Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
1ú Urlár, Dún Aimhirgín
43/49 Bóthar Mespil,
Baile Átha Cliath
Teileafón: +353 1 647 3240
Faics: +353 1 647 3150
Ríomhphost: info@nacd.ie
Uaireanta Oscailte 9.00rn go 5.00in
 |
|
 |
LÉIRÍONN TUARASCÁIL NUA GUR THÁINIG MÉADÚ AR ÚSÁID AN CHANNABAIS IN ÉIRINN Ó 2002/2003
Preas-Ráiteas: 12 meánlae, Dé Máirt, 09 Nollaig 2008
LÉIRÍONN TUARASCÁIL NUA GUR THÁINIG MÉADÚ AR ÚSÁID AN CHANNABAIS IN ÉIRINN Ó 2002/2003
Is mó líon na n-úsáideoirí a mheasann go mbaineann ‘riosca mór’ le húsáid an channabais in 2006/7 ná mar a mheas amhlaidh in 2002/3
Tá líon na ndaoine in Éirinn a thuairiscigh gur úsáid siad aon chineál cannabais uair amháin ina saol ar a laghad dulta i méad ó 17.4% den daonra in 2002/3 go dtí 21.9% in 2006/7. Bheifí ag súil leis seo toisc go dtéann an tréimhse ó thús na húsáide drugaí i bhfad de réir mar a théann daoine in aois. Bhí méadú suntasach ann freisin ar an úsáid channabais le bliain anuas i measc na ndaoine fásta ar fad, ó 4.5% go dtí 6.3%. Ní raibh aon athrú ar an úsáid le mí anuas, áfach.
Tá an fhaisnéis i mBullaitín 3 Suirbhé 2006/7 ar Leitheadúlacht Drugaí: Torthaí maidir le Cannabas, arna eisiúint inniu ag an Aire Stáit le freagracht as an Straitéis Náisiúnta Drugaí, John Curran T.D.
Is é seo an dara Suirbhé Uile-Éireann ar Leitheadúlacht Drugaí, tar éis an tsuirbhé arna choimisiúnú in 2002/3 ag an gCoiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí (CCND) in Éirinn agus ag an mBrainse Faisnéise agus Taighde um Shláinte Phoiblí den Roinn Sláinte, Seirbhísí Sóisialta agus Sábháilteachta Poiblí i dTuaisceart Éireann.
Agus an tuairisc á seoladh aige, b’áthas leis an Aire Curran na torthaí nua á rá gur sholáthair an suirbhé faisnéis an-luachmhar don Rialtas maidir le hathruithe ar nósanna caite cannabais ar fud na tíre.
“Tugann na torthaí atá ar fáil anois figiúirí comparáideacha den chéad uair dúinn chun monatóireacht a dhéanamh ar athruithe ar an úsáid channabais trasna an daonra, agus soláthraíonn siad faisnéis luachmhar freisin, atá faighte den chéad uair, maidir le cannabas arna fhás in Éirinn. Is údar misnigh dom na hathruithe ar dhearcaí daoine i leith na húsáide cannabais a fheiceáil agus gur mó mar atá daoine ar an eolas faoi rioscaí a bhaineann le cannabas a ghlacadh. Ní dheimhneofar ach le suirbhéanna amach anseo áfach an athrú buan é seo.”
Pléann Bullaitín 3 leis an úsáid channabais go háirithe i ndáil le haois na chéad úsáide, úsáid rialta an channabais, cúiseanna go n-éiríonn daoine as, modh lena ghlactar é, cá háit go bhfaightear é, a éasca is a bhíonn sé é a fháil, faisnéis maidir le dearcaí, dearcaí i leith an riosca a bhíonn i gceist agus duine ag baint triail as an druga agus tugann an Bullaitín próifíl ar úsáideoirí cannabais freisin.
Príomhthorthaí:
- Ba i measc daoine fásta óga a bhí na rátaí leitheadúlachta ab airde. Ba é an ráta leitheadúlachta saoil dóibh siúd idir aois 15-34 ná 29%. Bhí ráta leitheadúlachta na húsáide le bliain anuas do dhaoine fásta óga (10%) a thrí oiread níos airde ar a laghad ná an ráta do dhaoine fásta níos sine idir aois 35-64 (3%) agus bhí ráta na leitheadúlachta le mí anuas ceithre hoiread níos airde i measc daoine fásta óga (4%) ná mar a bhí i measc daoine fásta níos sine (1%).
- Thuairiscigh freagróirí fir rátaí leitheadúlachta níos airde ná mná trasna gach aoisghrúpa. Ba é 27% an ráta leitheadúlachta saoil d’fhir i gcomparáid le 17% do mhná.
