Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí
Faoin gCCND
Clár Oibre
Nuacht agus Imeachtaí
Foilseacháin
DVD
Gníomhaíochtaí Taighde
Maoiniú Taighde
Aigneachtaí
Naisc
FOI
 
Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
1ú Urlár, Dún Aimhirgín
43/49 Bóthar Mespil,
Baile Átha Cliath

Teileafón: +353 1 647 3240
Faics: +353 1 647 3150
Ríomhphost: info@nacd.ie

Uaireanta Oscailte
9.00rn go 5.00in

National Development Plan
Baile Teagmhálacha Mapa Suímh Cuardach Bearla
  Prevention, Consequences, Prevalence, Treatment, Rehabilitation ..
 Tá tú anseo:   Baile > Nuacht agus Imeachtaí > Preaseisiúintí

Study Estimates Rise in Opiate Users in Ireland

MEASANN ÚDAIR STAIDÉIR GO BHFUIL ARDÚ TAGTHA AR LÍON NA NÚSÁIDEOIRÍ CODLAIDÍNEACH IN ÉIRINN

PREASRÁITEAS: Dé hAoine, 11 Nollaig, 2009.

Tá sé tugtha le fios le torthaí staidéir a rinneadh in 2006 ar an úsáid a bhaintear as codlaidínigh in Éirinn go bhfuil ardú tagtha ar an úsáid sin ó rinneadh staidéar ar an ábhar sin roimhe seo in 2001.

Choimisiúnaigh an Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí (CCND) an staidéar inar tugadh le fios go raibh 11,807 duine ann arbh eol iad a bheith ina n-úsáideoirí codlaidíneach in 2006, ach táthar in amhras cuid mhaith faoin meastachán a tháinig chun cinn, is é sin go bhféadfadh 8,983 duine eile a bheith ann arb úsáideoirí codlaidíneach iad agus nach bhfuil tagtha i dteagmháil le haon cheann de na seirbhísí cóireála drugaí, de na seirbhísí d’othair chónaitheacha in ospidéil ná leis na Gardaí.

Dúirt an tAire maidir le Drúgaí, John Curran: “Bhí súil agam go dtabharfadh an tuarascáil ‘gabhála athghabhála’ seo meastachán iontaofa faoi leitheadúlacht na húsáide drugaí in Éirinn in 2006. Mar gheall ar roinnt fachtóirí teicniúla áfach, a bhaineann le heaspa cinnteachta maidir le líon na ndaoine arbh ábhar don suirbhé iad agus mar gheall go raibh laghdú ag teacht ar a mhéid is théann na figiúir sna trí fhoinse isteach ar a chéile, níorbh fhéidir an meastachán sin a dhéanamh agus an mhodheolaíocht gabhála athghabhála á húsáid. An toradh a fuarthas dá bharr mar sin go raibh an meastachán maidir le líon na ndaoine a bhaineann úsáid as codlaidínigh rómhór.”

Mhol an CCND go mbeifí sách cúramach freisin agus na figiúir á léirmhíniú maidir leis na daoine sin nach bhfuil lucht na seirbhísí ‘ar an eolas futhu’. Is é an chúis is mó gur tháinig an-ardú ar na figiúir gur leathnaíodh an clár náisiúnta cóireála meatadóin go mór idir 2001 agus 2006. D’fhág sé sin nár comhlíonadh roinnt ceanglas a bhain leis an modheolaíocht staitistiúil. I bhfianaise na gcastachtaí sin a bhain le cúrsaí teicniúla, tá faoin gCCND tabhairt faoi thaighde breise ar an úsáid a bhaintear as codlaidínigh sa bhliain seo chugainn.

