Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí
Faoin gCCND
Clár Oibre
Nuacht agus Imeachtaí
Foilseacháin
DVD
Gníomhaíochtaí Taighde
Maoiniú Taighde
Aigneachtaí
Naisc
FOI
 
Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
8th Floor
Hawkins House
Hawkins St.
Dublin 2

Teileafón: +353 1 6354283
Ríomhphost: info@nacd.ie

Uaireanta Oscailte
9.00rn go 5.00in

National Development Plan
Baile Teagmhálacha Mapa Suímh Cuardach Bearla
  Prevention, Consequences, Prevalence, Treatment, Rehabilitation ..
 Tá tú anseo:   Baile > Naisc

Naisc

Tá na naisc roinnte i bhfochodanna. Roghnaigh ó na codanna thíos chun breathnú ar na naisc.


Éire

An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta
Máthair-Roinn an CCND agus Fhoireann na Straitéise Náisiúnta Drugaí.
Open new window, external link www.pobail.ie Eolas ar an Straitéis Náisiúnta Drugaí ar fáil tríd an suíomh seo.

Merchants Quay Ireland
Cuireann Merchants Quay Ireland raon seirbhísí ar fáil do dhaoine a ghoilleann úsáid drugaí agus na fadhbanna bainteach léi de ghalrú VEID, coir, easpa dídine, dífhostaíocht agus bochtanas orthu.
Open new window, external link www.mqi.ie

Rannán Taighde ar Mhí-úsáid Drugaí (An Bord Taighde Sláinte)
Tá an Rannán Taighde ar Mhí-úsáid Drugaí den Bhord Taighde Sláinte gafa le taighde, bailiú faisnéise agus craobhscaoileadh faoi dhrugaí agus a mí-úsáid in Éirinn. Is é an Lárionad Náisiúnta ainmnithe é ag tuairisciú do ghníomhaireacht drugaí na hEorpa, Ionad Monatóireachta na hEorpa ar Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí.

Déanann an RTMD maoirseacht ar choinneáil agus forbairt an Chórais Tuairiscithe Náisiúnta um Chóireáil Drugaí, a bhailíonn agus a fhoilsíonn sonraí ar mhí-úsáid drugaí cóireáilte in Éirinn.
Open new window, external link www.hrb.ie

Óstach is ea an RTMD ar an Ionad Doiciméadaithe Náisiúnta ar Úsáid Drugaí a chuireann faisnéis agus taighde ar fáil ar mhí-úsáid drugaí in Éirinn agus go hidirnáisiúnta do lucht déanta beartais, soláthraithe seirbhísí, taighdeoirí, grúpaí pobail agus don phobail a bhfuil spéis acu.
Open new window, external link www.hrb.ie/ndc

Ghníomhaireacht um Chomhrac na Bochtaine
An Ghníomhaireacht um Chomhrac na Bochtaine, tiomnaithe chun comhairle a thabhairt faoi bhealaí chun bochtanas agus eisiamh sóisialta a chosc agus a dhíbirt. D’eagraigh an Ghníomhaireacht clár dhá bhliana idir 1997 agus 1999 le seacht ngrúpa áitiúla ag obair le húsáideoirí drugaí agus a gcuid teaghlach sa phobail dar teideal “Drugaí, Bochtanas agus Beartas”. Torthaí le fáil ar an suíomh idirlín.
Open new window, external link www.cpa.ie

Feachtas Feasachta Náisiúnta ar Dhrugaí
Nasctha leis an bhFeachtas Feasachta Náisiúnta ar Dhrugaí mar chuid den Straitéis Náisiúnta Drugaí, cuireann an suíomh idirlín seo comhairle, treoir agus faisnéis ar fáil faoi raon leathan de cheisteanna a bhaineann le drugaí.
Open new window, external link www.drugsinfo.ie

Bord Lárionad Coireála Drugaí
Suíomh idirlín Bhord Lárionad Coireála Drugaí (Cúirt na Tríonóide) atá ar an tseirbhís chóireála is fadbhunaithe in Éirinn.
Open new window, external link www.addictionireland.ie

Crosscare: Drugs & Alcohol Programme (DAP)
DAP aims to provide quality drug education, training and support services which develop knowledge and skills in order to enhance competencies and capacities in a variety of settings and sectors. The services offered by The D.A.P are accessed by individuals or groups of all ages The award winning website Open new window, external link www.drugs.ie provides live helper- interactive services, telephone & mobile help-line services and various other online services.

