National Advisory Committee on Drugs
Faoin gCCND
Clár Oibre
Nuacht agus Imeachtaí
Foilseacháin
DVD
Gníomhaíochtaí Taighde
Maoiniú Taighde
Aigneachtaí
Naisc
FOI
 
Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
1ú Urlár, Dún Aimhirgín
43/49 Bóthar Mespil,
Baile Átha Cliath

Teileafón: +353 1 647 3240
Faics: +353 1 647 3150
Ríomhphost: info@nacd.ie

Uaireanta Oscailte
9.00rn go 5.00in

National Development Plan
Baile Teagmhálacha Mapa Suímh Cuardach Bearla
  Prevention, Consequences, Prevalence, Treatment, Rehabilitation ..
 Tá tú anseo:   Baile > Gníomhaíochtaí Taighde > Teideal an Taighde

Staidéar Fadaimseartha Torthaí Cóireála.
ROSIE – (Staidéar Toraidh Taighde in Éirinn ag measúnú éifeachtachta cóireála drugaí)

Mionteagasc Taighde:
Staidéar fadaimseartha náisiúnta a dhéanamh, deartha chun éifeachtacht na cóireála agus straitéisí eile idirghabhála eile a úsáidtear in Éirinn don Siondróm Spleáchais ar Chodlaidínigh le húsáideoirí fásta codlaidíneach a mheasúnú.

Dámhadh an tairiscint ar:
Tairiscint bronnta ar Ollscoil na hÉireann. Tá an Dr Catherine Comiskey agus an Dr Gloria Crispino i gceannas ar fhoireann ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad i gcomhpháirt leis an Lárionad um Thaighde ar Mhí-úsáid Drugaí i nGlaschú chun an staidéar fadaimseartha seo a dhéanamh, atá deartha chun éifeachtacht cóireála drugaí agus straitéisí eile idirghabhála a úsáidtear in Éirinn i gcomhair Siondróm Spleáchais ar Chodlaidínigh le húsáideoirí fásta codlaidíneach a mheasúnú.

Dul chun cinn:
Rinne an Staidéar Toraidh Taighde in Éirinn ag measúnú éifeachtachta cóireála drugaí 404 úsáideoirí codlaidíneach ag dul isteach chun cóireála.  Tá tuarascáil a thugann breac-chuntas ar shonraí Bunlíne curtha isteach agus tá an CCND á meas. Tá anailís déanta ar shonraí toraidh bliana amháin agus tá siad ullmhaithe le haghaidh foilsithe. Tá 4 fheasachán táirgthe go dtí seo agus tá dhá cheann eile beartaithe faoi dheireadh 2007.  Foilseofar an sonraí Bunlíne agus an fhaisnéis theicniúil ar an suíomh gréasáin i 2007.
D’aontaigh an CCND leis an staidéar ROSIE a shíneadh chun 3 chéim leantacha a áireamh a chuirfidh sonraí treochta 3-bliana le haghaidh anailíse ar fáil.

Dáta críochnaithe:
Tá an tuarascáil dheiridh ina mbeidh sonraí toraidh trí-bliana inti le teacht mí na Nollag 2007.

Foilseacháin:

Torthaí ROSIE 1: Achoimre de thorthaí 1-bliana

Scaipeadh:
Foilsíodh an feasachán seo i mí Meán Fómhair 2006 agus tionóladh seimineár faisnéise chun na torthaí a scaipeadh. Cuireadh 2,000 cóip den tuarascáil i gcló de bharr na suime leithne i dtorthaí na tuarascála. Cuireadh cóip faoi bhráid an Aire Stáit, An tUasal Noel Aherne. Scaipeadh an foilseachán chuig luchtanna éisteachta agus páirtithe leasmhara lárnacha ar nós an IDG, NDST, Táscfhórsaí Drugaí Réigiúnacha, soláthraithe seirbhíse agus grúpaí leasmhara eile. Tá cóipeanna ar fáil ar an idirlíon nó ón oifig.


Torthaí ROSIE 2: Achoimre de thorthaí 1-bliana: Módúlacht Dhíthocsainithe

Scaipeadh:
Foilsíodh an feasachán seo mí Eanáir 2007 agus cuireadh 1,000 cóip i gcló. Cuireadh cóip faoi bhráid an Aire Stáit, An tUasal Noel Aherne. Scaipeadh an foilseachán chuig luchtanna éisteachta agus páirtithe leasmhara lárnacha ar nós an IDG, NDST, Táscfhórsaí Drugaí Réigiúnacha, soláthraithe seirbhíse agus grúpaí leasmhara eile. Tá cóipeanna ar fáil ar an idirlíon nó ón oifig.

Torthaí ROSIE 3: Achoimre de thorthaí 1-bliana: Módúlacht Staonta

Scaipeadh:
Foilsíodh an feasachán seo mí Feabhra 2007 agus cuireadh 1,000 cóip i gcló. Cuireadh cóip faoi bhráid an Aire Stáit, An tUasal Noel Aherne. Scaipeadh an foilseachán chuig luchtanna éisteachta agus páirtithe leasmhara lárnacha ar nós an IDG, NDST, Táscfhórsaí Drugaí Réigiúnacha, soláthraithe seirbhíse agus grúpaí leasmhara eile. Tá cóipeanna ar fáil ar an idirlíon nó ón oifig.

Torthaí ROSIE 4: Achoimre de thorthaí 1-bliana: Módúlacht Mheatadóin

Scaipeadh:
Foilsíodh an feasachán seo mí Aibreáin 2007 agus cuireadh 1,000 cóip i gcló. Cuireadh cóip faoi bhráid an Aire Stáit, An tUasal Noel Aherne. Scaipeadh an foilseachán chuig luchtanna éisteachta agus páirtithe leasmhara lárnacha ar nós an IDG, NDST, Táscfhórsaí Drugaí Réigiúnacha, soláthraithe seirbhíse agus grúpaí leasmhara eile. Tá cóipeanna ar fáil ar an idirlíon nó ón oifig.


ROSIE Baseline Data Report

Scaipeadh:
Available on this website.

 


Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí
Baile | Teagmhálacha | Mapa suímh | Cuardach | Faoin gCCND | Nuacht agus Imeachtaí | Foilseacháin | Gníomhaíochtaí Taighde| Clár Oibre | Maoiniú Taighde | Naisc