Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí
Faoin gCCND
Clár Oibre
Nuacht agus Imeachtaí
Foilseacháin
DVD
Gníomhaíochtaí Taighde
Maoiniú Taighde
Aigneachtaí
Naisc
FOI
 
Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
8th Floor
Hawkins House
Hawkins St.
Dublin 2

Teileafón: +353 1 6354283
Ríomhphost: info@nacd.ie

Uaireanta Oscailte
9.00rn go 5.00in

National Development Plan
Baile Teagmhálacha Mapa Suímh Cuardach Bearla
  Prevention, Consequences, Prevalence, Treatment, Rehabilitation ..
 Tá tú anseo:   Baile > Nuacht agus Imeachtaí > Preaseisiúintí

BRONNANN COISTE COMHAIRLEACH NÁISIÚNTA AR DHRUGAÍ CÚIG DHEONTAS TAIGHDE LE hAGHAIDH TAIGHDE AR AN ÚSÁID FHADHBACH DRUGA Í

Dé Máirt 3ú Meán Fómhar 2002

Cuirfidh deontais ar chumas eagraíochtaí tabhairt faoi thaighde nuálach pobalbhunaithe.
Tá deontais idir €20,000 agus €25,000 bronnta ag an gCoiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí (CCND) ar chúig eagraíocht chun taighde nuálach pobalbhunaithe a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den fhadhb-úsáid drugaí in Éirinn. Chuir an tAire le freagracht as an Straitéis Náisiúnta Drugaí, an tUas. Noel Ahern T.D., na deontais i láthair ag ócáid in oifigí na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar Bhóthar Mespil Bhaile Átha Cliath. Cuirfear tús leis na staidéir taighde an mhí seo (Meán Fómhair, 2002) agus cuirfear i gcrích iad faoi dheireadh mh í an Mheithimh 2003.

Is iad cúig fhaighteoir na ndeontas, a roghnaíodh as measc 35 iarratas, ná: Freagairt an Phobail, Baile Átha Cliath 8, a dhéanfaidh staidéar ar inmharthanacht seirbhíse lánpháirtithe ildisciplíní do theaghlaigh atá thíos le fadhb-úsáid drugaí. Oibríonn an ghníomhaireacht le daoine aonair, teaghlaigh agus pobail i lár chathair Bhaile Átha Cliath thiar-theas ar raon leibhéal ó fheasacht ar dhrugaí go hoiliúint, go sláinte a chur chun cinn agus tacaíocht do theaghlaigh, agus féachann sé le cabhrú le daoine a gcuid réiteach féin a dhéanamh amach ar fhadhbanna casta na fadhb-úsáide drugaí agus na n-iarmhairtí a ghabhann léi. Scrúdóidh an staidéar tionchar na fadhb-úsáide drugaí ar an teaghlach; aithneoidh sé a mhéid is a bhraitheann fadhb-úsáideoirí drugaí ar dhaoine sa teaghlach agus ar a mhéid d’acmhainní an teaghlaigh a úsáidtear chun tacú leo, cuirfidh sé síos ar riachtanais daoine sa teaghlach agus fócas ar leith á dhéanamh ar mhná, agus measúnóidh sé éifeachtacht seirbhísí agus líonraí a mbaineann teaghlaigh atá thíos le mí-úsáid drugaí, úsáid astu.

Tionscadal Aicsin Óige Bhaile Mhunna, a dhéanfaidh staidéar ar ról na mbeinseadé-asaipíní (suaimhneasáin) agus fadhbanna maidir le mí-úsáid substainte ag teacht chun cinn i mBaile Munna. Bunaíodh TAÓBM in 1991 agus tairgeann sé raon seirbhísí maidir le gach gné den mhí-úsáid drugaí idir obair le daoine aonair, teaghlaigh agus grúpaí, agus chúrsaí oideachais agus oiliúna. Fiosróidh an taighde an ghaolmhaireacht idir beinseadé-asaipíní, codlaidínigh agus substaintí eile i ndaoine óga, stoc-charntha drugaí; cuirfidh sé síos ar dhinimicí maidir le soláthar agus éileamh na mbeinseadé-asaipíní i margaí drugaí áitiúla ar an tsráid; scrúdóidh sé tionchar úsáid na mbeinseadé-asaipíní ar an bpobal; agus aithneoidh sé na samhlacha coisc agus laghdaithe díobhála go bhféadfaí úsáid a bhaint astu agus a d’fhéadfadh a bheith éifeachtach agus oiri únach sa phobal.