An Chomhairle Náisiúnta Coireachta
Is comhlacht neamhspleách an Chomhairle Náisiúnta Coireachta a bhunaigh an Rialtas. Is iad a cuid príomhróil díriú isteach ar choir a chosc agus bheith ina foinse neamhspleách de chomhairle bheartais don Rialtas.
Open new window, external link www.gov.ie/crimecouncil/

Ar Ais go Barr


An Ríocht Aontaithe

Drugscope
Cuireann Drugscope faisnéis agus trácht ar úsáid drugaí ar fáil a bhfuil sé d’aidhm leis bheith ina mbonn faisnéise le beartas a fhorbairt agus leis an bpriacal a bhaineann le drugaí a laghdú.
Open new window, external link www.drugscope.org.uk/

An Ghníomhaireacht Chóireála Náisiúnta le haghaidh Mí-úsáid Substaintí (GCNMS)
Tá sé d’aidhm ag an GCNMS infhaighteacht, cumas agus éifeachtacht cóireála le haghaidh mí-úsáid drugaí i Sasana a mhéadú. Áirítear sa suíomh seo sonraí ar chlár oibre an GCNMS, mar aon le foilseacháin agus treoir do dhaoine in earnáil na cóireála drugaí.
Open new window, external link www.nta.nhs.uk

Faisnéis ar Mhí-úsáid Drugaí, Albain
Cuireann suíomh Fhaisnéis ar Mhí-úsáid Drugaí, Albain faisnéis, staitisticí agus taighde ar mhí-úsáid drugaí in Albain ar fáil. Is iad a cuid sprioc-úsáideoirí lucht déanta beartais, gairmithe, fostóirí agus an pobal níos leithne.
Open new window, external link www.drugmisuse.isdscotland.org

Foirne Aicsin Drugaí an Ríocht Aontaithe
Is suíomh idirlín tras-rialtais an súiomh idirlín seo a thacaíonn leis an Straitéis Náisiúnta Drugaí agus le hobair na bhFoirne Aicsin Drugaí. Tá faisnéis ann do Fhoirne agus do dhaoine aonair a bhfuil suim acu ann fáil amach faoi Straitéis Drugaí an Rialtais.
Open new window, external link www.drugs.gov.uk

Seirbhís Faisnéise Coisc agus Oideachais Drugaí (SFCOD)
Seirbhís a choimisinigh Roinn Sláinte an Ríocht Aontaithe a chuireann faisnéis faoi thionscadail oideachais agus choisc drugaí, agus acmhainní dóibh siúd atá ag obair le leanaí, le daoine óga agus lena gcuid tuismitheoirí/feighlithe. Cuireann SFCOD rochtain ar mheasúnachtaí agus athbhreithnithe ar fáil chun tacú le forbairt dea-chleachtais sa réimse.
Open new window, external link www.doh.gov.uk/drugs/depis/

Cónaidhm Ghairmithe Drugaí agus Alcóil
Comhlacht gairmiúil ag obair le daoine le fadhbanna úsáide substaintí. Cuirtear faisnéis, tacaíocht oiliúna agus treoirlínte ar chleachtas eiticiúil d’oibrithe i réimse na ndrugaí agus an alcóil ar fáil.
Open new window, external link www.fdap.org.uk/

Is iris uathúil neamhbhrabúis í Health Matters, ag tuairisciú agus ag scagadh ceisteanna NHS agus Sláinte Poiblí an lae.
Open new window, external link www.healthmatters.org.uk

Roinn Sláinte, Seirbhísí Sóisialta & Slándála Poiblí Thuaisceart Éireann
Ag tacú le cláir oideachais agus chur chun cinn na sláinte leis an bpobal a spreagadh chun glacadh le gníomhaíochtaí a mbeidh sláinte níos fearr agus dea-bhail mar thorthaí orthu.
Open new window, external link www.dhsspsni.gov.uk

HAZnet
Gabhann agus craobhscaoileann HAZnet foghlaim suntasach ó Cheantair Aicsin Sláinte. Is uirlis dhinimiciúil HAZnet.org chun aird na n-eagraíochtaí, na bpáirtithe agus na bpobal atá sna 26 Ceantar Aicsin Sláinte sa Ríocht Aontaithe a tharraingt. Páirtíochtaí idir an tSeirbhís Sláinte Náisiúnta, údaráis áitiúla, seirbhísí sóisialta, grúpaí pobail agus earnálacha deonacha agus gnó is ea Ceantair Aicsin Sláinte. Tá siad deartha chun cláir aicsin sláinte a spreagadh i limistéir dhíothacha agus chun tacú le bealaí nuálaíocha chun freagairt ar riachtanais sláinte pobal.
Open new window, external link www.haznet.org.uk

An Ghníomhaireacht Forbartha Sláinte
Gníomhaireacht tacaíochta acmhainne neamhspleách do na seirbhísí sláinte, sóisialta agus pearsanta sa Ríocht Aontaithe.
Open new window, external link www.hda-online.org.uk

Ar Ais go Barr


An tAontas Eorpach

IMEDAD
Open new window, external link www.emcdda.org
Suíomh idirlín Ionad Monatóireachta na hEorpa ar Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí (IMEDAD). Tá sé mar aidhm ag gníomhaireacht drugaí an Aontais Eorpaigh faisnéis oibiachtúil, údarásach, agus inchomparáide ag leibhéal na hEorpa maidir le drugaí agus andúil i ndrugaí agus a gcuid iarmhairtí a chur ar fáil.

