Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
8th Floor
Hawkins House
Hawkins St.
Dublin 2
Teileafón: +353 1 6354283
Ríomhphost: info@nacd.ie
Uaireanta Oscailte 9.00rn go 5.00in
 |
|
 |
Dr Des Corrigan, Cathaoirleach
Stiúrthóir Scoil na Cógaisíochta, Coláiste
na Tríonóide is ea an Dr Corrigan. Tháinig sé amach
mar Chógasóir ó Choláiste na hOllscoile,
BÁC i 1965. Tá PhD aige sa Chógaisíocht
agus toghadh é mar Chomhalta de Chumann Cógaisíochta
na hÉireann i 1989. Tá baint aige le réimse na
ndrugaí ó 1968 nuair a sholáthair sé féin
agus a chomhleacaithe seirbhís anailíseach don Scuad
Drugaí nua-bhunaithe. Ó 1980 tá baint aige i ngníomhaíochtaí coisc
ag obair le múinteoirí, grúpaí tuismitheoirí agus
gairmithe cúraim sláinte ag déaláil le
faisnéis fhíriciúil ar éifeachtaí drugaí. Ó 1995
b’ionadaí na hÉireann é d’Ionad Monatóireachta
na hEorpa ar Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí (IMEDAD)
- lonnaithe i Liospóin. Bhí sé sa Chathaoir ar
an gCoiste um Mheasúnú Riosca le haghaidh Drugaí Sintéiseacha
Nua a bhunaigh an tAE. Ba chathaoirleach é freisin ar Thascfhórsa Áitiúil
Drugaí Dhún Laoghaire/Rath an Dúin ó 1997
go 2000. Tá sé ina údar ar Fíricí faoi
Mhí-úsáid Drugaí in Éirinn, a d’fhoilsigh
an tAonad Chothú Sláinte den Roinn Sláinte agus
Leanaí. Tá staidéir eolaíochta foilsithe
aige ar eacstais agus ar dhrugaí sintéiseacha eile in
Addiction Biology agus sa Journal of Pharmacy and Pharmacology.
Ar ais go liosta
na mball
 |
| | | | | | | | | | | |
|