- 18 mbliana ab ea an mheánaois a thuairiscigh na freagróirí go raibh acu nuair a bhain siad úsáid as cannabas den chead uair, d’fhir agus do mhná araon. Ba é 18 mbliana an mheánaois a bhí acu freisin nuair a thosaigh siad ar úsáid a bhaint as cannabas go rialta den chéad uair.
- Bhain beagnach duine as gach ceathrar (24%) úsáideoir reatha cannabais úsáid as an druga ar bhonn laethúil nó beagnach laethúil.
- Chaith formhór na n-úsáideoirí reatha (93%) “haisís” channabais i dtoitín.
- Ba é an cineál cannabais ba choitianta dár úsáideadh ná roisín cannabais (ar a dtugtar haisís freisin) (60%); ach thuairiscigh breis is an tríú cuid d’úsáideoirí reatha (38%) gur chaith siad cannabas luibhe (.i. raithneach ghlas, raithneach, luibh agus scúnc).
- Ní dúirt ach 16% díobh siúd a chaith cannabas luibhe “raithneach glas” gur in Éirinn a fásadh é.
- Maidir le tromlach na n-úsáideoirí cannabais, daoine sa teaghlach/cairde a thug an druga dóibh (44%) nó roinn siad an druga i measc cairde (28%).
- Mheas formhór na bhfreagróírí (62%) go raibh sé ‘an-éasca’nó ‘réasúnta éasca’ cannabas a fháil faoi cheann tréimhse 24 uair a chloig – i bhfad níos ísle ná an 91% a dúirt an rud céanna in 2002/3.
- Thuairiscigh breis is an ceathrú cuid (26%) d’fhreagróirí a dúirt gur ghlac siad cannabas uair amháin ar a laghad roimhe, gur chaith siad an druga go rialta. As a measc seo, dúirt a bhformhór (66%) gur éirigh siad as cannabas a ghlacadh, d’fhéach 10% díobh le héirí as ach theip orthu agus níor fhéach beagnach duine as gach ceathrar úsáideoir rialta le héirí as riamh (24%)
- I gcoitinne, agus gan aird á tabhairt ar cé acu ar úsáid daoine cannabas nó nár úsáid, bhí méadú suntasach ann ó 2002/3 i leith (ó 25% go dtí 30%) ar líon na ndaoine a mheasann go mbaineann “riosca mór” le cannabas a chaitheamh.
Roinnt difríochtaí suntasacha ó rinneadh an suirbhé deiridh ná:
- Tháinig méadú ar líon na ndaoine i measc na ndaoine fásta ar fad idir aois 15-64 a bhaineann úsáid as cannabas ar bhonn saoil, ó 17.4% in 2002/3 go dtí 21.9% in 2006/7.
- Fuarthas gur tháinig méaduithe ar an úsáid a baineadh as cannabas ar bhonn saoil i measc na bhfear 22.4% go dtí 27.0%, mná 12.3% go dtí 16.6%, daoine fásta óga idir aois 15-34 24.0% go dtí 28.6% agus daoine fásta níos sine idir aois 35-64 (ó 11.4% go dtí 16.1%).
- Tháinig méadú ar líon na ndaoine i measc na ndaoine fásta ar fad idir aois 15-64 a bhain úsáid as cannabas le bliain anuas ó 4.5% in 2002/3 go dtí 6.3% in 2006/7.
- Cé nach bhfuil sé ina údar suntais, ba mhó cion na n-úsáideoirí rialta a d’éirigh as an úsáid channabais in 2006/7 (66%) mar sin féin ná mar a bhí amhlaidh in 2002/3 (58%).
- Méadú ar líon na ndaoine a mheasann go mbaineann “riosca mór” leis an gcaitheamh cannabais, ó 25% go dtí 2002/3 30% in 2006/7.
Chuir an tAire leis á rá: “Is suntasach na dúshláin a bhaineann leis an leitheadúlacht channabais ach táim muiníneach gur féidir linn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo trí chur chuige comhordaithe lena mbainfear leas as struchtúir na Straitéise Náisiúnta Drugaí. Tá obair ag dul ar aghaidh faoi láthair maidir le tograí a thabhairt chun críche le haghaidh straitéise nua don tréimhse 2009 – 2016.”
Ag caint dó faoi na torthaí, dúirt Cathaoirleach an CCND, An Dr. Des Corrigan, go léirítear leis na torthaí ón suirbhé seo ar leitheadúlacht go bhfuil athrú ag teacht ar dhearcaí i leith cannabas a ghlacadh. “ls líonmhaire na daoine a d’úsáid an druga a mheasann go mbaineann riosca mór leis an úsáid channabais, thar mar a bhí amhlaidh sa suirbhé roimhe, agus d’fhéadfadh baint éigin a bheith aige sin leis an méadú ar infhaighteacht agus ar úsáid an channabais luibhe le blianta beaga anuas.
