Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
8th Floor
Hawkins House
Hawkins St.
Dublin 2
Teileafón: +353 1 6354283
Ríomhphost: info@nacd.ie
Uaireanta Oscailte 9.00rn go 5.00in
 |
|
 |
Cothaíonn grúpaí pobail taighde nuálach
ar shaincheisteanna áitiúla maidir le drugaí
Dé Luain 4ú Deireadh Fómhair 2004
Sheol an tUas. Noel Ahern, T.D., Aire Stáit don Straitéis
Náisiúnta Drugaí, ceithre thuairisc ar thaighde pobail
arna maoiniú faoin Scéim Thaighde don Earnáil Phobail/Dheonach
de chuid an Choiste Chomhairligh Náisiúnta ar Dhrugaí (CCND)
inniu [Dé Luain 4.10.04] ag comhdháil faoi ‘Saincheisteanna
maidir le Drugaí á bhFiosrú trí Thaighde Pobail’.
Pléifidh beagnach 200 duine ón earnáil phobail agus
dheonach timpeall na tíre torthaí agus moltaí buntábhtachtacha
a cuireadh chun tosaigh sna tuairiscí i ndáil le saincheisteanna áitiúla
maidir le druga í.
Is iad an ceithre thionscadal taighde a bhí maoinithe ag an scéim
ná Tionscadal Aicsin Óige Bhaile Mhunna (TAÓBM),
Clár Phobal Chósta Chill Bharróg (CPCCB), Cé na
gCeannaithe Éireann (CCÉ) agus Aonad Comhairle Thamhlachta
do Dhaoine gan Dídean (ACTDD).
Agus an chomhdháil á hoscailt inniu aige, ghabh an tAire
comhghairdeas leis na tionscadail as ucht éacht na dtuairiscí taighde
luachmhara a tháirg siad. “Cuirfear na saincheisteanna san áireamh
agus an t-athbhreithniú lárthéarma á dhéanamh
ar an Straitéis Náisiúnta Drugaí faoi láthair” arsa
an tAire.
Dúirt Dr Des Corrigan, Cathaoirleach, CCND,
"Bhí sé i gceist againn go gcothódh an scéim
dheontas taighde taighde nuálach pobalbhunaithe ar dhrugaí agus
go líonfadh sé bearnaí sa mhéid atá ar
eolas againn agus go gcabhródh sé le polasaithe poiblí a
fhorbairt. Sárshampla is ea an ceithre thuairisc seo den mhéid
is féidir a bhaint amach trí thaighde pobalbhunaithe a mhaoiniú.
Is mian liom aitheantas a thabhairt do thacaíocht na Roinne Gnóthaí Pobail,
Tuaithe agus Gaeltachta as an maoiniú don scéim dheontais
seo a éascú. "
Seachas saincheisteanna ilchineálacha a scrúdú, téama
coitianta atá ag teacht chun cinn trasna na dtuairiscí ar
fad ná go bhfuil breisiú leanúnach ar sheirbhísí agus
tiomantas don oideachas ríthábhachtach ar leibhéal áitiúil.
Soláthraíonn torthaí na dtuairiscí taighde
seo an t-eolas agus an fhaisnéis atá riachtanach chuige
seo. Scrúdaíonn an ceithre thionscadal taighde na saincheisteanna
seo a leanas:
- Tionscadal Aicsin Óige Bhaile Mhunna (TAÓBM)
Déantar staidéar leis an tuairisc seo ar ról na
mbeinseadé-asaipíní agus fadhbanna maidir le mí-úsáid
substaintí ag teacht chun cinn i mBaile Munna. Fiosraíonn
an tuairisc na dinimicí maidir le soláthar agus éileamh
i gcomhthéacs áitiúil freisin, agus cuirtear chun
suntais ann na fachtóirí a fhágann go leanann leibhéal
réasúnta ard ó thaobh úsáid bheinseadé-asaipíní ar
aghaidh laistigh den phobal. Déantar sraith mholtaí sa
tuairisc lena n-áirítear straitéisí a d’fhéadfadh
athrú a éascú. Go príomha, leagtar béim
sa tuairisc ar an ngá infheistíocht a dhéanamh
le seirbhísí a fhorbairt chun dul in éineacht le
liachleachtóirí agus tacaí nach tacaí cógaisíochta
iad a fhorbairt le haghaidh an díthocsainiúcháin ó bheinseadé-asaipíní chomh
maith le roghanna malartacha ar theiripe bheinseadé-asaipíní.
