National Advisory Committee on Drugs
About the NACD
Work Programme
News and Events
Publications
Research Activities
Research Funding
Links
 
NACD
3rd Floor
Shelbourne House
Shelbourne Road
Ballsbridge
Dublin 4

Tel: +353 1 667 0760
Fax: +353 1 667 0828
Email: info@nacd.ie

Opening Hours

9.00am to 5.00pm

National Development Plan
Home Contact Us Site Map Search
  Prevention, Consequences, Prevalence, Treatment, Rehabilitation ..
 You are here:   Home > Cúlra an CCND

Réamhrá

Bunaíodh an CCND i mí Iúil 2000 faoi scáth na Roinne Turasóireachta, Spóirt agus Áineasa chun taighde ar shaincheisteanna a bhaineann le drugaí a dhéanamh, a choimisiúnú agus anailís a dhéanamh air, agus chun comhairle a thabhairt don Rialtas faoi fhorbairt bheartas sa réimse. Ó mhí Mheithimh 2002, tagann an CCND faoi scáth na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Bunaíodh an CCND tar éis chéim fhorbartha dhá bhliain inar tionóladh grúpa eatramhach chun moltaí a dhéanamh agus clár saothair thaighde agus mheastóireachta trí bliana a cheapadh. Ghlac an Rialtas leis na moltaí seo agus bunaíodh an CCND chun an clár saothair a chur i bhfeidhm.

Tuairiscíonn an Coiste chuig an Aire Stáit a bhfuil freagracht ar leith air as an Straitéis Náisiúnta Drugaí agus tá buiséad €3.8 milliún aige i rith thréimhse na dtrí bliana go deireadh 2003. Is é a sprioc ná comhairle a thabhairt don Rialtas maidir le leitheadúlacht, cosc, cóireáil/athshlánúchán agus iarmhairtí fhadhb-úsáid drugaí in Éirinn arna bunú ar a anailís ar thorthaí taighde agus ar fhaisnéis a bhíonn ar fáil dó.

Céard é an CCND?

Tá sé fíor-riachtanach faisnéis a thiomsú, eolas a fhorbairt agus tuiscint a mhéadú ar an bhfáth go dtagann fadhbanna drugaí chun cinn i roinnt daoine agus nach dtarlaíonn sin i gcás daoine eile. Ní mór go mbeadh a fhios againn céard atá le déanamh, cathain atá sé le déanamh agus conas, má tá aon difear le déanamh againn ar shaol na ndaoine a dtéann mí-úsaid drugaí i bhfeidhm orthu.

Bhunaigh an CCND struchtúr fo-choiste chun é ascú lena chlár saothair a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Tá na fo-choistí seo liostaithe thíos:

Iarmhairtí:

Tionchar na húsaide drugaí ar dhaoine aonair, ar theaghlaigh agus ar phobail

Luathrabhadh Treochtaí atá ag Teacht Chun Cinn:

Nasctha leis an IMEDAD , cuireann sé ar an eolas muid faoi dhrugaí sintéiseacha nua agus déanann monatóireacht ar threochtaí ó thaobh úsáid drugaí

Leitheadúlacht:

Cé mhéad daoine a úsáideann drugaí, cén cineálacha drugaí, cén aois iad agus drugaí á n-úsáid acu agus cé na limistéir ina n-úsáidtear iad

Cosc:

Gníomhaíochtaí a bhfuil sé d’aidhm leo úsáid drugaí a laghdú sa/sna daonra(í) ginearálta agus sonrach(a)

Cóireáil/Athshlánúchán:

Gníomhaíochtaí a bhfuil sé d’aidhm leo iompar a athrú nó a bhunathrú chun úsaid drugaí agus díobháil a laghdú agus athiompú a chosc

Ballraíocht

Léiríonn ballraíocht an CCND raon na bpeirspictíochtaí difriúla atá i réimse na mí-úsáide drugaí. Freastalaíonn na baill ar chuireadh an Aire Stáit agus tarraingíodh as na hearnálacha taighde reachtúla, pobail, deonacha agus acadúla iad iné ineacht le hionadaíocht leibhéil shinsearaighó Ranna an Rialtais a bhaineann le hábhar. (Féach Aguisín 1 le haghaidh sonraí na mball).

National Advisory Committee on Drugs
Home | Contact | Site Map | Search | About the NACD | News and Events | Publications | Research Activities| Work Programme | Research Funding | Links