“Bréagnaíonn an fhaisnéis sa Bhullaitín seo an dearcadh coitianta i leith an mhangaire drugaí mar dhuine nach bhufil aithne ar bith ag an úsáideoir air toisc go bhfaigheann 44% an druga ó dhuine sa teaghlach/ó chairde agus go roinneann 28% an druga i measc cairde. Cuirtear chun suntais leis seo a thábhachtaí is atá sé go mbeadh eolas ag tuismitheoirí ar na daoine lena ndéanann a leanaí caidreamh.
Chuir an Dr. Corrigan leis á rá go léirítear roinnt nithe dearfacha leis na torthaí ón suirbhé seo ar leitheadúlacht freisin. Bhí aois na chéad úsáide bliain amháin níos sine ná mar a bhí amhlaidh sa suirbhé roimhe agus is údar áthais an mhoill seo agus daoine ag tosú ar úsáid a bhaint as cannabas den chéad uair. Bhí cion níos mó d’úsáideoirí rialta éirithe as cannabas a ghlacadh thar mar a bhí amhlaidh sa suirbhé roimhe. Is gá leanúint ar aghaidh le monatóireacht a dhéanamh ar athruithe ar phatrúin na húsáide drugaí i measc an daonra ginearálta áfach.
“Molann an CCND go ndéanfaí infheistíocht leanúnach i suirbhéanna ar leitheadúlacht drugaí. Lena chois sin, ba chóir Córas Monatóireachta ar Threochtaí Drugaí a fhorbairt sna blianta atá amach romhainn, a bhféadfadh roinnt tástála a bheith i gceist leis maidir le glaineacht agus láidreacht samplaí cannabais, agus ba chóir fairsinge an spleáchais ar channabas a dhéanamh amach freisin, agus cé acu an bhfuil naisc ann idir úsáid an channabais agus easláine mheabhrach agus tinnis riospráide, ach go háirithe. “ar seisean mar fhocal scoir.
Tabhair do d’aire go bhfuil mionsonraí iomlána an taighde ar fáil ar shuíomh idirlín an CCND ag www.nacd.ie
LE hAGHAIDH TUILLEADH FAISNÉISE, TÉIGH I dTEAGMHÁIL LE:
Annmarie Brennan, Montague Communications, 01 830 3116 / 087 254 9123
Ronan Cavanagh,Montague Communications, 01 830 3116 / 087 295 1096
Nótaí don Eagarthóir
Nóta
Leitheadúlacht ar bhonn saoil = d'úsáid freagróir(í) druga uair amháin ar a laghad riamh ina saol
Úsáid le déanaí = d'úsáid freagróir(í) druga sa bhliain roimh an suirbhé
Úsáid reatha = d'úsáid freagróir(í) druga sa mhí roimh an suirbhé
Modheolaíocht an tSuirbhé
Rinne an CCND an Suirbhé Náisiúnta ar Leitheadúlacht Drugaí arís anuraidh agus thairg figiúirí maidir leis an Leitheadúlacht Náisiúnta i mBullaitín 1 i mí Eanáir 2008. Comhfhiontar is ea an suirbhé seo le comhghleacaithe sa Bhrainse Faisnéise agus Taighde um Shláinte Phoiblí, arb é an tAonad um Thaighde agus Fhaisnéis ar Dhrugaí agus Alcól (ATFDA) laistigh den Roinn Sláinte, Seirbhísí Sóisialta agus Sábháilteachta Poiblí i dTuaisceart Éireann a bhí ann roimhe seo. Ar an ócáid seo, ba iad Ipsos MORI a thug faoin obair allamuigh in Éirinn agus an tAonad Lárnach Suirbhéanna de Ghníomhaireacht Staitisticí agus Taighde Thuaisceart Éireann a thug faoin obair allamuigh i dTuaisceart Éireann.
Rinneadh suirbhé ar 6,969 duine san iomlán idir 15-64 bliana d’aois ar oileán na hÉireann (4,967 in Éirinn agus 2,002 i dTuaisceart Éireann) idir mí Dheireadh Fómhair 2006 agus na Bealtaine 2007. Baineadh ráta freagairte 65% amach in Éirinn agus 62% i dTuaisceart Éireann. Agus na sonraí is déanaí ón daonáireamh á n-úsáid, oiriúnaíodh an sampla de réir inscne, aoise agus iarBhoird Sláinte in Éirinn toisc gurb ionann iad seo nach mór agus limistéir reatha na dTascfhórsaí Réigiúnacha ar Dhrugaí agus chun a chinntiú go mbeidh na torthaí a ionadaíche agus is féidir ar an daonra ginearálta. Reáchtáladh an suirbhé de réir na ndianchaighdeán arna leagan síos ag Gníomhaireacht Drugaí an AE (an EMCDDA).
