Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
1ú Urlár, Dún Aimhirgín
43/49 Bóthar Mespil,
Baile Átha Cliath
Teileafón: +353 1 647 3240
Faics: +353 1 647 3150
Ríomhphost: info@nacd.ie
Uaireanta Oscailte 9.00rn go 5.00in
 |
|
 |
IMNÍ AN CCND MAIDIR LE hÚSÁID AN CHÓICÍN
IN ÉIRINN
9ú Nollaig 2003
Tá sé ráite ag an gCoiste Comhairleach Náisiúnta
ar Dhrugaí (CCND) inniu go bhfuil úsáid an chóicín
in Éirinn ina húdar imní.
Dúirt Dr Des Corrigan, Cathaoirleach an CCND, an méid seo
a leanas agus tuairisc nua leis an gCCND á sheoladh aige, dar teideal, ‘Forléargas
ar Úsáid an Chóicín in Éirinn’.
“Tugann an tuairisc le fios go bhfuil roinnt réimsí ann
atá ina n-údar imní go háirithe an méid
a bhaineann le cóicín a bheith á instealladh ag roinnt úsáideoirí agus
cuireann sé bearnaí sa mhéid atá ar eolas
againn chun suntais maidir leis an ‘úsáid áineasa’,
faoi mar a thugtar air, a bheith á baint as púdar cóicín.
Lena chois sin, níor chóir méid an dúshláin
atá roimh na líonraí maidir le drugaí a chosc
agus roimh na seirbhísí cóireála, ó thaobh
druga eile a mbaineann iarmhairtí tromchúiseacha sóisialta,
pearsanta agus sláinte leis a chur isteach i meascán a gcuid
c ásanna,
a thuiscint faoi bhun an chirt.”
Torthaí Buntábhachtacha:
- I suirbhé ar 100 úsáideoir cóicín
ag UISCE (Aontas ar son Seirbhísí, Cumarsáide agus
Oideachais F(h)eabhsaithe), thuairiscigh amuigh is istigh ar leath
na bhfreagróirí (48%)
go raibh siad faoi chóireáil mar gheall ar spleáchas
ar an hearóin
- Thaispeáin suirbhé ar 100 úsáideoir drugaí a
bhí ag freastal ar an Ionad Teagmhála i gCé na gCeannaithe Éireann
(CCÉ) go raibh úsáid bainte as cóicín
ag 95% díobh le bliain anuas
- Bhí ardleibhéil phola-úsáide drugaí ar
siúl ag cuid mhaith díobh siúd ar cuireadh suirbhé orthu
(UISCE agus CCÉ) lena n-áirítear alcól, beinseadé-asaipíní,
hearóin agus canabas
- Thuairiscigh tromlach na ndaoine sa dá shuirbhé gur bhaineadar úsáid
as ar bhonn seachtainiúil
- Thuairiscigh cuid nach beag (40% UISCE agus 20% CCÉ) úsáid
laethúil agus 4 uair sa lá de mhinicíocht ar an meán
acu
- Níor thuairiscigh ach céatadán beag sa dá shuirbhé gur
lorg siad cóireáil mar gheall go raibh úsáid
an chóicín ina fadhb acu, cé go raibh sé ina údar
suntais go ndeachaigh raon éifeachtachtaí aimhleasacha nó deacrachtaí do
go leor díobh.
Torthaí Eile:
- Taispeánann Suirbhé an CCND & an Aonaid um Thaighde
agus Fhaisnéis ar Dhrugaí agus Alcól ar Leitheadúlacht
Drugaí (2003) gur thuairiscigh 3% den daonra ginearálta gur
bhain siad úsáid as cóicín uair amháin
ar a laghad agus thuairiscigh níos lú ná 1% gur bhaineadar úsáid
as crac riamh. Bhí an Leitheadúlacht Saoil ab airde i measc
daoine idir 15-24 bliana d’aois.
- Thaispeán suirbhé SLAN (2003) gur tháinig ardú ar
leibhéil úsáid an chóicín ó 1.8%
d’fhir in 1998 go dtí 3% in 2002 a thuairiscigh gur bhaineadar úsáid
as cóicín le bliain anuas. Bhí an toradh seo comhleanúnach
i measc na mban agus ardú ó 0.6% in 1998 go dtí 1.9%
in 2002.
