Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
8th Floor
Hawkins House
Hawkins St.
Dublin 2
Teileafón: +353 1 6354283
Ríomhphost: info@nacd.ie
Uaireanta Oscailte 9.00rn go 5.00in
 |
|
 |
NÍOS MÓ BAOIL ANN GO BHFAIGHIDH LUCHT CAITE CANNABAIS
AILSE
Dé Céadaoin 1ú Meán Fómhair – Tá an
chéad athbhreithniú a rinneadh in Éirinn ar fhianaise
eolaíochtúil faoi channabas curtha ar fáil. Sheol
an tUasal Noel Ahern, TD, Aire Stáit don Straitéis Náisiúnta
Drugaí an tuarascáil dar teideal ‘An
Overview of Scientific and other Information on Cannabis’ a d’fhoilsigh an Coiste
Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí (NACD). Tugtar
chun solais ann roinnt saincheisteanna a bhaineann le cannabas go háirithe
an fhianaise go bhfuil baol níos mó ann go bhfaighidh an
té a chaitheann cannabas go rialta ailsí ar leith. Formhór
na ndaoine a chaitheann cannabas caitheann siad é i bhfoirm ‘joint’ agus
mar sin baintear leas as t áirgí tobac.
Ullmhaíodh an tuarascáil i gcomhar le taighdeoirí ó réimse
disciplíní agus cúlraí: an Dr Mark Morgan,
Ceann na Roinne Oideachais i gColáiste Phádraig, Droim Conrach,
an Dr Claire Collins, Stiúrthóir Taighde na gComhairleoirí Taighde
Cliniciúil agus Sóisialta (SCRC), an tUasal Johnny Connolly,
Coireolaí and Oifigeach Taighde le Rannán Taighde ar Mhí-úsáid
Drugaí an Bhoird Taighde Sláinte agus an Dr Dominique Crowley,
Speisialtóir i Míochaine Sláinte Poiblí. Taraingíonn
an tuarascáil freisin aird ar bhearnaí eolais agus tugtar
chun solais ann an riachtanas do thaighde mionsonraithe ar na tionchair
a bhaineann le húsáid cannabais in Éirinn.
“Creidim go léiríonn an tuarascáil gur substaint
chasta é cannabas agus ainneoin nach bhfuil sé chomh dáinséarach
le drugaí eile is féidir leis drochthionchair a bheith aige
ar shláinte fhisiciúil agus ar shláinte mheabhrach
an úsáideora, go háirithe daoine óga agus
iadsan a bhaineann úsáid mhór as an druga. Tá an
tuarascáil seo mar chuid de thiomantas leanúnach an Rialtais
cur lena mbunachar eolais ar dhrugaí” a deir an tAire Ahern.
“Ní móir dóibhsean atá i bhfabhar go
mbeadh níos mó fáil ar channabas na hiarmhairtí ar
shláinte an daonra ghinearálta a bhreithniú. Creidimse
go bhfuil an cur chuige atá glactha againn in Éirinn oiriúnach
dár n-imthosca féin agus oiriúnach dár sochaí agus
caithfimid diúltú don nóisean atá ag roinnt
daoine nach bhfuil dochar ar bith i gcannabas.”
Rinne an staidéar athbhreithniú ar gach taighde
cuí as Éirinn
agus thar lear suas go dtí luath i 2003 agus seo a leanas a fuarthas
amach:
- Tá cannabas le fáil níos fairsinge in Éirinn
le blianta beaga anuas.
-
Meastar gur féidir suas le ceithre uaire an méid tarra dul
i scámhóg duine a chaitheann cannabas le hais duine a chaitheann
tobac m á chaitear toitín ar mheáchan comparáideach.
-
Tá níos mó ceimicí, arb iad is cúis
le hailse, i ndeatach cannabais ná i ndeatach tobac ag cruthú broincítis
agus t á a dhá oiread baoil ann ailsí ar leith a fháil.
-
Tá ceangal láidir idir úsáid rialta cannabais
sna déaga agus drochthorthaí oideachais, go háirithe
imeacht luath ón scoil.
-
Léirítear go mbaineann torthaí tairbheacha le cannabas ó thaobh
cinéalacha ar leith pian a fhuascailt, chomh maith le cóireáil
do mh úisc agus masmas agus chun an goile a spreagadh.
