Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
8th Floor
Hawkins House
Hawkins St.
Dublin 2
Teileafón: +353 1 6354283
Ríomhphost: info@nacd.ie
Uaireanta Oscailte 9.00rn go 5.00in
 |
|
 |
Staidéar Pobail
Mionteagasc Taighde:
Mar chuid dá chuid oibre i ndáil le hiarmhairtí fadhb-úsáide
drugaí in Éirinn, choimisinigh an CCND staidéar chun
scrúdú a dhéanamh maidir le conas mar a d’athraigh taithíonna pobal
ar staid na ndrugaí ó 1996. Mholamar 1996 mar phointe tosaithe
nuair a foilsíodh an Chéad Tuarascáil Aireachta ar
Bhearta chun an tÉileamh ar Dhrugaí a Laghdú. Tharla leibhéal
suntasach de ghníomhaíocht reachtúil agus neamh-reachtúil
laistigh de phobail is mó a ngoilleann fadhb an hearóin orthu ó 1996.
Agus an taighde seo á dhéanamh, táthar ag súil
go mbunóidh an conraitheoir staidéar bunaithe ar thrí phobail
ar a laghad a bhfuil taithí suntasach acu ar fhadhbanna drugaí.
Déanfar sa Staidéar seo ar thaithíonna Pobail fachtóirí a
aithint agus a scrúdú a thabharfaidh aghaidh ar na rudaí a
leanas:
- Conas mar a ghoill fadhb/staid na ndrugaí ar na pobail
seo? Sa chomhthéacs seo, beidh ar an gconraitheoir na táscairí de
fhadhb dhrugaí phobail, bunaithe ar thaithí na bpobal ar
fhadhbanna drugaí ina gcomharsanacht, agus na ceisteanna socheacnamaíochta
agus struchtúracha a dtuigtear go n-éascann siad na fadhbanna
seo, a fhorbairt;
- Conas mar a d’athraigh an taithí seo ó 1996?
- Léirigh na tionscnaimh éagsúla a forbraíodh
sna blianta ó shin a mbraitheann na pobail go raibh tionchar acu
ar an athr ú seo;
- Sa chomhthéacs seo, conas mar a bhí taithí na
bpobal i ndáil lena rannpháirtíocht i bpleanáil
agus i gcur-i-gcr ích na dtionscnamh seo?
- Measúnaigh conas mar a chuaigh an bonneagar pobail a
cuireadh ar bun ó 1996 i dtionchar nó i bhfeidhm ar thaithíonna
an phobail ar na tionscnaimh éagsúla agus a gcuid torthaí.
Scrúdaigh cumas na dtionscnamh seo le haghaidh rannpháirtíocht
pobail agus baint pobail leo
;
- Céard iad na ceachtanna gur féidir a fhoghlaim
chun dul i bhfeidhm ar fhorbairt sa todhcha í i
bpobail chomhsúile?
Dul Chun Cinn go dtí seo:
Tá an Grúpa Comhairleach Taighde ar bun agus tosaíodh
ar an tionscadal go luath i 2003. Glacadh le cáipéis chuspóirí an
tionscadail, thoil trí phobal le páirt a ghlacadh ann, agus earcaíodh
cúntóirí taighde áitiúla don fhoireann.
Cuireadh oiliúint ar fáil. Tá bailiú sonraí faoi
lánseol agus tá an staidéar ag dul ar aghaidh go maith.
Tá súil le dréacht-thuarascáil ag deireadh 2005.
Bronnadh an tairiscint ar:
Dr Hilda Loughran agus Dr Mary Ellen McCann ag Roinn na Staidéar
Sóisialta, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha
Cliath.
Dáta críochnaithe:
Go deireanach i 2005.
 |
| | | | | | | | | | | |
|