- Tá dúbailt tagtha nach mór ar líon na gcionta
a bhaineann le cóicín faoin Acht um Mí-Úsáid
Drugaí i rith na tréimhse 1999 go dtí 2001, cé nach
bhfuil sna cionta seo go fóill ach cuid bheag (3%) de líon
na gcionta ar fad.
- D’fhan líon na n-urghabhálacha cóicín
chomh fada le 2001 mar an gcéanna ag 3%.
- Thuairiscíonn Bord an Lárionaid Cóireála
Drugaí gur tháinig méaduithe substaintiúla
ar líon na samplaí fuail a thug torthaí dearfacha
le haghaidh cóicín i measc dhaonra na ndaoine a bhí faoi
chóireáil le haghaidh drugaí ó 2000.
- Caithfear aghaidh a thabhairt ar bhraistintí gur druga sábháilte é an
cóicín. Téann céimeanna éagsúla
riosca leis na modhanna lena thógáil isteach, mar atá,
a bheith á análú isteach tríd an tsrón, á ionanálú agus á instealladh.
- Taispeánann an Córas Tuairiscithe Náisiúnta
ar Dhrugaí (CTND) go bhfanann líon na ndaoine a thuairiscíonn
cóicín mar a bpríomh-fhadhb-dhruga beag go seasmhach
ag 1% de líon na gcásanna ar fad atá ag freastal ar
chóireáil drugaí chomh fada leis an mbliain 2000.
Bhí ardú ar líon na ndaoine a thuairiscíonn
cóicín mar a bpríomh-fhadhbdhruga tánaisteach
i rith na tréimhse 1996 go dtí 2000 ó 1% go dtí 7%.
Ag caint di faoin mbealach go bhféadfadh seirbhísí dul
i gceann na faidhbe seo, ghlac Mairéad Lyons, Uas., Stiúrthóir
an CCND, leis go dtagann cur chuigeanna i leith drugaí a chosc
in Éirinn leis an scothchleachtas go hidirnáisiúnta
agus ba chóir leanúint ar aghaidh le hinfheistíocht
sa r éimse seo. Dúirt sí, áfach,
"nach mór aghaidh a thabhairt ar na braistintí i leith an
chóicín gur druga sábháilte atá ann
mar gheall ar leibhéil na n-iompair arb údar riosca iad
a bhaineann le trealamh a bheith á roinnt lena instealladh, lena
análú isteach tríd an tsrón agus lena chaitheamh.
Níl aon druga ionaid le spleáchas ar an gcóicín
a chóireáil, tá cláir struchtúrtha
ag teastáil le seirbhísí croílárnacha
amhail comhairleoireacht aonair nó i ngrúpa. Tá dúshlán
ollmhór roimh sheirbhísí cóireála drugaí trasna
na n-earnálacha ó thaobh úsáid fhadhbach an
chóicín a bhainistiú i measc dhaonra na ndaoine atá faoi
chóireáil le haghaidh drugaí codlaidíneacha."
Tuilleadh Faisnéise:
Paul Daly
Montague Communications
5 Ascaill Ghort an Tobair
Droim Conrach
Baile Átha Cliath 9
Teil: +353 1 837 7960
Soghluaiste:+353 87 223 5187
Mairéad Lyons
Stiúrthóir
CCND
3ú hUrlár Floor
Teach Shíol Bhroin
Bóthar Shíol Bhroin
Droichead na Dothra
Baile Átha Cliath 4
Teil: +353 1 667 0760 / 0869
Soghluaiste: +353 87 798 0614
Nóta don Eagarthóir
Rinneadh suirbhéanna arna ndéanamh ag UISCE (Aontas ar
son Seirbhísí, Cumarsáide agus Oideachais F(h)eabhsaithe)
agus ag CCÉ (Cé na gCeannaithe Éireann) thar ceann
an CCND.
Rinneadh suirbhé UISCE agus úsáid á baint
as ceistneoir arna soláthar ag an gCCND i rith mhí na Samhna
agus mhí na Nollag 2002. Cuireadh anailís i gcrích
ar SPSS. Tháinig ionadaithe UISCE ar úsáideoirí cóicín
trí líonra úsáideoirí drugaí,
as chuile chearn den chathair agus daoine a bhaineann úsáid áineasa
as an druga san áireamh.
 |
| | | | | | | | | | | |
|