Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí
Faoin gCCND
Clár Oibre
Nuacht agus Imeachtaí
Foilseacháin
DVD
Gníomhaíochtaí Taighde
Maoiniú Taighde
Aigneachtaí
Naisc
FOI
 
Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
8th Floor
Hawkins House
Hawkins St.
Dublin 2

Teileafón: +353 1 6354283
Ríomhphost: info@nacd.ie

Uaireanta Oscailte
9.00rn go 5.00in

National Development Plan
Baile Teagmhálacha Mapa Suímh Cuardach Bearla
  Prevention, Consequences, Prevalence, Treatment, Rehabilitation ..
 Tá tú anseo:   Baile > Nuacht agus Imeachtaí > Preaseisiúintí

LÉIRÍONN TAIGHDE NUA GO LAGHDAÍTEAR AN ÚSÁID DRUGAÍ AGUS RANNPHÁIRTEACHAS SA CHOIREACHT AGUS GO BHFEABHSAÍTEAR SEANSANNA GO BHFILLFIDH DUINE AR AN OBAIR DE BHARR NA CÓIREÁLA DRUGAÍ 

Arna eisiúint ag: An Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí

Le heisiúint: 9ú Deireadh Fómhair 2008 ag 9.30am

Léiríonn taighde nua go ndéantar laghdú substaintiúil ar úsáid drugaí an duine agus ar a rannpháirteachas sa choireacht de bharr na cóireála drugaí, agus ní amháin sin, ach go bhfeabhsaítear torthaí ó thaobh na fostaíochta dá bharr freisin. Foilsíodh na sonraí inniu  (9ú Deireadh Fómhair 2008) in Torthaí ROSIE 7 (Staidéar ar Thoradh Taighde in Éirinn Lena Meastar Éifeachtacht na Cóireála Drugaí). Is é ROSIE an chéad staidéar náisiúnta fadaimseartha sa tír ar thorthaí na cóireála drugaí san iliomad ionad agus ba é an Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí a choimisiúnaigh é (CCND). 

D’earcaigh taighdeoirí ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, 404 úsáideoir codlaidíneach nuair a thosaigh siad ar an gcóireáil le haghaidh drugaí agus lean siad rannpháirtithe ó phointe tosaithe eipeasóide nua cóireála agus rinne siad monatóireacht ar an dul chun cinn a rinne siad; bliain amháin agus trí bliana tar éis dóibh a bheith glactha isteach i gclár cóireála. Ba iad na torthaí a tomhaiseadh in ROSIE, ina measc siúd a bhí ag glacadh páirte sa staidéar, ná an úsáid drugaí, rannpháirteachas sa choireacht, iompar ó thaobh a bheith ag instealladh drugaí, sláinte fhisiciúil agus mheabhrach agus feidhmiú sa tsochaí.

Ag seoladh na tuairisce dó, dúirt John Curran T.D., Aire Stáit le freagracht as an Straitéis Náisiúnta Drugaí, gur  léiriú soiléir na torthaí go n-éiríonn leis an gcóireáil drugaí agus go bhfuiltear ag fáil sochair as infheistíocht an Rialtais.

"Baintear na laghduithe is mó ar an úsáid drugaí agus ar an rannpháirteachas sa choireacht amach sa chéad bhliain agus bhí na laghduithe seo coinnithe ar bun tráth an agallaimh athleanúna tar éis trí bliana. Ar an gcaoi chéanna, ó thaobh na forbartha pearsanta, déantar feabhsú suntasach ón gcéad bhliain (22%) go dtí an tríú bliain nuair a bhíonn 33% de rannpháirtithe an staidéir i mbun fostaíochta agus/nó oiliúna."

"Is é rún an Rialtais go gcuirfear leis na torthaí dearfacha seo. Cé go bhfuil réimsí fós ann le haghaidh tuilleadh staidéir, is léir go soláthróidh infheistíocht leanúnach, sa chóireáil drugaí agus leis an straitéis athshlánúcháin a chur i ngníomh, tuilleadh torthaí dearfacha sna blianta atá amach romhainn."

