Úsáid Drugaí i Measc an Lucht Siúil
Mionteagasc Taighde
Ar iarratas an Aire Stáit a bhfuil cúram na Straitéise
Náisiúnta Drugaí air, iarraidh ar an gCCND cineál
agus fairsinge fhadhb-úsáide drugaí i measc an Lucht
Si úil in Éirinn a mheas.
Bronnadh an tairiscint air:
Bronnadh an tairiscint ar Vision 21, comhlacht taighde sóisialta neamhspleách.
Dul Chun Cinn:
Ionadaithe ó pháirtithe leasmhara lárnacha ag obair
le Lucht Siúil atá sa ghrúpa comhairleach taighde. Bhí dlúthbhaint
acu i bhforbairt an mhionteagaisc thairiscinte, ghlac siad le cáipéis
chuspóirí an tionscadail agus le húsáid uirlise
freagartha measúnachta tapaidh oiriúnaithe mar an uirlis thaighde.
Tugadh faoin obair pháirce ó mí Iúil 2003 go
m í na Samhna 2003.
Tá dréacht-thuairisc dheireanach faighte
an gCCND. Níltear
ag súil go bhfoilseofar an tuairisc go fóill ach go n-úsáidfear í mar
cháipéis inmheánach chun tacú le forbairt bheartais
Rialtais ag tabhairt aghaidh ar riachtanais shóisialta agus sláinte
an Lucht Siúil. Leanfar de chomhoibriú leis na heagrais sheirbhísí lucht
siúil agus grúpaí leasmhara agus an tuairisc á tabhairt
chun críche agus ag craobhscaoileadh torthaí go páirtithe
l árnacha
i soláthair sheirbhísí don Lucht Siúil.
Dáta críochnaithe:
2005.
Dáta foilsithe:
Cinneadh gan a bheith déanta maidir le foilsiú.
 |
| | | | | | | | | | | |
|