Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
1ú Urlár, Dún Aimhirgín
43/49 Bóthar Mespil,
Baile Átha Cliath
Teileafón: +353 1 647 3240
Faics: +353 1 647 3150
Ríomhphost: info@nacd.ie
Uaireanta Oscailte 9.00rn go 5.00in
 |
|
 |
Treoirlínte ag teastáil maidir leis an dédhiagnóis
a bhainisti ú
1ú Samhain 2004
Dé Luain, 1ú Samhain 2004 – Fuarthas le chéad
tuairisc na hÉireann maidir le daoine a bhfuil fadhbanna sláinte
meabhraí agus andúile acu, nach bhfuil aon seirbhís
shonrach ann i bhformhór na gcásanna do dhaoine a bhfuil
dédhiagnóis acu. Tagraíonn an dédhiagnóis
d’fhadhbanna andúile agus sláinte meabhraí a
bheith ann in éineacht le chéile.
Sheol an tUas Noel Ahern, T.D., Aire Stáit don Straitéis
Náisiúnta Drugaí ag an Roinn Gnóthaí Pobail,
Tuaithe agus Gaeltachta, an tuairisc dar teideal “Seirbhísí Sláinte
Meabhraí agus Andúile agus mar a Bhainistítear an
Dédhiagnóis in Éirinn”, arna foilsiú ag
an gCoiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí (CCND),
ag comhdh áil ar an Tulach Mhór inniu (Dé Luain 1.11.04).
D’ullmhaigh foireann taighdeoirí ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha
Cliath an tuairisc faoi sti úir Liam MacGabhann.
Fuarthas leis an tuairisc:
- Gur gá an bealach a chomhordaítear cúram idir
seirbhísí sláinte meabhraí agus andúile
a bhunú ar bhonn níos córasaí i ngach bord
sláinte mar gheall ar an bhfíric nár léirigh
ach 21% de sheirbhísí go raibh polasaí acu maidir
leis an d édhiagnóis;
- Go bhfuil na bealaí gur féidir
le daoine teacht ar sheirbhísí teoranta
mar gheall ar chritéir eisiatachta a fheidhmítear i leith
daoine a bhfuil dédhiagnóis acu i seirbhísí andúile
(58%) agus sláinte meabhraí (43%) araon rud a mhéadaíonn
leochaileacht an ghr úpa seo daoine;
- Bíonn an fháil
a bhíonn ag daoine ar sheirbhísí teoranta
sa chás, i roinnt cásanna, nach gcuirfidh seirbhísí sláinte
meabhraí cóireáil ar dhuine atá ar chlár
cothabhála meatadóin, agus ní chuirfidh roinnt
seirbhísí andúile cóireáil ar dhuine
dá andúil má tá mórthinneas meabhrach
dulta in ainseal air/uirthi. Seo critéir eisiatachta eile a mbaintear úsáid
astu:
- más mí-úsáid substainte an phríomh-neamhord
(seirbhísí sláinte meabhraí);
- má tá iompar
foréigneach ar siúl ag
an duine, nó
- má fheictear nach bhfuil an duine in ann
ag déine na
cóireála.
- D’aontaigh 75% de sholáthraithe
seirbhíse go
soláthródh
seirbhís a bheadh lánpháirtithe ina hiomláine
an bealach ab éifeachtaí le dédhiagnóis
a bhainistiú. Thug na seirbhísí sin a bhfuil
défhreagracht
orthu le fios go raibh níos mó comh-mheasúnú agus
comh-bhainistiú ar siúl acu maidir le cásanna
ná iad
siúd nach raibh ach freagracht seirbhíse singil, orthu,
rud a thacaíonn mar sin leis an gcás le cúram
a lánpháirtiú.
