|
CUIREANN AN tAIRE EOIN RYAN, T.D., FÁILTE ROIMH CHÉAD THUAIRISC AN CHOISTE CHOMHAIRLIGH N ÁISIÚNTA AR DHRUGAÍ7ú Nollaig 2001 Sheol an tUas Eoin Ryan, T.D., Aire um Fhorbairt Áitiúil le freagracht speisialta as an Straitéis Náisiúnta Drugaí, an chéad tuairisc leis an gCoiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí, dar teideal 'Úsáid Drugaí á Chosc: Forléargas ar Thaighde’ inniu (Dé hAoine 7ú Nollaig, 2001). Dhearbhaigh an tuairisc seo an pointe buntábhachtach nach bhfuil aon fhreagra shimpl í amháin ann ar fhadhb na ndrugaí in Éirinn. "Ionas go n-éireoidh leis na cláir um drugaí a chosc, caithfidh siad gan a bheith ag feidhmiú astu féin amháin, ach oibriú i gcomhpháirtíocht le scoileanna, grúpaí pobail, teaghlaigh, agus grúpaí óige. Níl aon fhreagairt éifeachtach amháin ann ar an mí-úsáid drugaí – tá an scéal i bhfad níos casta ná sin agus baineann sé leis na nascanna idir úsáid fhadhbach drugaí agus gnéithe agus iarmhairtí éagsúla den d íothacht shóisialta." Arsa an tAire Ryan. Tá an léirbhreithniú, arna scríobh ag Dr Mark Morgan ó Choláiste Naomh Pádraig, Droim Conrach, bunaithe ar thaighde ar chláir um mí-úsáid agus chosc drugaí in Éirinn, agus ar an gcomhthéacs idirnáisiúnta ó na seascaidí go dtí an lá atá inniu ann.
arsa Dr Morgan. Lean an tAire Ryan leis á rá
Dar leis an Tuairisc, tá an ghaolmhaireacht idir riosca a aithint agus cosc criticiúil. Dá bhféadfaí fachtóirí riosca a aithint, fachtóírí a chabhraíonn leis na cúiseanna leis an úsáid drugaí a shonrú, d’fhéadfaidís bheith ina gcúnamh ansin leis na bealaí idirghabhála is oiri únaí a mholadh. Cuireann an Tuairisc chun suntais gur sheachain cur chuigeanna an fheachtais fhrith-dhrugaí ab éifeachtaí taicticí na heagla agus ó thaobh na moráltachta, leag sé béim ar na hiarmhairtí gearrthéarmacha, seachas fadtéarmacha, agus sheachain sé úsáid a bheith á baint as urlabhraithe mór le rá ar an ábhar gur minic a bhíonn daoine óga in amhras faoina mhéid is a bhíonn siad seo fírinneach. Tá fianaise ann go méadaíonn an dóchúlacht
go dtiocfaidh fadhbanna chun cinn i nduine óg ar aon dul díreach
le líon na bhfachtóirí riosca a théann dóibh.
Lena rá ar bhealach eile, cé go bhféadfaidh leanaí a
bheith sách láidir leis an bhfód a sheasamh in aghaidh
tionchair amháin, má théann roinnt tionchar diúltach
dóibh in éineacht, méadaíonn na seansanna go dtiocfaidh
fadhbanna chun cinn iontu go substaintiúil.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise téigh i dteagmháil le: Mairéad Lyons Teil: +353 1 667 0760 / 0869
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||