Ag caint dó maidir leis na figiúirí, dúirt Cathaoirleach an CCND, Dr Des Corrigan, i gcomparáid le staidéir idirnáisiúnta, "go bhfuil ráta ard athleanúna ag staidéar ROSIE - chuir 88% agallamh i gcrích tar éis 3 bliana agus chuir 72% an trí agallamh ar fad i gcrích. Léiríonn an staidéir go bhfuil an ráta coinneála i gcláir chóireála drugaí in Éirinn an-ard, rud a chabhraíonn le beatha daoine a shábháil. Tá an ráta mortlaíochta sa staidéar íseal nuair a chuirtear é i gcomparáid le staidéar na Ríochta Aontaithe ar thorthaí, NTORS." 

Chuaigh Dr Corrigan ar aghaidh le rá ”go raibh torthaí measctha ann le haghaidh airíonna sláinte fisiciúla agus meabhrach ó thaobh a bheith ag cur na ndúshlán chun suntais a bhíonn roimh sholáthraithe seirbhísí agus iad ag tabhairt aghaidhe ar an úsáid ildrugaí i measc an ghrúpa seo agus ó thaobh cúram a sheachadadh dóibh siúd a bhfuil dédhiagnóis acu.”

Chuir Dr. Corrigan clabhsúr leis á rá cé gur tháinig sé chun cinn go raibh cláir chóireála meatadóin an-éifeachtach mar chóireáil sa staidéar, léiríodh go raibh éifeacht ag seirbhísí laghdaithe díobhála freisin, go háirithe ó thaobh na rátaí ísle maidir le daoine a bheith ag fáil nó ag tabhairt trealaimh insteallta ar iasacht sa staidéar.

 

Tá an méid seo a leanas san áireamh le torthaí buntábhachtacha ó ROSIE:

  • Bhí 70% i mbun cláir chóireála de chineál éigin tar éis 3 bliana agus bhí 86% as a measc siúd i mbun cláir chóireála meatadóin;
  • Bhí 29% ag staonadh ó dhrugaí tar éis 3 bliana agus tháinig an feabhsú ba mó ón tráth a glacadh isteach i gclár iad (7%) agus tar éis bliain amháin (29%) agus coinníodh an méadú seo ar bun chomh fada leis an tríú bliain (29%);
  • Laghdaíodh úsáid na hearóine ó 81% tráth a glacadh daoine isteach i gclár go dtí 47% tar éis bliain amháin agus coinníodh an feabhsú sin ar bun chomh fada leis an tríú bliain (47%);
  • Baineadh laghduithe amach ar úsáid an channabais, úsáid an chóicín agus ar an úsáid ildrugaí tar éis bliain amháin agus coinníodh na laghduithe sin ar bun chomh fada leis an tríú bliain;
  • Chonacthas gur beag an líon daoine a bhí i mbun iompair chontúirtigh a bhain le drugaí a bheith á n-instealladh (ag fáil nó ag tabhairt trealaimh insteallta ar iasacht) tráth a bhí daoine á nglacadh isteach i gclár agus ní fhacthas aon athrú i gcaitheamh na dtréimhsí ar fad; 
  • Bhí torthaí measctha ann le haghaidh airíonna sláinte fisiciúla agus meabhrach, a d’fheádfadh a bheith de thoradh na mbeart a úsáideadh, saincheisteanna ó thaobh na hilúsáide drugaí nó na dédhiagnóise.
  • Bhí feabhsú suntasach ar líon na ndaoine a bhí i mbun oiliúna tar éis 3 bliana;
  • Bhí méadú suntasach ar líon na ndaoine a bhí fostaithe tar éis bliain amháin   (22.1%) agus tar éis trí bliana (33%) ná mar a bhí amhlaidh tráth a glacadh isteach i gclár iad (20.5%).