- Clár Phobal Chósta Chill Bharróg
(CPCCB)
Déantar amach leis an staidéar seo na pátrúin
agus treochtaí maidir le mí-úsáid drugaí i
limistéar Chill Bharróg ag daoine óga idir 10-17
mbliana d’aois agus scrúdaíonn sé a ndearcaí i
leith na húsáide drugaí, agus na fachtóirí riosca
a théann le hiad a úsáid. Déantar measúnú leis
an staidéar ar an úsáid drugaí i measc sampla
daoine a d’fhág an scoil go luath freisin agus scrúdaíonn
sé dearcaí daoine sa phobal maidir leis an scéal ó thaobh
drugaí sa limistéar. Limistéar é a bhfuil
meascán cúlraí sóisialta ann agus tá an
taighde tábhachtach ó thaobh comharthaí a thabhairt
maidir le húsáid drugaí agus dearcaí daoine óga
i leith drugaí i bpobail na mbruachbhailte cosúil leis
timpeall na tíre. Déantar sraith mholtaí sa tuairisc
lena n-áirítear scrúdú a dhéanamh
ar a indéanta is a bheadh Tionscadal Píolótach
i gCill Bharróg lena dtabharfaí scoileanna, eagraíochtaí spóirt,
grúpaí pobail agus deonacha le chéile i gcomhpháirtíocht
leis na gníomhaireachtaí reachtúla, go háirithe
an bord sláinte chun dul i ngleic leis an úsáid
drugaí ag daoine óga. Táthar ag moladh go leanfar
ar aghaidh le cur chuigeanna éifeachtacha a fhorbairt agus a
chur i ngníomh freisin i leith oideachais ar dhrugaí.
- Cé na gCeannaithe Éireann (CCÉ)
Scrúdaíonn an staidéar taiscéalach seo na
pátrúin maidir le húsáid drugaí i
measc pobal nua; fiosraíonn sé na cúiseanna agus
na spreagthaí le húsáid a bhaint as drugaí;
déanann sé amach na rioscaí a d’fhéadfadh
na húsáideoirí a bheith ag tarraingt orthu féin;
scrúdaíonn sé leibhéal an fheasachta ar
straitéisí chun sláinte a chur chun cinn/ díobháil
a laghdú agus ar sheirbhísí cóireála
drugaí; agus aithníonn sé bacainní atá rompu ó thaobh
a bheith ag teacht ar sheirbhísí. Tá sraith mholtaí sa
tuairisc chun cabhrú le seirbhísí drugaí freagairt
do riachtanais úsáideoirí drugaí ó phobail
nua. Go háirithe, moltar sa Tuairisc an gá le seirbhísí a
sholáthar a bheidh inrochtana agus oiriúnach ó thaobh
cúltur.
- Aonad Comhairle Thamhlachta do Dhaoine gan Dídean
(ACTDD)
Scrúdaíonn an taighde seo na nascanna idir a bheith gan
dídean agus úsáid drugaí agus cineál
na húsáide drugaí i measc an daonra gan dídean
i dTamhlacht. Fiosraíonn sé freisin na cúiseanna
go bhfuil siad gan dídean; scrúdaíonn sé polasaithe
agus cleachtais na n-údarás áitiúil i ndáil
le húsáideoirí drugaí gan dídean
a chur i dtithe; agus fiosraíonn sé taithí úsáideoirí drugaí gan
dídean agus tagairt ar leith á déanamh do pholasaithe
agus chleachtais na seirbhísí um easpa dídine.
Rud bunúsach i measc na moltaí a rinneadh leis an taighde
ná an gá leis na nascanna idir a bheith gan dídean
agus úsáid drugaí a aithint ar leibhéil
pholasaithe agus maidir le seirbhísí a sheachadtar.
Tar éis don scéim a bheith seolta in 2001, fuair an CCND
breis is 100 fiosrúchán agus 35 iarratas as chuile chearn
den tír. Forbraíodh an scéim agus meicníochtaí monatóireachta
agus tacaíochta ina gcuid di ag gach céim ón mbuniarratas
go dtí go gcuirtear na staidéir thaighde i gcrích,
lena chinntiú go ndearnadh an taighde de réir na gcaighdeán
modheola íochta ab airde.
Críoch
Tuairiscí na hEarnála Pobail / Deonaí
Le haghaidh tuilleadh faisnéise:
Jane O’Dwyer (086 6491408) / Pat Montague (087 2549123) ag Montague
Communications, Teil. 01 8377960
 |
| | | | | | | | | | | |
|