Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí
Faoin gCCND
Clár Oibre
Nuacht agus Imeachtaí
Foilseacháin
Gníomhaíochtaí Taighde
Maoiniú Taighde
- Current Tairiscintí
- Previous Tairiscintí
- Deontais
Aigneachtaí
Naisc
FOI
 
Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
8th Floor
Hawkins House
Hawkins St.
Dublin 2

Teileafón: +353 1 6354283
Ríomhphost: info@nacd.ie

Uaireanta Oscailte
9.00rn go 5.00in

National Development Plan
Baile Teagmhálacha Mapa Suímh Cuardach Bearla
  Prevention, Consequences, Prevalence, Treatment, Rehabilitation ..
 Tá tú anseo:   Baile > Maoiniú Taighde > Scéim Dheontas Taighde CVS

CCND Scéim Dheontas Taighde na hEarnála Pobail/Deonaí

Sheol an CCND i mí na Nollag 2001 Scéim Dheontas Taighde na hEarnála Pobail/Deonaí chun taighde nuálaíoch, pobalbhunaithe a chur á dhéanamh. I bhfeachtas fógraíochta náisiúnta, iarradh ar ghrúpaí ag obair san earnáil phobail/dheonach moltaí a chur isteach sna réimsí de leitheadúlacht, chosc, chóiréail/athshlánúchán agus iarmhairtí fadhb-úsáide drugaí.

Chun iarratais ó ghrúpaí a raibh smaointe taighde suimiúla ach nach raibh mórán taithí thaighde acu, forbraíodh an scéim le meicníochtaí tacaíochta agus monatóireachta fite fuaite ag gach céim ón iarratas tosaigh go conclúid na staidéar taighde. Ar an gcuma seo, forbraíodh próiseas measúnachta dé-chéime chun forbairt na moltaí taighde a éascú. Sa chéad chéim mheasúnachta, díríodh isteach ar na heagraíochtaí a chuir iarratas isteach;

  • a chuid tuisceana ar cheisteanna drugaí;
  • a chuid nasc leis an bpobal áitiúil, le soláthraithe seirbhísí agus le pleanálaithe;
  • ábharthacht an taighde mholta le clár oibre an CCND.

Fuarthas cúig iarratas is tríocha ó ghrúpaí timpeall na tíre. As sin, rinneadh gearrliosta d’aon eagraíocht déag agus iarradh orthu freastal ar cheardlann oiliúna taighde, a rith Oifigeach Taighde an CCND, chun a gcuid smaointe taighde a fhorbairt níos mó. D’fhreastal ceathrar duine déag ón aon ghrúpa déag ar an gceardlann lae amháin a thug aghaidh ar cheisteanna mar athbhreithnithe litríochta, obair pháirce, eitic thaighde, bailiú sonraí agus anailís, costas a chur ar mholtaí taighde 7rl.

Tar éis na ceardlainne oiliúna, chuir na hiarratasóirí ar an ngearrliosta moladh taighde go hiomlán forbartha isteach ag tabhairt forléargais ar na haidhmeanna agus na spriocanna leis an taighde, ar an modheolaíocht, ar bhainistíocht tionscadail agus ar chostais. As sin, bronnadh deontais taighde idir €20,000 agus €25,000 an ceann i dtaca le cúig moladh.

Tosaíodh ar na staidéir thaighde i mí Mheán Fómhair 2002. Thar an tréimhse seo, fuair na grúpaí meantóireacht agus tacaíocht ó Oifigeach Taighde an CCND agus ó Ghrúpaí Comhairleacha Taighde a bunaíodh chun oibre leis na grúpaí. Foilsíodh tuarascálacha de cheithre de na grúpaí i mí Dheireadh Fómhair mar a leanas:

  • Aicsin Óige Bhaile Munna (AOBM): Beinseadé-asaipíní - cara nó namhaid? Ról na mbeinseadé-asaipíní i bhforbairt fhadhbanna mí-úsáide substaintí i mBaile Munna. Déanfar sa tuarascáil seo staidéar ar ról na mbeinseadé-asaipíní (codlaidínigh) i bhforbairt fhadhbanna mí-úsáide substaintí i mBaile Munna. Bunaithe i 1991, tairgeann AOBM raon seirbhísí ar gach gné de mhí-úsáid drugaí, ó obair le daoine aonair, teaghlaigh agus grúpaí go hoideachas agus cúrsaí oiliúna. Déanfar sa taighde an gaol idir Beinseadé-asaipíní, codlaidínigh, agus substaintí eile i stór drugaí dhaoine óga a scrúdú; na dinimicí soláthair agus éilimh beinseadé-aspaipíní i margaidh drugaí na sráideanna áitiúla a léiriú; tionchar úsáide beinseadé-aspaipíní ar an bpobal a scrúdú; agus na modúil gur féidir a úsáid i gcosc agus i laghdú díobhála a d’fhéadfadh a bheith éifeachtach agus oiriúnach sa phobal a shainaithint.