Clár Phobal Chósta Chill Bharróg, a dhéanfaidh taighde aicsin ar an mí-úsáid drugaí i measc daoine idir 10-17 mbliana d’aois i limistéar Chill Bharróg. Tionscadal athshlánúcháin agus iarchúraim drugaí atá ann, bunaithe in oirthuaisceart Bhaile Átha Cliath, le béim ar sheirbhísí ardchaighdeáin, faoi stiúir an úsáideora, d’úsáideoirí drugaí atá ag teacht chucu féin. Féachfaidh an staidéar le pátrúin agus treochtaí na mí-úsáide drugaí i gCill Bharróg ag daoine óga san aoisghrúpa 10 go dtí 17 mbliana d’aois, a dhéanamh amach; scrúdóidh sé na próisis trína dtéann daoine óga sa limistéar le mí-úsáid a bhaint as drugaí; aithneoidh sé na fadhbanna reatha agus infhéideartha a thagann óna mí-úsáid drugaí; agus measúnóidh sé an méid eolais atá i measc daoine óga ar dhrugaí agus ar mhí-úsáid drugaí agus a ndearca í ina leith.

Cé na gCeannaithe Éireann, a dheánfaidh staidéar taiscéalach ar an gcineál úsáid drugaí atá ann i measc trí phobal nua de mhionlaigh eitneacha in Éirinn. Soláthraíonn Tionscadal Ché na gCeannaithe Éireann raon seirbhísí do dhaoine atá thíos leis an úsáid drugaí, VEID agus easpa dídine agus tá sé tiomanta do bheith ag laghdú na díobhála a bhaineann leis an úsáid drugaí do dhaoine aonair, theaghlaigh agus don phobal ar bhonn níos leithne. Scrúdóidh an staidéar na pátrúin maidir le húsáid drugaí i measc na bpobal nua agus na bealaí trína dtógtar an druga a mbaintear úsáid as; fiosróidh sé na cúiseanna agus na spreagthaí le húsáid a bhaint as drugaí, déanfaidh sé amach na rioscaí a d’fhéadfadh na húsáideoirí a bheith ag tarraingt orthu féin, scrúdóidh sé leibhéal an fheasachta ar straitéisí chun sláinte a chur chun cinn / díobháil a laghdú agus ar sheirbhísí cóireála drugaí; agus aithneoidh sé bacainní atá rompu ó thaobh a bheith ag teacht ar sheirbhísí.

Aonad Comhairle Thamhlachta do Dhaoine gan Dídean, a scrúdóidh na nascanna idir an t-easpa dídine agus úsáid drugaí (go háirithe úsáid an hearóin). Déanann ACTDD obair fhorleathan le húsáideoirí drugaí agus pléann sé a gcás thar a gceann le gníomhaireachtaí reachtúla agus deonacha. Tá an t-aonad nasctha go dlúth leis na seirbhísí tacaíochta drugaí i Mórlimistéar Thamhlachta. Scrúdóidh an staidéar taighde cineál agus fairsinge na húsáide drugaí i measc an daonra gan dídean agus fiosróidh sé na cúiseanna go bhfuil siad gan dídean; scrúdóidh sé polasaithe agus cleachtais na n-údarás áitiúil i ndáil le húsáideoirí drugaí gan dídean a chur i dtithe; fiosróidh sé taithí úsáideoirí drugaí gan dídean agus tagairt ar leith á déanamh do pholasaithe agus chleachtais na seirbhísí um easpa dídine; agus déanfaidh sé moltaí a mbeidh sé d’aidhm acu polasaithe a threorú ar leibhéil an rialtais agus an chleachtais.

Mhínigh an tAire Stáit le Freagracht as an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Noel Ahern, T.D., a chuir na deontais i láthair, aidhm fhoriomlán Scéim na nDeontas Taighde don Earn áil Phobail/Dheonach.

" Is é cuspóir na scéime deontais seo ná cabhrú linn tuiscint níos fearr a fháil ar shaincheisteanna a bhaineann le drugaí i bpobail, chomh maith le cumas na hearnála pobail agus deonaí le dul i mbun taighde a bhreisiú, agus dá bharr sin, a n-ábaltacht le tionchar a imirt ar pholasaithe agus ar mar a phleanáiltear seirbhísí, a mhéadú."

Bunaíodh an CCND i mí Iúil 2000 chun comhairle a thabhairt don Rialtas i ndáil leis an bhfadhb-úsáid drugaí in Éirinn. Tá freagracht ar an gCoiste, a dtarraingítear a bhaill as eagraíochtaí reachtúla, pobail, deonacha, agus acadúla, chomh maith le Ranna ábhartha Rialtais, as maoirseacht a dhéanamh ar an mbealach a sheachadófar clár cuimsitheach taighde 3 bliana ar dhrugaí.

 

Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí
Baile | Teagmhálacha | Mapa suímh | Cuardach | Faoin gCCND | Nuacht agus Imeachtaí | Foilseacháin | Gníomhaíochtaí Taighde| Clár Oibre | Maoiniú Taighde | Naisc