National Advisory Committee on Drugs
Faoin gCCND
Clár Oibre
Nuacht agus Imeachtaí
Foilseacháin
DVD
Gníomhaíochtaí Taighde
Maoiniú Taighde
Aigneachtaí
Naisc
FOI
 
Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
8th Floor
Hawkins House
Hawkins St.
Dublin 2

Teileafón: +353 1 6354283
Ríomhphost: info@nacd.ie

Uaireanta Oscailte
9.00rn go 5.00in

National Development Plan
Baile Teagmhálacha Mapa Suímh Cuardach Bearla
  Prevention, Consequences, Prevalence, Treatment, Rehabilitation ..
 Tá tú anseo:   Baile > Gníomhaíochtaí Taighde > Teideal an Taighde

Suirbhé Daonra Ginearálta d’Úsáid Drugaí 2002/2003 (Anailís Leanúnach)

Mionteagasc Taighde:
Chun leithead agus pátrún úsáid drugaí a thomhas sa daonra ginearálta ar oileán na hÉireann. Is tionscadal comhoibrithe seo le hAonad Faisnéise agus Taighde ar Dhrugaí agus Alcól i dTuaisceart Éireann sa Roinn Sláinte, Seirbhísí Sóisialta agus Sábháilteacht Phoiblí.

Dámhadh an tairiscint ar:
Dámhadh an tairiscint ar MORI MRC.

Dul chun cinn:
Tuarisceoidh an suirbhé daonra rátaí leitheadúlachta agus leanúnachas maidir leis na drugaí mídhleathacha is coitinne sa daonra ginearálta in aghaidh inscne agus grúpaí aoise; déanfar gaolta tras-tíre a mheas idir pátrúin ghinearálta úsáid drugaí mídhleathacha agus dleathacha; agus déanfar na gaolta idir tréithe daonra ar leith agus úsáid drugaí mídhleathacha.

Rinneadh an suirbhé idir mí Dheireadh Fómhair 2002 agus mí Aibreáin 2003 ag baint úsáide as ceistneoir réamhullmhaithe (bunaithe ar cheistneoir samhla an EMCDDA) agus agallaimh duine le duine i measc an aoisghrúpa 15-64 a bhíonn ina gcónaí i dteaghlaigh in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Cuireadh agallamh ar rannpháirtithe faoi úsáid gach cineál druga, alcól, tabac, cógais ordaithe agus drugaí mídhleathacha san áireamh. Bhí faisnéis ar úsáid saolré, úsáid na bliana roimhe agus na míosa roimhe ach ar chinn de na ceisteanna a ndearnadh scrúdú orthu.
70% in Éirinn agus 63% i dTuaisceart Éireann an ráta freagartha don suirbhé. 8,442 (4,925 in Éirinn agus 3,517 i dTuaisceart Éireann) an sampla deireanach a baineadh amach.

Tá an anailís ag dul ar aghaidh

Dáta críochnaithe:
Meitheamh 2003

Foilseacháin:

Feasachán 1: Úsáid Drugaí in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann - Na Chéad Torthaí (leasaithe) ón Suirbhé Leitheadúlachta Drugaí 2002/2003

Scaipeadh:
Rinneadh 3,000 cóip de Fheasachán 1 a chur i gcló agus a scaipeadh go forleathan ó Thuaidh agus ó Dheas toisc go raibh an-suim ó na meáin chumarsáide agus ón bpobal i gcoitinne inti. Tá cóipeanna d'Fheasachán 1 leasaithe ar fáil faoi láthair ar an suíomh gréasáin.

Feasachán 2: Torthaí Úsáide Drugaí in Éirinn & i dTuaisceart Éireann- Bord Sláinte (Éire) & Bord Sláinte & Seirbhísí Sóisialta (TÉ) (Leasaithe)

Scaipeadh:
Rinneadh 3,000 cóip de Fheasachán 2 a chur i gcló agus a scaipeadh go forleathan ó Thuaidh agus ó Dheas toisc go raibh an-suim ó na meáin chumarsáide agus ón bpobal i gcoitinne sa suirbhé. Tá cóipeanna d'Fheasachán 2 leasaithe ar fáil faoi láthair ar an suíomh gréasáin.

Feasachán 3: Úsáid Drugaí in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann ón Suirbhé Leitheadúlachta Drugaí 2002/2003 – Feasachán 3 - Torthaí Canabais

Scaipeadh:
Rinneadh 3,000 cóip de Fheasachán 3 a chur i gcló agus a scaipeadh go forleathan ó Thuaidh agus ó Dheas toisc go raibh an-suim ó na meáin chumarsáide agus ón bpobal i gcoitinne sa suirbhé. Tá cóipeanna ar fáil faoi láthair ón oifig agus ar an suíomh gréasáin.

Feasachán 4: Úsáid Drugaí in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann ón Suirbhé Leitheadúlachta Drugaí 2002/2003: Torthaí Cóicín: Feasachán 4

Scaipeadh:
Rinneadh 3,000 cóip de Fheasachán 4 a chur i gcló agus a scaipeadh go forleathan ó Thuaidh agus ó Dheas toisc go raibh an-suim ó na meáin chumarsáide agus ón bpobal i gcoitinne sa suirbhé. Tá cóipeanna ar fáil faoi láthair ón oifig agus ar an suíomh gréasáin.

Feasachán 5: Úsáid Drugaí in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann ón Suirbhé Leitheadúlachta Drugaí 2002/2003: Torthaí Ildrugaí: Feasachán 5

Scaipeadh:
Rinneadh 2,000 cóip de Fheasachán 5 a chur i gcló agus a scaipeadh go forleathan ó Thuaidh agus ó Dheas toisc go raibh an-suim ó na meáin chumarsáide agus ón bpobal i gcoitinne sa suirbhé. Tá cóipeanna ar fáil faoi láthair ón oifig agus ar an suíomh gréasáin.

Feasachán 6: Úsáid Drugaí in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann ón Suirbhé Leitheadúlachta Drugaí 2002/2003: Torthaí támhachán, suaimhneasán, frithdhúlagrán: Feasachán 6

Scaipeadh:
Rinneadh 2,000 cóip de Fheasachán 6 a chur i gcló agus a scaipeadh go forleathan ó Thuaidh agus ó Dheas toisc go raibh an-suim ó na meáin chumarsáide agus ón bpobal i gcoitinne sa suirbhé. Tá cóipeanna ar fáil faoi láthair ón oifig agus ar an suíomh gréasáin.

Eatraimh Muiníne: Úsáid Drugaí in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann - Na Chéad Torthaí (Leasaithe) ón Suirbhé Leitheadúlachta Drugaí 2002/2003; Feasachán 1: Eatraimh Mhuiníne

Scaipeadh:
Le fáil ar an suíomh gréasáin

Eatraimh Mhuiníne: Torthaí Úsáide Drugaí in Éirinn & i dTuaisceart Éireann - Bord Sláinte (Éire) & Bord Sláinte & Seirbhísí Sóisialta (TÉ) (Leasaithe): Feasachán 2: Eatraimh Mhuiníne

Scaipeadh:
Le fáil ar an suíomh gréasáin

Tuarascáil Theicniúil: Suirbhé Leitheadúlachta Drugaí Uile-Éireann 2002/2003: Tuarascáil Theicniúil

Scaipeadh:
Le fáil ar an suíomh gréasáin

Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí
Baile | Teagmhálacha | Mapa suímh | Cuardach | Faoin gCCND | Nuacht agus Imeachtaí | Foilseacháin | Gníomhaíochtaí Taighde| Clár Oibre | Maoiniú Taighde | Naisc