Tá an méid seo a leanas i measc na dtreochtaí (2001-2006) a léirítear i dtorthaí an staidéir:

  • Tháinig laghdú ar ráta úsáidte na gcodlaidíneach i measc na mban agus na bhfear idir 15-24 bliana d’aois, rud a thugann le fios gur tháinig laghdú suntasach ar líon na ndaoine óga a thosaigh ar úsáid a bhaint as codlaidínigh;
  • Méadú ar an úsáid a bhaintear as codlaidínigh lasmuigh de Bhaile Átha Cliath;
  • Tá cion níos airde d’úsáideoirí codlaidíneach faoi chóireáil i mBaile Átha Cliath ná mar atá in áiteanna eile, rud a léiríonn gur leath úsáid na gcodlaidíneach lasmuigh de Bhaile Átha Cliath níos déanaí ná mar a tharla sa phríomhchathair, agus gur forbraíodh seirbhísí cóireála níos déanaí dá réir freisin.

Dúirt an tAire Curran: “Táthar mórán ar aon intinn nár tháinig mórán d’athrú ar an úsáid a bhaintear as codlaidínigh i gceantar Bhaile Átha Cliath le roinnt blianta anuas, ach go bhfuil an úsáid a bhaintear astu scaipthe níos forleithne timpeall na tíre. Cruthaíonn taithí na soláthraithe seirbhíse an fhíric sin, chomh maith leis an bhfíric gur tháinig laghdú suntasach ar ráta na ndaoine nua a bhí ag dul isteach faoi chúram seirbhísí cóireala (laghdú beagnach 20% idir 2001/02 agus 2006/7) agus an fhíric go ndeachaigh meánaois na ndaoine sin a bhí faoi chóireáil in airde ó 28 go dtí 33 sa tréimhse chéanna.

Dúirt Cathaoirleach an CCND, Dr Des Corrigan, gur tugadh chun suntais leis an taighde gur gá leanúint ar aghaidh le hinfheistíocht sna seirbhísí cóireála atá ann cheana féin le haghaidh lucht úsáide na gcodlaidíneach, agus seirbhísí cóireála den sórt sin a leathnú lasmuigh de Bhaile Átha Cliath freisin. De bharr comhthionscnaimh a tosaíodh le déanaí idir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Oifig an Aire maidir le Drugaí, feicfear feabhsúcháin mhóra ar an soláthar cóireála i suíomhanna timpeall na tíre lena n-áirítear Trá Lí, Corcaigh, Port Láirge, Inis Córthaidh, Droichead Átha agus Dún Dealgan.

“Ba mhaith leis an gCCND a rá arís go dtacaíonn sé go láidir le moltaí an Ghasra Oibre ar Athshlánú ó Dhrugaí go leanfaí ar aghaidh le leathnú a dhéanamh ar raon na roghanna cóireala do dhaoine atá ag teacht chucu féin ón úsáid drugaí, go méadófaí líon na leapacha don díthocsainiú in ionaid chónaithe agus go méadófaí líon agus spré geografach na n-áiteanna don díthocsainiú in ionaid chónaithe agus sa phobal arna soláthar ag na hearnálacha neamhreachtúla deonacha agus pobail.” arsa Dr Corrigan.

Tuilleadh eolais
Ronan Cavanagh, Montague Communications: (01) 830 3116 nó (086) 317 9731.

Príomhúdar na Tuarascála agus modheolaíocht an taighde
An Dr Alan Kelly ón Aonad Taighde Sláinte Mionlimistéar (SAHRU), Coláiste na Tríonóide a stiúir an staidéar agus a mheas leitheadúlacht na bhfadhbúsáideoirí codlaidíneach in Éirinn in 2006 agus modh gabhála athghabhála á úsáid aige lenar cuimsíodh 3 fhoinse.

Is mar seo a leanas an trí fhoinse sonraí a úsáideadh leis an meastachán a ríomh: an Lárliosta Cóireála (meatadón), an Scéim Fiosrúcháin ó Othair Chónaitheacha in Ospidéil (HIPE) agus liosta na nGardaí d’úsáideoirí codlaidíneach.

Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí
Baile | Teagmhálacha | Mapa suímh | Cuardach | Faoin gCCND | Nuacht agus Imeachtaí | Foilseacháin | Gníomhaíochtaí Taighde| Clár Oibre | Maoiniú Taighde | Naisc