|
LÉIRÍONN SUIRBHÉ GO BHFUIL ÚSÁID BAINTE AS CANABAS UAIR AMHÁIN AR A LAGHAD AG DUINE AS GACH SEISEAR IN ÉIRINNDÁTA EISITHE: Dé hAoine 7ú Deireadh Fómhair 2005 Fuarthas le suirbhé mór, arna fhoilsiú ag an gCoiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí, gur bhain 17% den daonra ginearálta úsáid as canabas ag tráth éigin ina saol. Níor thug ach 3% le fios gur bhain siad úsáid as le m í anuas. Tá na torthaí seo i measc na dtorthaí buntábhachtacha atá in Úsáid Drugaí in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann Suirbhé 2002/2003 ar Leitheadúlacht Drugaí: Torthaí Canabais Builitín 3 a sheol an tUas. Noel Ahern, T.D., inniu (Dé hAoine, 7 Meán Fómhair). Is é an tUas. Ahern an tAire Stáit a bhfuil freagracht air as an Straitéis Náisiúnta Drugaí ag an Roinn Gn óthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Tugadh le fios i dtuairiscí roimhe seo gurb é canabas an druga mídhleathach is coitianta a mbaintear úsáid as in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann araon. Pléann an Builitín seo (an tríú ceann i sraith thuairiscí) go sonrach le leitheadúlacht agus úsáid an chanabais agus soláthraíonn sé faisnéis mhionsonraithe maidir le haois na chéad úsáide, a rialta is bhaintear úsáid as, an cineál canabais a mbaintear úsáid as agus an modh úsáide, canabas a fháil, úsáid a stopadh agus dearcaí i leith úsáid an chanabais go ginear álta. Mar fhreagairt ar an toradh nár mhian le formhór na ndaoine go gceadófaí canabas le haghaidh úsáide áineasa, d úirt an tAire Noel Ahern, T.D.:
Dúirt breis is an ceathrú cuid de dhaoine ar cuireadh an suirbhé orthu agus a dúirt go raibh canabas tógtha uair amháin ar a laghad acu, gur bhain siad úsáid as ar bhonn rialta. As a measc seo, dúirt 58% díobh gur stop siad á úsáid ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear, nach raibh siad ag iarraidh é a thógáil níos mó (43%), nár chuid dá shaol sóisialta níos mó é (26%), nár phleisiúr dóibh na drochéifeachtaí (23%) agus mar gheall ar bhuairimh faoi chúrsaí sláinte (20%). Cuireann sé seo chun suntais gur fhulaing líon substaintiúil daoine a thóg canabas, seachtortha í nach raibh siad ag iarraidh. Fuarthas leis an suirbhé freisin go bhfaigheann formhór na ndaoine canabas óna dteaghlach nó ó chairde agus go roinneann siad i measc cairde é. San áireamh i dtorthaí buntábhachtacha ón suirbh é:
Ó thaobh canabas a fháil, fuarthas leis an suirbhé:
Ag caint dó faoin toradh buntábhachtach seo, dúirt Des Corrigan, Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Náisiúnta ar Dhrugaí (CCND) “Go mbréagnaíonn an fhaisnéis seo an dearcadh coitianta i leith an mhangaire mar dhuine nach bhfuil aithne ar bith ag an úsáideoir air agus cuireann sé chun suntais a thábhachtaí is atá sé do thuismitheoirí go mbeadh a fhios acu cé na daoine a bhfuil a bpáistí ag meascadh leo, céard a bhíonn ar siúl acu agus an bhfuil súil á coinneáil orthu. Acmhainn úsáideach is ea an builitín seo ó thaobh a bheith ag cur leis an tábhacht go dtuigtear an comhthéacs teaghlaigh agus sóisialta a mbaineann daoine úsáid as drugaí ann.” Ag caint dó ar an bhfíric gur stop 23% díobh siúd a raibh úsáid bainte as canabas acu an úsáid a bhídís ag baint as roimhe toisc nár thaithnigh na seachtortha í leo, dúirt an Dr. Corrigan:
Chuir sé leis sin á rá go ndúirt 20% d’fhreagróirí gur stop siad an úsáid a bhídís ag baint as canabas mar gheall ar ch úiseanna sláinte, dúirt an Dr. Corrigan,
Lean Des Corrigan leis á rá;