Úsáideadh an mhodheolaíocht chéanna is a úsáideadh i suirbhé bhunaidh 2002/3 agus ní raibh de dhifear ann ach gur úsáideadh an Allagóireacht Phearsanta Ríomhchuidithe an ócáid seo seachas agallaimh le pinn agus páipéar. Tá sé seo níos éifeachtaí ó thaobh costais de agus fágann sé gur mó mar a bhítear in ann cáilíocht na sonraí a rialú. Is ionann an ceistneoir agus an mhodheolaíocht a úsáideadh agus an cleachtas is fearr faoi mar a leag Gníomhaireacht Drugaí an AE (an EMCDDA), a bhfuil a bunáit i Liospóin, amach. Ní thuairiscítear ach athruithe atá suntasach ó thaobh staitisticí, ar leibhéal 5% ar a laghad, i rannóg na gcomparáidí le haghaidh gach dlínse agus tréimhse ama maidir le húsáid (ar bhonn saoil, le bliain anuas agus le mí anuas).
Limistéir na dTascfhórsaí Réigiúnach ar Dhrugaí
Bunaíodh 10 Limistéar Tascfhórsa Réigiúnach ar Dhrugaí ó 2000 de bharr na Straitéise Náisiúnta Drugaí. B’ionann a dteorainneacha agus limistéir na n-iarBhord Sláinte. Tá athstruchtúrú déanta ó Eanáir 2005 ar na Boird Sláinte in Éirinn agus tá siad comhcheangailte faoin aon údarás amháin - Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Chun críocha comparáide le sonraí 2002/3 áfach, leanamar ar aghaidh leis na sonraí a oiriúnú de réir limistéar na n-iarBhord Sláinte ach is de réir an Tascfhórsa Réigiúnaigh ar Dhrugaí a tagraíodh do na limistéir. Is é an tagairt do shonraí 2002/2003 ná: Suirbhé ar Leitheadúlacht Drugaí 2002/2003 Úsáid Drugaí in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann – Bord Sláinte (Éire) agus Bord Sláinte agus Seirbhísí Sóisialta (Tuaisceart Éireann) Torthaí (Athbhreithnithe) Meitheamh, 2005. Bullaitín 2. Tá torthaí ó 2006/7 foilsithe de réir limistéar an TFRD: Suirbhé ar Leitheadúlacht Drugaí 2006/2007 Úsáid Drugaí in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann – Tascfhórsa Réigiúnach ar Dhrugaí agus Bord Sláinte agus Seirbhísí Sóisialta (Tuaisceart Éireann) Torthaí mhí an Mheithimh, 2008.
Úsáid Hearóine agus Chnagchócaoin
Suirbhé ar leitheadúlacht na ndrugaí is ea an suirbhé ar an daonra agus tá sé beartaithe leis an úsáid drugaí sa daonra ginearálta mar aonad iomlán a léiriú. Chun críocha an tsuirbhé seo, glacaimid leis go gciallaíonn an daonra ginearálta na daoine sin idir 15-64 bliana d’aois a chónaíonn i dteaghlaigh in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann de ghnáth. Ní bhíonn iad siúd a chónaíonn in institiúidí amhail príosúin, ionaid chúraim chónaithe, tithe altranais, ospidéil srl san áireamh ann.
D’fhéadfadh sé a bheith amhlaidh nach léirítear an oiread úsáideoirí fadhbacha drugaí agus ba chóir sa chineál seo suirbhé mar gheall ar thréithe casta fadhbacha a saoil. Baintear úsáid as modheolaíochtaí eile chun faisnéis a dhéanamh amach ar dhaonraí ceilte na húsáide fadhbaí drugaí amhail iad siúd a úsáideann hearóin agus cnagchócaon. Áirítear na cinn seo a leanas mar shamplaí:
- Sholáthair an staidéar gabhála athghabhála ar an bhfadhbúsáid chodlaidíneach a d’fhoilsigh an CCND in 2003 (teideal: Leitheadúlacht na hÚsáide Codlaidíneach in Éirinn 2000-2001 Staidéar Gabhála Athghabhála 3 Fhoinse) meastacháin ar úsáid na hearóine in Éirinn (tá an staidéar seo á dhéanamh an athuair freisin).
- Táscairí maidir leis an éileamh ar chóireáil amhail an Córas Tuairisceoireachta Náisiúnta um Chóireáil Drugaí (arna bhainistiú ag an mBord Taighde Sláinte).
 |
| | | | | | | | | | | |
|