  • Clár Phobal Chósta Chill Bharróg: Staidéar leitheadúlachta ar mhí-úsáid drugaí i measc daoine óga i limistéar bruachbhailteach measctha. Déanfar leis an staidéar seo gníomh-thaighde ar mhí-úsáid drugaí i measc daoine 10-17 mbliana d’aois i limistéar Chill Bharróg. Is tionscadal athshlánúcháin drugaí agus iarchúraim an clár, bunaithe i mBaile Átha Cliath thiar-thuaidh, le béim ar sheirbhísí treoraithe ag an úsáideoir d’úsáideoirí drugaí ag teacht chucu féin d’ard-chaighdeán. Déanfar leis an staidéar na pátrúin agus treochtaí de mhí-úsáid drugaí i measc daoine óga sa ghrúpa 10 go 17 mbliana i gCill Bharróg a shainiú; na próisis trína ngabhann daoine óga sa cheantar le drugaí a scrúdú; fadhbanna reatha agus ábhar fadhbanna a thagann chun cinn ó mhí-úsáid drugaí a shainaithint; agus leithead an eolais agus na ndearcadh i measc daoine óga a faoi dhrugaí agus faoi mhí-úsáid drugaí mheas.

  • Merchants Quay Ireland: Úsáid drugaí i measc pobal nua in Éirinn. Staidéar Taiscéalaíoch. Déanfar leis an tuarascáil seo staidéar taiscéalaíoch ar chineál na húsáide drugaí i measc trí phobal mionlacha eithneacha nua in Éirinn. Cuireann Tionscadal Merchants Quay raon seirbhísí ar fáil do dhaoine a ngoilleann úsáid drugaí, HIV agus easpa dídine orthu agus tá sé tiomanta ar an díobháil a bhaineann le húsáid drugaí a íoslaghdú do dhaoine aonair, do theaghlaigh agus don phobal níos leithne. Déanfar sa staidéar na pátrúin úsáide drugaí i measc na bpobal nua agus na bealaí a thugtar an druga a úsaidtear a scrúdú; na fáthanna agus spreagthaí le húsáid drugaí a scrúdú; na priacail a d’fhéadfadh teacht i mbealach na n-úsáideoirí a shuíomh; leibhéal na feasachta ar straitéisí cur chun cinn na sláinte / íoslaghdú díobhála agus ar sheirbhísí cóireála drugaí a scrúdú; agus baic ar sheirbhísí a rochtain a shainiú.

  • Aonad Comhairle Thamhlachta um Dhaoine gan Dídean: Hearóin: an díon intinne os cionn do chinn. Naisc idir easpa dídine agus úsáid drugaí. Scrúdófar sa staidéar seo na naisc idir an t-easpa dídine agus úsáid drugaí (go háirithe úsáid hearóin). Oibríonn an ACTDD go forleathan le húsáideoirí drugaí agus déanann sé pléadáil ar a son le gníomhaireachtaí reachtúla agus deonacha. Tá an tAonad dlúthbhainteach leis na seirbhísí tacaíochta drugaí i limistéar Mhórcheantar Thamhlachta. Scrúdófar sa staidéar taighde cineál agus leithead úsáide drugaí i measc an daonra gan dídean agus na cúiseanna leis na daoine sin a bheith gan dídean; scrúdófar beartais agus cleachtais údarás áitiúil maidir le tithíocht a chur ar fáil d’úsáideoirí drugaí gan dídean; scrúdófar taithíonna na n-úsáideoirí drugaí gan dídean ag díriú isteach go háirithe ar bheartais agus ar chleachtais seirbhísí do dhaoine gan dídean; agus déanfar moltaí a mbeidh d’aidhm acu tionchar a bheith acu ar bheartas ag na leibhéil rialtais agus chleachtais.

  • Bhí Community Response le staidéar a dhéanamh ar indéantacht seirbhíse comhtháite il-disciplíneach do theaghlaigh a ngoilleann fadhb-úsáid drugaí orthu. Oibríonn an ghníomhaireacht le daoine aonair, le teaghlaigh agus le pobail i lár na cathrach thiar-theas ar raon leibhéal ó fheasacht drugaí go hoiliúint go cur chun cinn na sláinte agus tacaíocht teaghlaigh, agus iarrtar daoine a chabhrú lena gcuid réiteach féin a fháil ar fhadhbanna coimpléascacha de fhadhb-úsáid drugaí agus ar a iarmhairtí.


    Nóta: De bharr imthosca nach raibh súil leo, scoireadh tionscadal Community Response i mí an Aibreáin 2003 agus tugadh an maoiniú ar ais don CCND.

 

Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí
Baile | Teagmhálacha | Mapa suímh | Cuardach | Faoin gCCND | Nuacht agus Imeachtaí | Foilseacháin | Gníomhaíochtaí Taighde| Clár Oibre | Maoiniú Taighde | Naisc