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire Ahern “go
bhfuil forbairt treoirlínte criticiúil chun seirbhísí a
fheabhsú agus a sholáthar don ghrúpa daoine leochaileacha
seo. Mar gheall ar an bhfianaise ón litríocht idirnáisiúnta,
is eol dúinn go bhféadfaidh leitheadúlachtaí éagsúla
a bheith i gceist maidir le líon na daoine a bhfuil neamhord sláinte
meabhraí orthu agus a d’fheadfadh neamhord maidir le mí-úsáid
substainte a bheith orthu freisin, idir chomh líonmhar le duine
as gach beirt go dtí duine as gach ceathrar, is léir go
bhfuil údar imní ann. Is é sin an fáth go
bhfuil taighde sa r éimse seo chomh tábhachtach sin.”
Dúirt Dr Eamon Keenan, Cathaoirleach Fhochoiste an CCND um Chóireáil
/ Athshl ánúchán,
“Cuireann an tuairisc seo chun suntais an doiléire atá ann
faoi láthair i ndáil le dédhiagnóis a aithint
agus a chóireáil araon sa tír seo. Sula ndearnadh
an tuairisc seo, ní raibh aon fhianaise fhoilsithe ann maidir leis
an mbealach a bhí an dédhiagnóis á bainistiú in Éirinn,
agus táimid buíoch de Liam MacGabhann agus dá fhoireann
as an staidéar ceannródaíoch seo. Fadhb shuntasach ó thaobh
na sláinte poiblí is ea é seo a éilíonn
comhordú i bhfad níos mó idir na seirbhísí ábhartha.”
Tá sraith mholtaí déanta ag an gCCND lena n-áirítear:
- Go mbunófar coiste faoin Roinn Sláinte agus Leanaí le
haghaidh a thabhairt ar threoirlínte agus treoirlínte
a fhorbairt bunaithe ar an scothchleachtas idirnáisiúnta
chun d édhiagnóis a bhainistiú in Éirinn;
- Gur chóir go leanfaí ar aghaidh le hothair, a raibh
meatadón á fháil acu sular cuireadh isteach in áis
shíciatrach iad, a choinneáil ar an oideas sin agus iad
faoi ch úram síciatrach; agus
- Gur chóir go soláthrófaí oiliúint
agus oideachas feabhsaithe trasna gach disciplín sa dá earnáil.
Dúirt an tUas Tim O'Malley, T.D., Aire Stáit le haghaidh
na Sláinte Meabhraí ag an Roinn Sláinte agus Leanaí,
an méid seo a leanas agus é ag cur fáilte roimh an
tuairisc:
"Cabhróidh Tuairisc an CCND leis an athbhreithniú reatha
ar an Straitéis Náisiúnta Drugaí agus leis
an obair atá á déanamh ag an nGrúpa Saineolach
ar Pholasaithe um Shláinte Mheabhrach, ag an gCoimisiún
um Shláinte Mheabhrach agus ag an gCigireacht na Seirbhísí Sláinte
Meabhraí araon. Sa chomhthéacs seo, leanfaimid ar aghaidh
le bheith ag dréim le seirbhísí a sholáthar
a fhreastalóidh ar riachtanais ár gcliant, agus go háirithe
cliaint leochaileacha amhail iad siúd a bhfuil dédhiagnóis
acu. "
Bhí daoine sa staidéar ar aon aigne gur chóir go
mbeadh níos mó baint ag liachleachtóirí leis
an dédhiagnóis a bhainistiú. Freisin, tá an
gá le sainmhíniú ar an dédhiagnóis
a nglactar leis go náisiúnta ina dhúshlán
maidir leis an dédhiagnóis a bhainistiú, go háirithe
agus cúram á soláthar ag seirbhísí ar
leithligh.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, téigh i dteagmháil
le: Jane O’Dwyer (086 6491408) / Pat Montague (087 2549123) ag
Montague Communications, Teil. 01 8377960 nó ríomhphost jodwyer@montaguecomms.ie
 |
| | | | | | | | | | | |
|