Úsáid Chóicín in Éirinn
Mionteagasc taighde:
Na sonraí atá le fáil ar chóicín
in Éirinn a bhailiú agus a scrúdú féachaint
chuig comhairle a chur ar an Rialtas faoin gceist.
Bronnadh an tairiscint
ar:
Níor éisíodh tairiscint dó seo. Rinne foireann
agus baill choiste an CCND an obair seo.
Dul chun cinn:
Leagadh amach trí mhí leis
na sonraí a bhailiú ó mhí Mheán Fómhair
2002 go mí na Samhna 2002. Níorbh fhéidir áfach
na sonraí uile a thabhairt le chéile laistigh den bhfráma
ama sin agus síníodh go luath 2003 é. Bailíodh
sonraí ó raon leathan foinsí mar choireáil dhrugaí,
sonraí gabhála an Gharda, agallaimh le húsáideoirí cóicín,
agus rinneadh athbhreithniú litríochta tacaíochtach
gearr. Ullmhaíodh tuarascáil don gCCND, leasaíodh í,
agus cuireadh faoi bhráid an Rialtais i mí Aibreáin
2003 í.
Foilsithe:
M í na Nollag 2003.
Craobhscaoileadh:
Scaoileadh
an tuarascáil i mí na Nollag 2003 agus tionóladh seimineár
leath-mhaidine chun na torthaí a chraobhscaoileadh. Cuireadh cóip
go dtí an Aire Stáit, an tUasal Noel Ahern. Priontáladh
tuairim is 1,500 cóip den tuarascáil toisc na suime leithne
sa cheist. Cuireadh an foilseachán timpeall go luchtanna éisteachta
lárnacha agus go grúpaí leasmhara mar an Grúpa
Idir-rannach ar Dhrugaí , Foireann na Straitéise Náisiúnta
ar Dhrugaí, tascfhorsaí drugaí áitiúla
agus réigiúnda, soláthraithe seirbhísí agus
grúpaí leasmhara eile, chun roinnt díobh a luadh. Tá cóipeanna
den tuarasc áil le fáil ar an idirlíon.
Féach ar
an tuarascáil fhoilsithe: Forléargas ar Úsáid
Chóicín in Éirinn
 |
| | | | | | | | | | | |
|