-
Tá fianaise ann a thacaíonn leis go bhfuil ceangal idir
cannabas agus scitsifr éine i measc daoine leochaileacha.
-
Tá fianaise ann a léiríonn go mbíonn tiománaithe
faoi thionchar cannabais ar an eolas faoin lagú a bhaineann dóibh
ach nach mbíonn siad ábalta cúiteamh don easpa cumais
i roinnt scileanna siceam ótair ar nós fanacht i lána.
-
Léiríonn fianaise má bhaintear úsáid
mhór as cannabas go dtarlaíonn lagú cognaíoch
ar chuimhneamh, ar aird agus ar eagr ú ar eolas casta.
-
Bíonn baint ag drochfheidhmíocht fostaíochta agus
gairme, go háirithe ioncam íseal, neamhchinnteacht poist
agus sástacht poist níos ísle le húsáid
rialta cannabais.
Dúirt an Dr Des Corrigan, Cathaoirleach an NACD, gur thug an tuarascáil
chun solais an riachtanas do bhreis taighde ar channabas in Éirinn.
“Is é tuairim an NACD, mar thoradh ar anailís a dhéanamh
ar an tuarascáil seo faoi channabas, go bhfuil riachtanas ann monatóireacht
a dhéanamh ar chomh fairsing is atá táirgí cannabais
ar mhargadh na hÉireann; chomh maith lena fháil amach chomh
mór is atáthar ag brath ar channabas agus cibé an
bhfuil naisc idir úsáid cannabais agus drochshláinte
meabhrach agus tinnis riospráide ach go háirithe. Áirítear
ar réimsí suntasacha eile ar dóigh leis an NACD go
bhfuil breis taighde de dhíth is ea cad a tharlaíonn d’úsáideoirí cannabais
nuair a thagann siad i dteagmháil leis an gcóras dlí agus
fiosrú a dhéanamh maidir le húsáid cannabais
a bheith ar cheann de na cúiseanna d’imeacht luath ón
scoil” a deir an Dr Des Corrigan, Cathaoirleach an NACD.
Dúirt an Dr Corrigan freisin “cé go bhfuil bearnaí eolais
go leor ann fós gur cúnamh mór é an Suirbhé Fairsingeachta
Drugaí ar tugadh faoi i 2002/03 chun freagraí a fháil
ar líon áirithe ceisteanna mar a léiríonn
cuid de na príomhthorthaí thíos ó Fheasachán
3 ar channabas a bheidh amach go luath:
- Is é cannabas an druga mídhleathach is mó a thógtar
in Éirinn. Tá sé seo comhsheasmhach thar gach tréimhsí ama
le 17% (nó 1 as 5) in aois 15-64 a d’úsáid
cannabas (le linn a saoil), 5% (nó 1 as 20) a bhain úsáid
as le bliain anuas (úsáid le deireanaí) agus 3% (nó 1
as 33) a bhain úsáid as le mí anuas (úsáid
reatha)
-
Haisis (roisín, cannabas) an druga cannabais is mó a mbaintear
leas as le líon beag freagróirí ag tuairisciú gur
bhain siad úsáid as an bhfoirm luibhe (grass, weed, marijuana).
-
Ghlac formhór úsáideoirí cannabais cannabas
i bhfoirm ‘joint’ in áit píopa nó ‘bong’ a úsáid
agus níor thóg ach líon beag úsáideoirí cannabas
i mbia.
-
Dúirt os cionn dhá thrian dóibh sin a ghlac páirt
sa suirbhé gur cheart cannabas a úsáid do chúiseanna
leighis.
-
Níor aontaigh beagnach an líon céanna gur cheart
cannabas a úsáid ar mhaithe le caitheamh aimsire
-
Ní raibh formhór na ndaoine sa suirbhé sásta
maidir le daoine a chaitheann cannabais ó ham go chéile
-
Cheap formhór na ndaoine sa suirbhé go bhfuil meánbhaol
go baol mór ag baint le húsáid rialta cannabais.
For further information, Teagmhálacha : Jane O’Dwyer
(086 6491408) / Pat Montague (087 2549123) at Montague Communications,
Tel. 01 8377960
or email jodwyer@montaguecomms.ie
 |
| | | | | | | | | | | |
|