Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Drugaí
1ú Urlár, Dún Aimhirgín
43/49 Bóthar Mespil,
Baile Átha Cliath
Teileafón: +353 1 647 3240
Faics: +353 1 647 3150
Ríomhphost: info@nacd.ie
Uaireanta Oscailte 9.00rn go 5.00in
 |
|
 |
 |
| Tá tú anseo: Baile > Faoin gCCND |
 |
Faoin gCCND Réamhrá Bunaíodh an CCND i mí Iúil 2000 faoi choimirce na Roinne
Turasóireachta, Spóirt agus Áineasa chun taighde ar cheisteanna
a bhaineann le drugaí a dhéanamh, a choimisiúnú agus
a scagadh, agus chun an Rialtas a chomhairliú faoi fhorbairt bheartas
sa réimse seo. Ó Mheitheamh 2002, is faoi choimirce na Roinne
Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a thagann an CCND.
Bunaíodh an CCND tar éis chéim fhorbartha dhá bhliana
inar tionóladh grúpa eatramhach chun moltaí a dhéanamh
agus chun clár oibre trí bliana de thaighde agus de mheastóireacht
a cheapadh. Ghlac an Rialtas leis na moltaí seo agus bunaíodh
an CCND chun an clár oibre a chur i bhfeidhm.
Tuairiscíonn an Coiste don Aire Stáit ar a bhfuil cúram
speisialta don Straitéis Náisiúnta Drugaí. Is é a
sprioc an Rialtas a chomhairliú maidir le leitheadúlacht, cosc,
cóireáil/athshlánúchán agus iarmhairtí fadhb-úsáide
drugaí in Éirinn, bunaithe ar a scagadh ar thorthaí taighde
agus ar eolas atá ar fáil dó. Síneadh sainordú an CCND go Iúil 2008 chun réiteach
le Straitéis Náisiúnta Drugaí 2001-2008 le buiséad
de €1.3 milliún in aghaidh na bliana. Tá ceithre eilimint
lárnacha sa Chlár Oibre do 2005/2008:
- Taighde coimisiúnaithe
- Taighde deontaschúnta
- Taighde inmheánach
- Cumarsáid
Céard é an CCND? Tá sé ríthábhachtach faisnéis a bhailiú,
eolas a fhorbairt agus cur le tuiscint ar na fáthanna go dtagann fadhbanna
drugaí chun cinn le daoine áirithe agus nach dtagann le daoine
eile. Caithfimid a bheith ar an eolas céard atá le déanamh,
cathain, agus conas, má táimid chun aon difear a dhéanamh do shaolta
na ndaoine a dtéann mí-úsáid drugaí i bhfeidhm
orthu. Bhunaigh an CCND struchtúr fo-choistí chun forbairt agus cur-i-bhfeidhm
a chláir oibre a éascú. Liostáiltear na fo-choistí seo
thíos:
- Iarmhairtí: Tionchar úsáide
drugaí ar dhaoine aonair, ar theaghlaigh agus ar phobail
- Luathrabhadh & Treochtaí atá ag
Teacht Chun Cinn: Nasctha leis an EMCDDA,
déantar muid a chur ar an airdeall ar dhrugaí sintéiseacha
nua agus déantar monatóireacht ar threochtaí úsáide
drugaí.
- Leitheadúlacht: : Líon
na ndaoine ag úsáid drugaí, na cineálacha drugaí,
aois na ndaoine ag úsáid, agus na limistéir ina n-úsáidtear
iad.
- Cosc: Gníomhaíochtaí dírithe
ar úsáid drugaí a laghdú sa dhaonra/sna daonraí ginearálta
agus sainiúil/sainiúla.
- Cóireáil/Athshlánúchán: Gníomhaíochtaí dírithe
ar iompar a athrú nó a mhodhnú chun úsáid
drugaí agus díobháil a laghdú agus chun athiompú a
chosc.
 |
| | | | | | | | | | | |
|