Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
1ú Urlár, Dún Aimhirgín
43/49 Bóthar Mespil,
Baile Átha Cliath
Teileafón: +353 1 647 3240
Faics: +353 1 647 3150
Ríomhphost: info@nacd.ie
Uaireanta Oscailte 9.00rn go 5.00in
 |
|
 |
Téarmaí Tagartha
Téarmaí Tagartha na bhFochoistí
Le cois Choiste an CCND, bhunaigh an CCND struchtúr fochoiste chun éascú lena chlár saothair a fhorbairt agus a chur i ngníomh, agus comhthoghtar roinnt dá chomhaltaí mar gheall ar a saineolas nó toisc go bhfuil baint áirithe acu le hobair an choiste. Bíonn roinnt comhaltaí ag fónamh ar bhreis is coiste amháin (Féach Aguisín 1 le haghaidh mionsonraí ar chomhaltaí).
Threoraigh clár saothair reatha an CCND, a leagtar amach thíos, gníomhartha an Choiste, a fhochoistí agus a fhoirne.
Fardal Taighde agus Faisnéise
- Fardal cuimsitheach a thiomsú de thaighde, d’fhaisnéis agus de thacair shonraí atá ann cheana féin agus a bhaineann le luathrabhadh agus treochtaí atá ag teacht chun cinn, leitheadúlacht, cosc, cóireáil/athshlánúchán, agus iarmhairtí na mí-úsáide drugaí in Éirinn.
Nósanna Feabhsaithe le Taighde agus Bailiú Sonraí a Chomhordú
- Bealaí cumarsáide a oscailt le gníomhaireachtaí buntábhachtacha lena chinntiú go gcoinneofar an CCND ar an eolas faoi aon taighde nua a bhfuiltear ag tabhairt faoi nó faoi shonraí nua atá á mbailiú
- Líonra taighde a bhunú lena gcinnteofar gur fearr mar a chomhordófar agus a lánpháirteofar tionscadail taighde i measc gníomhaireachtaí ábhartha agus go mbainfear an oiread úsáid as acmhainní agus is féidir i gcomhthéacs chlár taighde an CCND.
Iarmhairtí
Is é aidhm an fhochoiste maidir le hIarmhairtí ná tionchar na bhfadhbanna drugaí ar an tsochaí a scrúdú ó thaobh:
- básanna a raibh baint ag drugaí leo
- éifeachtaí drugaí ar an teaghlach agus ar phobail
- an gaol idir drugaí agus an choireacht
- na modhanna le dul i ngleic leis an núis shóisialta a bhaineann leis an mí-úsáid drugaí
Luathrabhadh Treochtaí atá ag Teacht Chun Cinn
Is é aidhm an fhochoiste maidir le Luathrabhadh agus Treochtaí atá ag Teacht Chun Cinnná:
- Faisnéis a fháil ó fhoinsí Náisiúnta agus an AE maidir le Substaintí Nua Sícighníomhacha atá ina n-údar imní i gcomhthéacs an Chinnidh ón gComhairle 2005/387/JHA maidir le faisnéis a mhalartú, rioscaí a mheasúnú agus substaintí nua sícighníomhacha a rialú, agus an fhaisnéis sin a roinnt agus monatóireacht a dhéanamh thar ceann an CCND air.
- Faisnéis a fháil faoi threochtaí agus phatrúin atá ag teacht chun cinn maidir leis an úsáid drugaí go háirithe an úsáid ildrugaí agus rioscaí gaolmhara, agus an fhaisnéis sin a roinnt agus monatóireacht a dhéanamh thar ceann an CCND air.
- Monatóireacht a dhéanamh ar an obair atá á forbairt ar leibhéal an AE (freagracht EMCDDA nó an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí) maidir le treochtaí atá ag teacht chun cinn, chun cuimhneamh ar an obair a chur i ngníomh in Éirinn.
- Monatóireacht a dhéanamh ar na tuairiscí chuig an gCóras Luathrabhaidh ar bhonn ráithiúil faoi threochtaí atá ag teacht chun cinn agus faoi Shubstaintí Nua Sícighníomhacha, ach níos minicí más gá i bhfianaise cúinsí
- Bealaí nua a scrúdú le faisnéis íogair a fháil ar athruithe ar phatrúin na húsáide drugaí agus ar threochtaí.
- Cuimhneamh ar na himpleachtaí a bhaineann le hathruithe ar mhargaí drugaí agus ar líonraí dáileacháin ar féidir leo dul i bhfeidhm ar an tóir a bhíonn ar shubstaintí sícighníomhacha áirithe.