 

Tuilleadh Faisnéise
Annmarie Brennan / Ronan Cavanagh, Montague Communications:
(01) 830 3116 or (087) 260 5896/ (086) 317 9731

Nótaí don Eagarthóir:

  • Tá freagracht ar an Aire Stáit as an Straitéis Náisiúnta Drugaí agus as Gnóthaí Pobail ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

  • Choimisiúnaigh an CCND an taighde seo in 2002 agus tar éis tairiscinte oscailte, bronnadh an conradh ar Dr Catherine Comiskey agus OÉ Má Nuad. 

  • Comhlíonann an staidéar seo freagracht an CCND i ndáil le Gníomh 99 de Straitéis Náisiúnta Drugaí 2001-2008: " Staidéir bhreise ar thorthaí a choimisiúnú laistigh de shuíomh na hÉireann chun tionchar reatha na cóireála meatadóin, ar idir shláinte an duine aonair agus ar iompar a sháraíonn an dlí, a dhéanamh amach. Ba chóir go mbeadh staidéir den sórt sin ina n-uirlis thábhachtach agus luach fadtéarmach na cóireála seo á dhéanamh amach."

  • Cuireadh tús le hobair allamuigh don staidéar le hearcaíocht i Márta 2003 agus chuathas ar aghaidh leis na huirlisí taighde a thástáil ar bhonn píolótach. Lean an earcaíocht iomlán ar aghaidh ó Mheán Fómhair 2003 go dtí Iúil 2004. Earcaíodh 404 úsáideoir codlaidíneach do Staidéar ROSIE agus iad ag dul isteach i gcóireálacha lenar bhain trí innéacs; clár cothabhála/laghdaithe meatadóin (53.2%, u=215) clár díthocsainiúcháin struchtúrtha (20%, u=81) agus clár cóireála bunaithe ar an staonadh (20.3%, u=82). Lena chois seo, earcaíodh foshampla d’úsáideoirí codlaidíneach ó sheirbhísí malartaithe snáthaidí (6.4%, u=26). Bhí na modúlachtaí seo ina gcuid den achoimre tairisceana ón gCCND toisc gur measadh gurbh ionann iad agus na hidirghabhálacha is fairsinge a chuirtear i ngníomh d’úsáideoirí codlaidíneach in Éirinn. 

 

Modheolaíocht an Taighde:

Tá an mhodheolaíocht a mbaintear úsáid as ina staidéar ionchasach fadaimseartha breathnadóireachta. Cuireadh agallamh ar rannpháirtithe ag an trí thréimhse ama agus úsáid á baint as sceideal agallaimh réamhullmhaithe, lenar scrúdaíodh tomhaiseanna buntábhachtacha torthaí lena n-áirítear:

  • Úsáid drugaí  (lena n-áirítear cineál an druga, minicíocht na húsáide agus méid na húsáide);
  • Sláinte Ghinearálta (measúnacht 10 bpointe ar shláinte fhisiciúil & shíceolaíochta);
  • Feidhmiú sa tSochaí (fostaíocht, cóiríocht, rannpháirteachas sa choireacht);
  • Díobháil (ag instealladh & taithí ar ródháileoga) agus;
  • Mortlaíocht (aiseolas ó rannpháirtithe/theagmhálacha & ag seiceáil rannpháirtithe nár thángthas suas leo i gcoinne Chlár Ginearálta na mBásanna).

Tagraíonn an choireacht éadála do gach cineál gadaíocht, calaois agus d’earraí goidte a bheith á láimhseáil agus ní bhíonn díol/soláthar drugaí nó sireadh san áireamh leis.

A CHRÍOCH

Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí
Baile | Teagmhálacha | Mapa suímh | Cuardach | Faoin gCCND | Nuacht agus Imeachtaí | Foilseacháin | Gníomhaíochtaí Taighde| Clár Oibre | Maoiniú Taighde | Naisc