Tá clár foilseachán foilsithe cuimsitheach ag an IMEDAD ag díriú ar raonta leathana de spriocghrúpaí, lucht déanta beartais an AE, náisiúnta agus réigiúnda, eolaithe agus acadúlaithe, cleachtóirí i réimse na ndrugaí, na meáin chumarsáide agus an pobal i gcoitinne san áireamh. Áirítear ina gcuid foilseachán an Tuarascáil Bhliantúil ar staid fhadhb na ndrugaí san Aontas Eorpach agus an Tuarascáil Ghinearálta ar ghníomhaíochtaí, agus dhá thréimhseachán – nuachtlitir dhémhíosúil, Drugnet Europe, agus sraith dhémhíosúil de mhionteagaisc bheartais dar teideal Drugs in Focus. Tá fáil freisin ar na tuairiscí Náisiúnta (comhaid PDF) a tháirgeann na lárionaid náisiúnta REITOX.

Le haghaidh chatalóige iomláine foilseachán, feic:
Open new window, external link www.emcdda.org/infopoint/Foilseacháin.shtml

Líonra um Thaighde Drugaí Eorpach Cineálach
Cuireadh an suíomh seo ar bun chun taighde drugaí a dhéanamh inrochtana do thaighdeoirí, saineolaithe náisiúnta, thráchtairí ar bheartas drugaí agus idirghabhálacha, agus do mhic léinn. Áirítear sna hacmhainní ar an suíomh idirlín seo: leabhareolas Eorpach; bunachar sonraí taighde; suíomh idirlín sainfheidhmithe agus monagraf eolaíochta – Ag Tuiscint agus ag Freagairt ar Úsáid Drugaí: ról an taighde chineálaigh.
Open new window, external link http://qed.emcdda.eu.int/

Ar Ais go Barr


An Astráil agus An Nua-Shéalainn

Líonra Faisnéise Drugaí na hAstráile
Cuirtear faisnéis atá lonnaithe ar an Idirlíon faoi dhrugaí agus alcól a sholáthraíonn eagraíochtaí mór le rá san Astráil agus go hidirnáisiúnta ar fáil.
Open new window, external link www.adin.com.au

Líonra na nGníomhaireachtaí Alcóil agus Drugaí
Dhear Líonra na nGníomhaireachtaí Alcóil agus Drugaí acmhainn ar-líne do sholathraithe seirbhísí. Óstach ar bhunachar sonraí torthaí cliant agus coinnítear smacht i mbailiú sonraí. Éasca do chliniceoirí agus d’fhoirne a úsáid agus soláthraítear do rochtain faisnéise agus anailís tapúla.
Open new window, external link www.nada.org.au

Ar Ais go Barr


Meiriceá Thuaidh

Institiúid Náisiúnta ar Mhí-úsáid Drugaí
Cuid de na hInstitiúidí Náisiúnta Sláinte, an phríomh-ghníomhaireacht taighde bithleighis agus iompair de Rialtas na Stát Aontaithe, ball de Roinn Sláinte agus Seirbhísí Daonna na SA.
Open new window, external link www.nida.nih.gov

Staidéir Thorthaí Chóireála Mí-úsáide Drugaí
Staidéir Thorthaí Chóireála Mí-úsáide Drugaí atá ar siúl thar na mblianta beaga deireanacha. Earcaíodh 10,000 othar idir 1991 agus 1993 thar 11 chathair. Cuireadh leanúntas orthu ag bliain amháin agus cúig bliana tar éis a scaoilte. Go bunúsach, tuartar ó choinneáil i gcóireáil torthaí don dhuine aonair. Aire a tharraingt go luath, rannpháirteachas i gcláir agus caidrimh theiripeacha, ba chomharthaí gach ceann acu ar thorthaí. Cáilíocht na hidirghabhála, caighdeán agus tréithe na foirne, meas agus dínit an duine aonair agus é/í ag gabháil don seirbhís, ba chomarthaí gach ceann acu freisin ar thorthaí.
Open new window, external link www.datos.org

Comhghuaillíocht Bheartas Drugaí
Tá ceann de na bailiúcháin is mó d’ailt, thuairiscí, leabhair, thiomnaí agus leatháin fíricí a dhíríonn isteach ar dhrugaí agus bheartas drugaí ó dhearcaidh eacnamaíocha, an cheartais choiriúil, agus na sláinte poiblí.
Open new window, external link www.lindesmith.org