- Athbhreithniú a a dhéanamh ar na tuairiscí measúnachta rioscaí arna soláthar ag an EMCDDA, agus a mhéid is a bhaineann siad le cúrsaí in Éirinn a dhéanamh amach agus comhairle a thabhairt don Rialtas dá réir.
Leitheadúlacht
Is é aidhm an fhochoiste maidir le Leitheadúlacht ná:
- Méid agus tréithe na bhfadhbanna drugaí in Éirinn a dhéanamh amach
- Fairsinge agus tréithe na húsáide codlaidíneach agus na húsáide ildrugaí a dhéanamh amach chomh maith le patrúin úsáide drugaí (ag baint triail astu, úsáid ar uairibh, go rialta, ar chúiseanna seachas cúiseanna leighis agus an fhadhbúsáid) go háirithe i measc daoine óga faoi bhun 25
- Treochtaí atá ag teacht chun cinn a aithint chomh maith leis an spré geografach
- Fairsinge agus tréithe fhadhbúsáid na ndrugaí a fhaightear ar oideas, a dhéanamh amach.
- Leitheadúlacht na mí-úsáideoirí drugaí, nach bhfuil i dteagmháil le seirbhísí cóireála, a dhéanamh amach
Cosc
Is é aidhm an fhochoiste maidir le Cosc ná:
- Éifeachtacht na múnlaí agus na gclár coisc atá ann faoi láthair a scrúdú ó thaobh a dtionchair agus a dtorthaí agus aird ar leith a thabhairt ar ionstraimí meastóireachta arna bhforbairt ar leibhéal Eorpach
- Tabhairt faoi staidéir chomparáideacha ar mhúnlaí difriúla agus aird ar leith a thabhairt orthu siúd atá i bhfeidhm i limistéir na dTascfhórsaí Áitiúla ar Dhrugaí (TFÁD)
- A inaistrithe is atá múnlaí, i measc spriocghrúpaí difriúla, a dhéanamh amach.
Cóireáil/Athshlánúchán
Is é aidhm an fhochoiste maidir le Cóireáil/Athshlánúchán ná:
- Éifeachtacht na múnlaí agus na gclár cóiréala agus athshlánúcháin atá ann faoi láthair a scrúdú ó thaobh a dtionchair agus a dtorthaí
- Tionchar shuíomh na cóireála a scrúdú
- An comhthéacs, ina dtarlaíonn sé go n-athiompaíonn duine ar úsáid a bhaint as drugaí, a scrúdú.
- Tabhairt faoi staidéir fhadaimseartha ar éifeachtacht na múnlaí cóiréala agus athshlánúcháin atá ann cheana féin
Téarmaí Tagartha: Grúpaí Comhairleacha um Thaighde ag CCND
Is é príomhról an Ghrúpa Chomhairligh um Thaighde ná tionscadail taighde a threorú agus a bhainistiú ón uair a thionscnaítear iad go dtí go gcuirtear i gcrích iad. Beidh an méid seo a leanas san áireamh i dtéarmaí tagartha mar sin:
- Monatóireacht a dhéanamh ar an taighde agus tacú leis trí gach céim dá phróiseas forbartha
- An cháipéis ina bhfuil cuspóirí an tionscadail a chomhaontú.
- Faisnéis a chur ar fáil don phróiseas taighde agus forbairt an dearaidh nó breisiú/athruithe ar an dearadh a chomhaontú.
- Comhairle phraiticiúil a sholáthar sa chás go dtagann deacrachtaí chun cinn i rith chéimeanna éagsúla an taighde.
- Cinntiú go bhfaighfear cead ó thaobh cúrsaí eitice sa chás gur gá ón gcoiste ábhartha um eitic thaighde.
- Polasaí foilsiúcháin agus cóipchirt an CCND a chomhlíonadh faoi mar atá ráite i gconarthaí an CCND.
- Maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas leis an tionscadal taighde a bhainistiú, agus clocha míle agus dul chun cinn a rianú.
- Athbhreithniú a dhéanamh ar dhréachtaí ar thuairiscí maidir le dul chun cinn agus ar thuairiscí deiridh chomh maith agus aiseolas a sholáthar sa chás gur cuí maidir le riachtanais an CCND ó thaobh ábhar a bheidh le breithniú agus le foilsiú.
- Tuairisciú chuig an gCCND agus chuig an bhfochoiste cuí maidir le dul chun cinn na dtionscadal taighde.
Dréacht deiridh na tuairisce, a bheidh le cur faoi bhráid an CCND go gceadófar agus go gcomhaontófar moltaí atá le déanamh don Rialtas, a fhaomhadh.
 |
| | | | | | | | | | | |
|