Dé-ghalaraithint
Mionteagasc taighde:
Stuchtúir sláinte meabhrach agus seirbhísí andúile
agus conas mar a chleachtann siad agus a bhainistíonn siad dé-ghalaraithint
a scrúdú.
Bronnadh an tairiscint ar:
Bronnadh an tairiscint ar
an Uasal Liam McGabhann, Scoil Altranais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha
Cliath.
Dul chun cinn:
Tosaíodh ar an tionscadal i mí na Samhna
2002 agus glacadh le cáipéis spriocanna an tionscadail go luath
i 2003. Saineolaí amháin nach raibh ina bhall den CCND agus
baill den fho-choiste coireála a bhí sa ghrúpa comhairleach
taighde. Rinneadh an obair allamuigh idir mí an Mhárta 2003
agus mí Mheán Fómhair 2003 ag tosú ar dtús
le Fóram Oscailte i limistéar boird sláinte amháin
chun ceisteanna a phlé go mion. Stiúir é seo chomh maith
leis an t-athbhreithniú litríochta agus an mionteagasc taighde
ionstram an tsuirbhé taighde. Rinneadh agallaimh theileafóin
le roinnt soláthraithe seirbhísí chun léargais
bhreise a fháil. Tá anailís na sonraí críochnaithe
anois agus tá chéad tuarascáil leis an ngrúpa
comhairleach taighde le haghaidh scrúdaithe agus aiseolais. Tá an
Tuarascáil Dheireanach foilsithe ag an gCCND agus tá moltaí curtha
faoi bhráid an Rialtais.
Foilsithe:
Mí na Samhna 2004.
Craobhscaoileadh:
Tá craobhscaoileadh leathan, go grúpaí Sláinte
Meabhrach, grúpaí Andúile, agus Tascfhórsa Drugaí.
Tá cóipeanna den tuarascáil le fáil ar an idirlíon
nó ón oifig.
Féach ar an tuarascáil fhoilsithe: Seirbhísí Sláinte
Meabhrach agus Andúile agus
Bainistiú Dé-ghalaraithinte in Éirinn.
 |
| | | | | | | | | | | |
|