Oifig Bheartas Rialuithe Drugaí Náisiúnta
Cuireadh an Oifig Bheartas Rialaithe Drugaí Náisiúnta ar bun chun beartais, tosaíochtaí do Bheartas Rialaithe Drugaí Náisiúnta a shainiú.
Open new window, external link www.whitehousedrugpolicy.gov/

Cyberisle
Clinic Ar-líne do Dhéagóirí. Comhordaíonn an Roinn Eolaíochtaí Sláinte Poiblí d’Ollscoil Toronto TeenNet, tionscadal a bhfuil d’aidhm aige uirlisí praicticiúla a fhorbairt chun daoine óga a tharraingt chun cur chun cinn na sláinte, ag baint úsáid as teicneolaíocht idirghníomhaíochta.
Open new window, external link www.cyberisle.org

Addiction End
Suíomh ríomhfhoghlaim ar andúil. Cuirtear faisnéis de chaighdeán maith ar andúileanna le haghaidh úsáide in oiliúint nó in obair le daoine ag fualaingt fadhbanna andúile. Bhain 25,000 duine úsáid as an suíomh seo sna chéad trí mhí a raibh sé ar siúl.
Open new window, external link www.addictionend.com

Cumann Idirnáisiúnta ar Leigheas Andúile
Is féidir an Cumann Idirnáisiúnta ar Leigheas Andúile a rochtain tríd an inneall cuardaigh Ceanadach. Cuir isteach an teideal iomlán sa bhosca cuardaigh agus cliceáil ar “search”. Is cumann nua-bhunaithe é seo.
Open new window, external link www.simpatico.ca

Ar Ais go Barr


Eile

Bord Idirnáisiúnta um Rialú Drugaí Támhshuanacha
Is orgán neamhspleách agus samhailbhreithiúnach an BIRDT le haghaidh coinbhinsiúin drugaí na Náisiún Aontaithe a chur i bhfeidhm. Tá an bord freagrach as cur chun cinn comhlíontais rialtais le forálacha na gconarthaí um rialú drugaí.
Open new window, external link www.incb.org

Oifig na Náisiún Aontaithe ar Dhrugaí agus Choir (ONADC)
Tá sé d’aidhm ag ONADC oideachas a chur ar an domhan faoi chontúirtí mí-úsáid drugaí agus gníomh idirnáisiúnta a láidriú i gcoinne táirgthe drugaí, gáinneála agus díobhála a bhaineann le drugaí.
Open new window, external link www.unodc.org

An Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair
Foilsíonn an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair treoirlínte chun cabhrú le Cláir Dhrugaí & Alcóil ar siúl faoin Rannán Sláinte agus Sabháilteachta.
Open new window, external link www.ilo.org

Cumann Idirnáisiúnta um Laghdú Díobhála
Oibríonn an Cumann Idirnáisiúnta um Laghdú Díobhála le heagraíochtaí áitiúla, náisiúnta, réigiúnda agus idirnáisiúnta chun cabhrú le daoine aonair agus pobail sna réimsí seo: Pléadáil Sláinte Poiblí, Comhoibriú agus Cumarsáid, an Cleachtas is Fearr; Oideachas, Oiliúint agus Taighde..
Open new window, external link www.ihra.net

DRUGTEXT
Eagraíocht neamhspleách a bhfuil mar aidhm aici faisnéis faoi úsáid substaintí, andúil, laghdú díobhála, bheartas drugaí idirnáisiúnta agus náisiúnta a chraobhscaoileadh agus a tháirgeadh.
Open new window, external link www.drugtext.org/

An Fondúireacht Mheantóireachta
Eagraíocht Neamhrialtasach a bunaíodh chun mí-úsáid substaintí i measc daoine óga a chosc agus a mhaoiníonn tionscadail choisc ar fud an domhain..
Open new window, external link www.mentorfoundation.org

Ar Ais go Barr

NÓTA: Rinneamar iarracht na suíomhanna is eolasaí a bhfuil naisc mhaithe acu le suíomhanna eile a bhaineann le drugaí a chur san áireamh. Ní comhartha nasc le suíomh eile áfach go n-aontaíonn an CCND leis. Moltar do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí go bhféadfadh suíomhanna agus grúpaí nuachta áirithe ábhar nach bhfuil oiriúnach do leanaí óga a bheith iontu.

 

 

Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí

Baile | Teagmhálacha | Mapa suímh | Cuardach | Faoin gCCND | Nuacht agus Imeachtaí | Foilseacháin | Gníomhaíochtaí Taighde| Clár Oibre | Maoiniú Taighde | Naisc