheabhas is a éiríonn le daoine nuair a théann siad faoi choinne cóireála le haghaidh drugaí. Bhí sé ina chloch choirnéil den Straitéis Náisiúnta Drugaí soláthar na seirbhísí drugaí a leathnú. Tá tairbhe sholáthar maoiniúchán ag an Rialtas le dul i ngleic leis an mí-úsáid drugaí le 10 mbliana anuas á thaispeáint anois, ach leanfaimid ar aghaidh, áfach, le bheith ag breathnú ar threochtaí agus le bheith ag freagairt do thimpeallacht na mí-úsáide drugaí a bhíonn ag athrú de shíor.”
Cuireadh agallamh ar 75% (u=305) den ghrúpa staidéir tar éis 12 mhí, agus tá an méid seo a leanas san áireamh sna torthaí buntábhachtacha:
- Chonacthas laghduithe suntasacha in úsáid hearóine agus drugaí eile i ndaonra an staidéir a leanadh bliain amháin tar éis dóibh dul isteach le haghaidh cóireála
- Bhí 27% díobh siúd a leanadh ag staonadh ó gach druga seachas alcól tar éis bliain amháin i gcomparáid le 7% tráth a glacadh isteach le haghaidh cóireála iad
- Chonachtas laghduithe fairsinge in úsáid drugaí insteallta; laghdaíodh líon na laethanta a bhí rannpháirtithe ag instealladh chomh maith le líon na n-uaireanta in aghaidh an lae a bhí siad ag instealladh araon
- Bhí laghdú substaintiúil ar chéatadán na ndaoine a bhí ag tuairisciú go raibh siad páirteach i gcoireacht éadála ó 31% tráth a bhí daoine ag dul isteach le haghaidh cóireála agus 14% tar éis bliain amháin
- Chonacthas feabhsuithe ar shláinte fhisiciúil agus mheabhrach
- Bhí a mhinice is a bhí rannpháirtithe an staidéir ag dul i dteagmháil le Dochtúirí Ginearálta, le seirbhísí fostaíochta agus tithíochta/ easpa dídine, méadaithe go suntasach.
- Chonacthas laghdú ar a mhinice is a bhíothas i dteagmháil le hionaid Timpiste agus Éigeandála, seirbhísí sóisialta agus leasa freisin.
Dúirt Dr Des Corrigan, Cathaoirleach an CCND, “Táimid tar éis bualadh leis an Aire agus l ár bpríomhchonclúid a leagan amach dó go dtagann sochair don úsáideoir drugaí aonair, dá theaghlach agus don chuid eile den phobal de bharr infheistíochta i seirbhísí cóireála le haghaidh codlaidíneach agus nach mór leanúint ar aghaidh leis an infheistíocht seo. Tá an CCND tar éis maoiniúchán a thabhairt go leanfar ar aghaidh leis an staidéar chun faisnéis a sholáthar ar na rannpháirtithe, 3 bliana tar éis dóibh dul isteach le haghaidh cóireála.”
Foilseofar tuilleadh torthaí ón staidéar sna míonna atá le teacht.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
- Tá freagracht ar an Aire Stáit as an Straitéis Náisiúnta Drugaí agus as Gnóthaí Pobail ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus as Tithíocht agus Athnuachan Uirbeach ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.
- Choimisiúnaigh an CCND an taighde seo in 2002 agus tar éis tairiscinte oscailte, bronnadh an conradh ar Dr Catherine Comiskey agus OÉ Má Nuad.
- Comhlíonann an staidéar seo freagracht an CCND i ndáil le Gníomh 99 de Straitéis Náisiúnta Drugaí 2001-2008: “Staidéir bhreise ar thorthaí a choimisiúnú laistigh de shuíomh na hÉireann chun tionchar reatha na cóireála meatadóin, ar shláinte an duine aonair agus ar iompar a sháraíonn an dlí araon, a dhéanamh amach. Ba chóir go mbeadh staidéir den sórt sin ina n-uirlis thábhachtach agus luach fadtéarmach na cóireála seo á dhéanamh amach.’
- Cuireadh tús le hobair allamuigh don staidéar le earcaíocht i Márta 2003 agus chuathas ar aghaidh leis na huirlisí taighde a thástáil ar bhonn píolótach. Lean an earcaíocht iomlán ar aghaidh ó Mheán Fómhair 2003 go dtí Iúil 2004. Earcaíodh 404 úsáideoir codlaidíneach do Staidéar ROSIE agus iad ag dul isteach i gcóireálacha lenar bhaint trí innéacs; cothabháil/laghdú meatadóin (53.2%, u=215) díthocsainiúchán struchtúrtha (20%, u=81) agus cóireáil bunaithe ar an staonadh (20.3%, u=82). Lena chois seo, earcaíodh foshampla d’úsáideoirí codlaidíneach ó sheirbhísí malartaithe snáthaidí (6.4%, u=26). Bhí na modúlachtaí seo ina gcuid d’fhaisnéisiú na tairisceana ón gCCND toisc gur measadh gurbh ionann iad agus na hidirghabhálacha is fairsinge a chuirtear i ngníomh d’úsáideoirí codlaidíneach in Éirinn.
- Modheolaíocht an Taighde:
Is í atá sa mhodheolaíocht a úsáideadh ná staidéar ionchasach fadaimseartha breathnadóireachta. Cuireadh agallamh ar rannpháirtithe ag an trí thréimhse ama agus úsáid á baint as sceideal agallaimh réamhullmhaithe, lenar scrúdaíodh tomhaiseanna buntábhachtacha maidir le torthaí lena n-áirítear:
- Úsáid drugaí (lena n-áirítear cineál an druga, minicíocht agus méid na húsáide)
- Sláinte Ghinearálta (measúnacht 10 bpointe ar shláinte fhisiciúil & shíceolaíochta);
- Feidhmiú sa tSochaí (fostaíocht, cóiríocht, rannpháirtíocht i gcoireacht);
- Díobháil (iompar insteallta & taithí ar ródháileoga) agus;
- Mortlaíocht (aiseolas ó rannpháirtithe/theagmhálacha & ag seiceáil rannpháirtithe nár leanadh i gcoinne Chlár Ginearálta na mBásanna).
CRÍOCH
nó le haghaidh tuilleadh faisnéise, téigh i dteagmháil le Gerald Nash (087 2716816) / Pat Montague (087 2549123) ag Montague Communications, teil. 01 8303116.
 |
| | | | | | | | | | | |
|