CRÍOCHNótaí don Eagarthóir Rinne MORI MRC suirbhé ar 8,434 duine san iomlán idir 15-64 bliana d’aois thar ceann an CCND agus ATFDA (4,918 in Éirinn agus 3,516 i dTuaisceart Éireann) idir mí Dheireadh Fómhair 2002 agus mí Aibreáin 2003. Baineadh ráta freagairte 70% amach. Agus úsáid á baint as na sonraí daonáirimh is déanaí, oiriúnaíodh an sampla de réir inscne, aoise agus Boird Sláinte (limistéir Bhord Sláinte agus Seirbhísí Sóisialta i dTuaisceart Éireann) chun a ionadaíche is a bheadh sé ar an daonra ginearálta a uasmhéadú. Is é aidhm an tsuirbhé seo ar leitheadúlacht drugaí ná fairsinge agus pátrún na húsáide drugaí sa daonra ginearálta a dhéanamh amach; táirgeadh na chéad torthaí maidir le leitheadúlacht drugaí i mBuilitín 1 (arna fhoilsiú i mí Dheireadh Fómhair 2003 agus athbhreithniú déanta air i mí an Mheithimh 2005 d’Éirinn, do Thuaisceart Éireann agus d’oileán na hÉireann. Maidir le Builitín 2, a foilsíodh i mí Aibreáin 2004 agus a ndearnadh athbhreithniú air i mí an Mheithimh 2005, scaoil sé na torthaí maidir le leitheadúlacht drugaí de réir limistéir bhord sláinte in Éirinn agus de réir limistéir bhord sláinte agus seirbhísí sóisialta i dTuaisceart Éireann. Díríonn Builitín 3, a foilsíodh inniu (7 Deireadh Fómhair 2005) ar Úsáid an Chanabais in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Taighde
ar Chanabas a rinne an CCND níos luaithe
Rinne an CCND, de thoradh a anailíse ar a tuairisc ar chanabas níos luaithe agus de thoradh na dtorthaí sa Bhuilitín seo, an chonclúid go bhfuil gá ann le monatóireacht a dhéanamh ar láidreacht na dtáirgí canabais i margadh na hÉireann; chomh maith le fairsinge an spleáchais ar an gcanabas a dhéanamh amach, agus cibé an bhfuil nascanna ann idir úsáid an chanabais agus drochshláinte mheabhrach agus tinnis riospráide ach go háirithe. Tá réimsí suntasacha eile, dar leis an gCCND, nach féidir na freagraí riachtanacha a sholáthar ina dtaobh ach le tuilleadh taighde amháin, agus sna réimsí sin áirítear an cheist faoina dtarlaíonn nuair a thagann úsáideoirí canabais i dteagmháil leis an gcóras dlí agus imscrúdú ar an úsáid chanabais mar cheann de na fachtóirí a bhaineann le duine a bheith ag fágáil na scoile go luath. Faoin gCCND agus ATFDABunaíodh an CCND i mí Iúil 2000 chun comhairle a thabhairt do Rialtas na hÉireann i ndáil le leitheadúlacht, cosc, cóireáil / athshlánúchán agus iarmhairtí na fadhb-úsáide drugaí in Éirinn, bunaithe ar an anailís ar thorthaí taighde agus ar fhaisnéis. Tá maoirseacht á déanamh ag an gCCND ar chlár saothair a sheachadadh maidir le fairsinge, cineál, cúiseanna agus éifeachtaí na húsáide drugaí in Éirinn. Tá an CCND comhdhéanta d’ionadaithe arna n-ainmniú ó ghníomhaireachtaí agus earnálacha ábhartha, idir reachtúil agus neamhreachtúil. Tuairiscíonn an CCND don Aire Stáit atá freagrach as an Straitéis Náisiúnta Drugaí. Tá roinnt mhaith tuairiscí foilsithe ag an gCCND, atá ar fáil ar an suíomh idirlín. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ón suíomh idirlín: www.nacd.ie. Bunaíodh an tATFDA i mí na Bealtaine 2001 chun clár faisnéise agus shaothar taighde a fhorbairt agus a bhainistiú le tacú leis an gcomhobair le Straitéisí Drugaí agus Alcóil Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann a chur i ngníomh, ag cur le hobair a rinneadh roimhe sin chun tacú leis an Straitéis Drugaí amháin. Cuireann an dá straitéis chun suntais an gá le faisnéis mhionsonraithe ar phátrúin agus iompair ó thaobh úsáid drugaí agus ólachán chun polasaithe agus cleachtas a spriocdhíriú go héifeachtach. Chomh maith leis sin, tá lámh ag an ATFDA in obair le meastóireacht a dhéanamh ar thionscadail agus thionscnaimh arna maoiniú tríd an Straitéis Drugaí, le Bunachar Sonraí Thuaisceart Éireann um Mhí-Úsáid Drugaí a bhainistiú agus a fhorbairt agus le faisnéis a bhíonn ar fáil a scaipeadh. Tá an tATFDA lonnaithe laistigh den Roinn Sláinte, Seirbhísí Sláinte agus Sábháilteachta Poiblí. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ó suíomh idirlín na Roinne sin: www.dhsspsni.gov.uk/stats &research.
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||