Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí
Faoin gCCND
Clár Oibre
Nuacht agus Imeachtaí
Foilseacháin
DVD
Gníomhaíochtaí Taighde
Maoiniú Taighde
Aigneachtaí
Naisc
FOI
 
Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
1ú Urlár, Dún Aimhirgín
43/49 Bóthar Mespil,
Baile Átha Cliath

Teileafón: +353 1 647 3240
Faics: +353 1 647 3150
Ríomhphost: info@nacd.ie

Uaireanta Oscailte
9.00rn go 5.00in

National Development Plan
Baile Teagmhálacha Mapa Suímh Cuardach Bearla
  Prevention, Consequences, Prevalence, Treatment, Rehabilitation ..
 Tá tú anseo:   Baile > Nuacht agus Imeachtaí > Preaseisiúintí

TAISPEÁNANN STAIDÉAR NUA GO BHFUIL 14,452 DUINE AG BAINT ÚSÁIDE AS CODLAID ÍNIGH IN ÉIRINN

2.00 i.n., Dé Máirt, 6 Bealtaine 2003

Laghdú de bhreis is 1,000 ar líon na n-úsáideoirí hearóin i mBaile Átha Cliath

Rinneadh meastachán gur 14,452 duine líon na ndaoine a bhí ag baint úsáide as hearóin in 2001, trí staidéar nua ar leitheadúlacht na mí-úsáide codlaidíneach in Éirinn. Choimisiúnaigh an Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí (CCND) an taighde – an chéad staidéar dá leithéid ar tugadh faoi don tír ar fad – agus sheol an tAire Stáit ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le freagracht as an Straitéis Náisiúnta Drugaí, an tUas Noel Ahern, T.D., an tuairisc inniu (Dé Máirt, 6 Bealtaine).

Dr Alan Kelly, bith-staitisteoir atá bunaithe in Aonad Taighde Sláinte Mionlimistéar Choláiste na Tríonóide, a rinne an taighde, lena fhoireann Marlen Carvalho, Uas. agus an tUas. Conor Teljeur. Tá sé bunaithe ar staitisticí arna sol áthar le trí fhoinse sonraí:

  • Lárliosta Cóireála do Lucht Mí-Úsáide Drugaí;
  • Staidéar Náisiúnta na nGardaí ar Dhrugaí, ar Choireacht agus ar Ghníomhaíocht Choiriúil Ghaolmhar;
  • Bunachar Sonraí na bhFiosrúchán ó Othar Cónaitheach in Ospidéal.

Ag labhairt dó ag an seoladh, mhínigh Dr Kelly go ndéantar meastachán maidir le leitheadúlacht amach leis an modheolaíocht a úsáidtear, bunaithe ar líon na ndaoine i ngach foinse shonraí a aithint chomh maith le líon na ndaoine a théann isteach i dtacar amháin, nó in dhá nó i dtrí thacar le chéile. Leagtar na huimhreacha síos ansin mar shampla agus úsáid á baint as teicníc staitistiúil chun meastach án a sholáthar.

Ag caint dó faoi thorthaí an staidéir, dúirt an tAire Ahern, nuair a bhaintear na figiúirí do Bhaile Átha Cliath amach agus a chur i gcomparáid le staidéar a rinneadh roimhe seo in 1996, lenar breathnaíodh ar an scéal i mBaile Átha Cliath amháin, meastar go bhfuil laghdú amuigh is istigh ar 1,000 tagtha ar líon na ndaoine a bhaineann úsáid as codlaid ínigh sa phríomhchathair.

"Bhí 12,456 úsáideoir codlaidíneach (daoine 15-54 bliana d’aois) i mBaile Átha Cliath in 2001, laghdú suntasach ar an bhfigiúr a tuairiscíodh roimhe sin in 1996, mar a bhí, 13,461. Ciallaíonn an fhíric go bhfuil breis is 2,000 úsáideoir hearóin lasmuigh de Bhaile Átha Cliath nach féidir linn aon bhogás ar bith a dhéanamh áfach agus muid ag dul i ngleic leis an bhfadhb, "

a thug an tAire Ahern faoi deara.

"Ag breathnú níos grinne dúinn ar na staidéir seo, idir 1996 agus 2001, is féidir linn bogadh a fheiceáil i bpróifíl aoise na n-úsáideoirí codlaidíneach. I measc na bhfear, tá tromlach na n-úsáideoirí codlaidíneach comhdhéanta de na haoisghrúpaí 25-34 agus 35-54 anois – i gcomparáid leis an aoisghrúpa 15-24 in 1996. Níl an t-athrú sna mná chomh suntasach cé gur cosúil go bhfuil s é ag dul sa treo céanna,"

a chuir an tAire leis.

Dúirt Dr Des Corrigan, Cathaoirleach an CCND, go bhfuilimid ag feiceáil líon níos lú de dhaoine óga atá ag baint úsáide as codlaidínigh, de réir mar a théann an lucht úsáide drugaí in aois, feiniméan a mbeidh tuilleadh anailíse air ag teastáil.

"Taispeánann comparáid idir figiúir 1996 agus 2001 do Bhaile Átha Cliath go bhfuil níos mó daoine idir 25 agus 34 ag teacht faoi bhráid seirbhísí le haghaidh cóireála. Comhartha misnigh is ea é seo go n-aithníonn siad gur féidir cabhrú leo. Mar gheall ar an bhfianaise seo, caithfimid brú ar aghaidh leis an Straitéis Náisiúnta Drugaí a chur i ngníomh, toisc nach bhfágann na figiúirí seo aon spás dúinn le bogás a dhéanamh,"
arsa Dr Corrigan.

Chuir an tAire Ahern focal scoir leis á rá go bhfuil an mhí-úsáid drugaí fós ar cheann de na mórfhadhbanna sóisialta atá roimh shochaí na hÉireann sa lá atá inniu ann.

"Cé go bhfuil údar misnigh i dtorthaí an staidéir i ndáil le Baile Átha Cliath, ní féidir linn aon bhogás ar bith a dhéanamh. Leanfaidh an Rialtas ar aghaidh le bheith ag obair i gcomhpháirtíocht leis na pobail is mó atá thíos leis an bhfadhb. Beidh sé ina thosaíocht fós ag an Rialtas an 100 gníomh sa Straitéis Náisiúnta Drugaí a chur i ngníomh chomh maith le tionscnaimh amhail na Tascfhórsaí Áitiúla ar Dhrugaí, Tascfhórsaí Réigiúnacha ar Dhrugaí agus an Ciste Áiseanna & Seirbhísí do Dhaoine Óga,"

arsa an tAire Ahern.

 

Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí
Baile | Teagmhálacha | Mapa suímh | Cuardach | Faoin gCCND | Nuacht agus Imeachtaí | Foilseacháin | Gníomhaíochtaí Taighde| Clár Oibre | Maoiniú Taighde | Naisc